‘It’s War,’ a dúirt fógra Sky. Bhuel, ní baileach é…

Mhúsclódh Sky suim duine i gcoimhlint idir dhá sheangán agus iad ag tabhairt na beatha ar ais chuig an nead, ach téann siad thar fóir uaireanta

‘It’s War,’ a dúirt fógra Sky. Bhuel, ní baileach é…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ó tháinig sé ar an aer 25 bliain ó shin níl sárú Sky Sports ann chomh fada agus a bhaineann sé le do chuid spéise a mhúscailt sa rud atá á thairiscint acu. Idir an chaoi a n-éiríonn leo nascadh a dhéanamh idir dea-scannánaíocht, an ceol agus an guthú, tá mé cinnte go músclódh siad suim duine i gcoimhlint idir dhá sheangán agus iad ag tabhairt na beatha ar ais chuig an nead.

Ní hamháin gur ceardaithe físe iad, ach tuigeann siad go díreach cén sórt intinne atá ag formhór a lucht féachana agus cuireann siad a gcuid fógraíochta in oiriúint dóibh siúd agus don mheon atá acu.

Scór bliain ó shin agus iad ag iarradh a ngnó a chur ar a bhun bhí fógra acu inar mheascadar radharcanna den aisteoir Sean Bean le píosaí imeartha as cluichí i Sasana agus le lucht féachana corraithe.

“It’s ecstasy, anguish, joy and despair,” a deir Bean, “part of our history, our country …and it will be part of our future. It’s theatre, art…”
Dubh agus bán amháin a bhí sna giotaí ina raibh Bean féin agus iad siúd a taispeánadh sna seastáin agus ar na céimeanna – ceangal leis an am arbh iad cosmhuintir na háite ba mhó a bhíodh le feiceáil ag cluichí a gclubanna. Taispeánadh imreoirí ag rith ó bhun na gcéimeanna céanna go dtí a mbarr agus iad i mbun traenála agus orthu siúd a bhí le feiceáil ag imirt, bhí an té ba mhó a raibh cion air i Sasana ag an am, Alan Shearer, mar aon leis an té ba mhó a raibh gráin ansiúd air, seans, Eric Cantona – eachtrannach dar ndóigh.

Tá rudaí athraithe go mór sa Premiership ó d’éirigh Shearer agus Cantona as.
Sa mbliain 1992 nuair a tháinig sé i gceist go mbeadh airgead le híoc den chéad uair riamh ag an té a bheadh ag iarraidh cluiche sacair a fheiceáil beo ar an teilifís sa mBreatain nó sa tír seo, ba £304 milliún ab fhiú an conradh a shínigh Sky leis an Premier League do na 5 shéasúr a lean. £5 billiún is fiú an conradh a shínigh siad féin agus BT Spórt leis an eagraíocht i mbliana, i socrú a mbeidh deireadh leis in 2019.

Tá athrú ó bhonn curtha ag an airgead sin ar an ngaol atá idir an cluiche agus a leathbhádóirí siúd a chonacthas ag pocléimneach ag na cluichí sa bhfíseán dubh agus bán inar labhair Sean Bean.

I bhfocail Roy Keane, is le “lucht na gceapairí cloicheán” is mó atá Old Trafford luaite anois agus áit ag a dhá oiread ann agus a bhí i 1991. Tá Highbury imithe, bhí tráth ann nuair ab é sportsdirect.com@St James’ Park Stadium an t-ainm a bhí ar cheann de na páirceanna is stairiúla i Sasana agus is é an seans céanna atá ann gur ag rith suas agus anuas céimeanna a bhíonn imreoirí an lae inniu agus iad i mbun traenála agus atá gurb é an pá céanna atá siad a shaothrú agus a bhí ag Shearer agus ag Cantona.

Rud amháin nach bhfuil aon athrú air is ea cumas Sky Sports a bheith ag cleasaíocht le meoin an duine. Le gairid agus iad ag bolscaireacht faoin gcluiche idir Manchester City agus Manchester United níorbh aon ábhar iontais gur bhaineadar lánleas as an stair a bheadh idir dhá chlub ar bith atá lonnaithe sa gcathair chéanna. Buntáiste sa mbreis dóibh go dtuairiscítear go bhfuil an dearg-ghráin ag na bainisteoirí ar a chéile – cé gur beag cruthúnas ceart atá air sin.

“It’s War,” a dúirt fógra Sky.

Bhuel, ní baileach é agus an babhta seo sílim iad a bheith gafa beagán thar an gceart, ainneoin a gcuid feabhais agus a gcuid éirime.
Faraor, tá oiread de ar bun go rialta ar fud na cruinne go dtuigeann muid go rímhaith céard is cogaíocht ann agus is mór idir é agus cluiche sacair nár chruthaigh ach gur ag City atá an fhoireann is fearr faoi láthair agus go bhfuil Jose Mourinho chomh postúil, leitheadach agus a bhí sé riamh, ainneoin gan a bheith buaite ag foirne dá chuid ach trí cinn de na 17 cluiche a d’imir siad in aghaidh foirne a bhí faoi cheannas Pep Guardiola.

Ach tá mo dhímheas ar Mourinho tar éis mé a chur ar seachrán!

Is focal é “cogaíocht” nár cheart a bheith luaite riamh le haon iomaíocht lúthchleasaíochta. Is brúidiúlacht, cos ar bolg, bás, brón, uaigneas, uafás, ciapadh, céasadh, gráin, naimhdeas, scrios, gortú agus bascadh a bhíonn luaite leis.
Leag do mhéar faoi cheann amháin féin de na focail sin a bhfuil aon bhaint aige le spórt.

Fág freagra ar '‘It’s War,’ a dúirt fógra Sky. Bhuel, ní baileach é…'

  • Pól Réamonn

    An bhfuil tú ag cúisigh SkyTV na urtheilgean?