‘Ísliú céime’ don teanga é nach bhfuil scrúduithe caighdeánaithe don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla

Cé gur dírithe ar chóras na ndíolúintí go príomha atá an tuarascáil is déanaí Choiste Gaeilge an Oireachtais, tá moltaí eile inti faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais

‘Ísliú céime’ don teanga é nach bhfuil scrúduithe caighdeánaithe don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla

Tá cáineadh géar déanta ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar chur chuige na Roinne Oideachais i leith mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre.

Deireadh le córas díolúine na Gaeilge agus cur chuige nua a chur i bhfeidhm an príomhmholadh sa tuarascáil is déanaí ó Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach tá moltaí eile déanta ag an gcoiste a chuirfeadh feabhas ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais, dar leo.

Ina measc, tá moladh go mbunófaí scrúduithe caighdeánaithe don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla.

Deir an coiste gur “botún” é nach bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, mar atá don Bhéarla agus don Mhatamaitic, agus gur léiriú é “ar mheon an chórais i leith na Gaeilge” nach ndéantar cumas teanga na ndaltaí a scrúdú.

Deirtear go mbraitheann múinteoirí agus tuismitheoirí gur ísliú céime don teanga é nach ndéantar meastóireacht ar an nGaeilge.

Luadh freisin go bhfágann easpa scrúduithe caighdeánaithe don Ghaeilge go mbíonn easpa fianaise agus “cruthúnas oibiachtúil” ar fáil faoi chaighdeán Gaeilge na ndaltaí. Dá bharr sin, ní bhíonn ar mhúinteoirí i scoileanna Béarla tacaíocht bhreise a thabhairt do dhaltaí a bhíonn ag streachailt leis an teanga, a deirtear.

“Fáinne fí is ea an méid a bhíonn ag tarlú sa chóras: ós rud é nach bhfuil scrúdú caighdeánach ann don Ghaeilge, níl aon chúis ann go dtabharfadh múinteoirí i mbunscoil Bhéarla tacaíocht bhreise d’fhoghlaim na Gaeilge.

Molta ag coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh ar fad le córas díolúine na Gaeilge

“Ní thugann an Roinn Oideachais dóthain tacaíochta chuige sin agus ní chuirfidh sí an Ghaeilge san áireamh toisc nach ann don scrúdú caighdeánach don Ghaeilge,” a deirtear.

Deir an coiste go bhfuil dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, ach go bhfuil easnamh ann ó thaobh na tacaíochta atá ar fáil don Ghaeilge.

Luaigh finnéithe a tháinig os comhair an choiste freisin gur fadhb eile a bhí ná an easpa áiseanna don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge.

Moltar freisin sa tuarascáil an cúrsa bonnleibhéil don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach a thabhairt ar ais láithreach bonn. Deir an coiste go bhfuiltear “go mór i gcoinne” an chinnidh deireadh a chur leis an gcúrsa.

“Go deimhin, thug an Comhchoiste dá aire go dtugann múinteoirí iarbhunscoile i scoileanna Gaeltachta le fios go mbíonn togha na Gaeilge labhartha ag go leor daltaí ach go mbeadh deacrachtaí acu le cúrsaí scríbhneoireachta agus seans go bhfáilteoidís roimh an scrúdú bonnleibhéil seachas a bheith ag streachailt leis an nGaeilge sa rang gnáthleibhéil.”

Mhol an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] fáil réidh leis an scrúdú bonnleibhéil sa Ghaeilge don Ardteist mar chuid d’athruithe a bhí beartaithe don Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí ach tá athbhreithniú á dhéanamh anois ar na moltaí sin.

Deir an coiste go bhfuil cur chuige comhtháite i dtaca leis an nGaeloideachas ag teastáil sa státchóras agus go bhfuil gá le nasc níos láidre idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chomh maith leis na ranna rialtais eile.

Moltar sa tuarascáil an obair atá ar siúl ag an Roinn Oideachais i láthair na huaire ar pholasaí don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ach deirtear go gcaithfear na dúshláin uile atá ann don teanga sa chóras a phlé le chéile.

“Aithníonn an Comhchoiste go bhfuil forbairt ar bun i leith bheartas an Ghaeloideachais ach caithfear dlús a chur leis an mbeartas sin, ceist na ndíolúintí a réiteach agus fáil réidh le córas na ndíolúintí faoi mar atá sé ag feidhmiú faoi láthair.”

Fág freagra ar '‘Ísliú céime’ don teanga é nach bhfuil scrúduithe caighdeánaithe don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla'

  • DeirdreUíFh

    Imeallú ar na nua ghaeil a chaithfear a réitiú agus fáil réig leis na díolúintí ach ár ndóig, Béarla amháinig atá ag na diolúinteoirí?

  • Máirín

    Ba cheart an Ardteistiméireacht bonnleibhéal Gaeilge a choinneáil i ngach scoil; scoileanna Gaeltachta san áireamh.
    Ar an taobh eile, tá grúpa eile scoláirí ann a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Teastaíonn siollabas Gaeilge ar leith ó pháistí a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus go mbíonn leabhair Ghaeilge á léamh ag a dtuismitheoirí.
    Tá an Roinn Oideachas agus an NCCA tareís glún iomlán Gaeilgeoirí liofa óga a ligint síos. Dá bhrí sin b’fhiú do thuismitheoirí a bhfuil fonn orthu cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge a chur ar fáil dá bpáistí teacht le chéile sna ceantair Ghaeltachta (agus timpeall ar Ghaelcholáistí) agus socrú a dhéanamh go mbeadh deis ag a gcuid páistí scrúduithe TEG (Teastas Eorpach sa Gaeilge) a dhéanamh le linn na mblianta nach mbíonn scrúdú Stáit ann. De réir a chéile beidh an tuiscint atá ag leithéidí Julian De Spáinn (Conradh na Gaeilge) ag scaipeadh abhus agus sa Bhruiséíl; is é sin nach fiú tráithnín na scrúduithe Gaeilge Ardteiste chun cumas scoláirí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh a chruthú.