Molta ag coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh ar fad le córas díolúine na Gaeilge

I dtuarascáil de chuid choiste Gaeilge an Oireachtais, deirtear nach bhfuil córas na ndíolúintí Gaeilge do dhaltaí scoile ag feidhmiú mar is ceart agus go bhfuil dochar á dhéanamh aige do dhaltaí scoile

Molta ag coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh ar fad le córas díolúine na Gaeilge

Tá sé molta ag coiste Oireachtais go gcuirfeadh an tAire Oideachais deireadh a chur le córas díolúine na Gaeilge agus go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm ina áit.

I dtuarascáil de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a foilsíodh inné, deirtear nach bhfuil córas na ndíolúintí Gaeilge do dhaltaí scoile ag feidhmiú mar is ceart agus go bhfuil dochar á dhéanamh aige do dhaltaí scoile.

Moltar go dtabharfaí córas nua isteach a bheadh bunaithe ar dhíolúintí ó fhoghlaim an dara teanga seachas ar dhíolúintí ón nGaeilge amháin.

Deir an coiste go gcuireann an córas atá faoi láthair ann “ina luí go bréagach ar dhaltaí scoile” go bhfuil foghlaim na Gaeilge “deacair” i gcomparáid le foghlaim teangacha eile

“Is léir don Chomhchoiste nach bhfuil córas reatha na ndíolúintí feiliúnach don fheidhm atá leis agus anuas air sin, go bhfuil dochar á dhéanamh aige do dhaltaí scoile agus don chóras oideachais in Éirinn trí chéile,” a deir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Tar éis don choiste sraith cruinnithe a reáchtáil le páirtithe leasmhara, tá molta ag acu don Aire Oideachais Norma Foley fáil réidh le córas reatha na ndíolúintí ón nGaeilge agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu leis an teanga.

“Tar éis don Chomhchoiste iniúchadh, breithniú agus taighde críochnúil agus caolchúiseach a dhéanamh ar an méadú ollmhór atá tagtha ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí scoile le blianta beaga anuas, nílimid sásta ach aon mholadh amháin a leagan faoi bhráid an Aire Oideachais.

“Is éard atá sa mholadh sin ná go bhfaigheadh an tAire Oideachais réidh le córas na ndíolúintí don Ghaeilge amháin, agus ina áit, go gcuirfeadh sí córas díolúine i bhfeidhm i leith fhoghlaim an dara teanga – is cuma cén dara teanga a bheadh i gceist. Córas díolúine a bheidh anseo le haghaidh cohórt fíorbheag daltaí a bhfuil fíordheacrachtaí acu agus iad ag iarraidh an dara teanga a fhoghlaim.”

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúine isteach in 2019, córas ar dúradh faoi ag an am go ndéanfadh sé rud “annamh” agus “eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge.

Ach léirigh anailís de chuid Tuairisc go bhfuil níos mó díolúintí á mbronnadh ar dhaltaí ná riamh, áfach. Tháinig ardú 45% ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh agus díolúine ó staidéar na teanga bronnta ar bheagnach 50,000 dalta iarbhunscoile ar fad, sin dalta as gach ochtar.

Faoin gcóras a tugadh isteach in 2019, fágadh r faoi phríomhoidí an cinneadh díolúine a bhronnadh ar dhalta ach tá ráite ag Coiste Gaeilge an Oireachtais nach bhfuil an córas sin ag obair.

“Tá an Comhchoiste go mór den tuairim gurb iad síceolaithe oideachais na Roinne Oideachais an t-aon dream amháin atá cáilithe agus oilte chun tabhairt faoin obair seo agus nach bhfuil an cháilíocht ná an oiliúint ag príomhoidí scoile a leithéid de chinneadh a dhéanamh,” a deirtear sa tuarascáil.

Deirtear inti chomh maith nár cheart go mbronnfaí díolúine ar bith ar dhaltaí go dtí go mbeadh an chéad bhliain san iarbhunscoil déanta acu agus nár cheart go ndéanfaí iarratas chun díolúine a lorg ó fhoghlaim an dara teanga go dtí go dtabharfar an deis do dhaltaí tabhairt faoi fhoghlaim na teanga sin ar dtús.

“Cuireann córas reatha na ndíolúintí ina luí go bréagach ar dhaltaí scoile go bhfuil foghlaim na Gaeilge deacair i gcomparáid le teangacha eile agus gurb ann do dhaoine áirithe nach bhfuil sé ar a gcumas í a fhoghlaim, rud nach bhfuil fíor ar chor ar bith.”

Maítear chomh maith go bhfuil an córas ag ceilt deis ar dhaltaí a dteanga dhúchais a fhoghlaim, go bhfuil foghlaim teangacha eile á cur chun tosaigh, go bhfuil deighilt á cruthú idir daltaí atá ag foghlaim na Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil, agus go bhfuil an córas féin ag teacht salach ar an Acht Oideachais 1998.

“Tá an Comhchoiste den tuairim dá mbeadh níos mó tacaíochta ag an nGaeilge agus ag scoileanna trí chéile ón Roinn Oideachais – agus ón Rialtas féin – nach mbeadh an oiread céanna éilimh ar dhíolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar scoile,” a deirtear.

“Ní thagann an córas nua i gcás na ndíolúintí leis an taighde oideachasúil ar an oideachas uilechuimsitheach ná leis na bealaí is éifeachtaí le freastal ar pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu. Séanann an córas reatha – nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart de réir cosúlachta – oidhreacht teanga agus buntáistí cognaíocha an dátheangachais ar chéatadán suntasach daltaí.”

Deir an coiste gur léiríodh dóibh má bhíonn fadhb ag daltaí an dara teanga a fhoghlaim, go gciallaíonn sé sin go mbíonn an fhadhb chéanna acu i gcás gach dara teanga, Deirtear go bhfuil sé “seafóideach” a mhaíomh go mbíonn deacrachtaí foghlama ann i gcás fhoghlaim na Gaeilge ach nach mbíonn a leithéid ann i gcás teangacha eile.

Aithnítear sa tuarascáil go mbíonn líon beag daltaí ann a bhfuil sainriachtanais oideachais acu a fhágann go mbíonn deacrachtaí acu an dara teanga a fhoghlaim. Deirtear gur cheart go mbreathnófaí ar riachtanais shainiúla na ndaltaí sin i dtús báire agus go ndéanfaí socruithe éagsúla chun foghlaim an dara teanga a éascú le haghaidh na ndaltaí sin. Deirtear nár cheart go mbronnfaí díolúine ach ar na daltaí is leochailí, idir 2-3% de dhaltaí uile an chórais, de réir na tuarascála.

Fág freagra ar 'Molta ag coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh ar fad le córas díolúine na Gaeilge'

  • Colm

    Thar am na daoine laistiar den mhias seo a fhiosrú! Náire shaolta iad agus an damáiste atá déanta acu do theanga náisiúnta na tíre. Cé hiad? Cén roinn / eagraíocht go n-oibríonn siad dó? Lean leis an bhfiosrúchán TUAIRISC!

  • Mairead de Faoite

    Maith thú, Colm

  • Sinéad Nic

    Goidé go bhfuil córas na ndíolúintí ann? Bronnta agus á mbronnadh ag monolinguistics idir NEPS san sean chóras agus anois ag daoine i scoileanna nach labhraíonn ach Béarla amháin? Tá fiosrúchán láithreach de dhíth air seo. Níl an cás amhlaidh i dtír na mBascach, sa tSín ná Ceanada. Béarlóirí ag brú aon teangachas ar dhuine óg nach mbeadh de dhíth orthu ach ar thacaíochtaí sa bhreis sa Ghaelinn. Cad é seasamh Ghaeloideachas? An bhfuil aon rud le rá acu faoin ábhar. Maith sibh Conradh na Gaelinne as ucht bhur stocaireachta ar fad. Treise libh as gach iarracht a dhéanann sibh don Ghaelinn agus don Ghaelscolaíocht. Níl aon ghuth eile ag daoine óga ach sibh.

  • Mícheál Ó B.

    Tá an staid seo an-bhrónach don Ghaeilge. Ní thuigim nach bhfuil daoine amuigh ar na sráideanna ag léirsiú faoi. Cad atá ar siúl in aon chor?