Jacinda Ardern agus Theresa May, is mór idir cur chuige na beirte

Murab ionann agus Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, shílfeá nach bhfuil freagracht ar bith ar Theresa May as a tír

Jacinda Ardern agus Theresa May, is mór idir cur chuige na beirte

Fuair muid léargas an tseachtain seo ar an mbealach le ceannaireacht a léiriú, do phobal sa mbaile a bhreith leat, dul i gcion ar an bpobal idirnáisiúnta agus beart a dhéanamh.

Seachtain sa lá inniu a tharla na hionsaithe uafásacha in Christchurch na Nua-Shéalainne inar maraíodh leathchéad duine. Ba theifigh agus imircigh a bhí tagtha chun na tíre sin an chuid is mó de na daoine a maraíodh.

Bhí go leor acu nach raibh i bhfad ag cur fúthu sa tír. Láithreach le croí mór agus gan aon doicheall, dúirt Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern: ‘Is ionann muid. Nuair a ionsaíonn tú na daoine seo pé creideamh nó cine dár díobh iad, is ionsaí ar an tír ar fad é.’

Dúirt Jacinda Ardern go n-íocfadh an Stát as sochraidí na marbh. Dúirt sí go gcuirfí dlíthe nua faoi ghunnaí i bhfeidhm agus rinneadh sin taobh istigh de sheachtain. Tá sí ag iarraidh go ndéanfaí iniúchadh go hidirnáisiúnta ar an mbealach a dtéann na meáin shóisialta i ngleic le teachtaireachtaí a bhaineann le foréigean, gráin agus ciníochas.

Nuair a gabhadh agus nuair a a cúisíodh fear as an ionsaí, dúirt Jacinda Ardern nach ndéarfadh sí a ainm go brách, nach dtabharfadh sí aitheantas don ghráin a scaip sé agus den uafás a rinne sé. Agus rith sé liom, nuair a shuigh mé síos leis an bpíosa seo a scríobh go bhfuil a ainm imithe as mo chuimhne. Ach níos tábhachtaí fós, imithe as an bplé atá á dhéanamh faoin scéal seo.

Déantar comparáidí go rialta idir an Príomh-Aire Ardern agus an tUachtarán Trump ó tharla gur toghadh an bheirt acu i bhfómhar na bliana 2017. Tá sé soiléir go bhfuil ceachtanna le foghlaim ag an tír is mó ar domhan ina n-úsáidtear gunnaí in ionsaithe faoin mbealach leis an scéal sin a réiteach. Ní hé, caithfidh mé a rá, Donald Trump an ceannaire eile bhí i m’intinn agus mé ag breathnú ar iompar tuisceanach, cineálta, meáite an Phríomh-Aire Ardern an tseachtain seo. Sin an ról atá agam, an tír seo agus a pobal a chosaint, an freagra a bhí ag Jacinda Ardern agus bean eile a tháinig chun cuimhne.

Tá Theresa May ag iarraidh socrú a dhéanamh le himeacht as an Aontas Eorpach. Ní léir go bhfuil sí ag éisteacht le tuairim ná dearcadh ar bith eile faoin ábhar ón 24 Meitheamh 2016. Tá sí ag brú ar aghaidh go dána agus go diongbháilte. ‘Brexit means Brexit’, mar a deir sí féin. Tá sí ag iarraidh beart a dhéanamh de réir ghuth an phobail, a deir sí. Nach bhfuil sé follasach go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an díospóireacht sa mBreatain ó reáchtáladh an reifreann sin?

Thug sí óráid arú aréir ina ndúirt sí go soiléir nach uirthi féin an milleán as praiseach an Bhreatimeachta ach ar an bparlaimint. Is ar na feisirí Parlaiminte atá an milleán agus cúis aiféala di féin ‘go pearsanta’ an mhoill atá ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Ba cheart go mbeadh deireadh tagtha faoin am seo leis an gcaint ar fad ar an mBreatimeacht, ar sí. Ba cheart a bheith ag díriú ar scoileanna, ar an gcóras sláinte agus ar an gcoiriúlacht.  Ba cheart go mbeifí ag iarraidh an tír a aontú.

Níl amhras ar aon duine ach gur cheart, ach cé atá ina Príomh-Aire? Cé atá i bhfeighil na tíre? Nach léi féin an tír agus a pobal a chosaint ón a bheith deighilte, mar a dúirt Jacinda Ardern?

Nach mór atá idir cur chuige na beirte.

Fág freagra ar 'Jacinda Ardern agus Theresa May, is mór idir cur chuige na beirte'