Is ‘trua’ le TG4 craoladh fógra ina gciceálann arracht mór carbhán thar imeall aille

Bhí alltacht ar dhaoine gur craoladh ar TG4 mír aitheantais áirithe de chuid an stáisiúin an lá céanna gur maraíodh turasóir mná as an Eilvéis nuair a séideadh a carbhán amach sa bhfarraige le linn Stoirm Ali

Is ‘trua’ le TG4 craoladh fógra ina gciceálann arracht mór carbhán thar imeall aille

Is ‘trua’ le TG4 gur craoladh mír phoiblíochta don stáisiún roimh Nuacht TG4 aréir ina gciceálann arracht mór carbhán le haill.

Bhí alltacht ar dhaoine ar na meáin shóisialta gur craoladh an mhír aitheantais [ident] an lá céanna gur maraíodh turasóir mná as an Eilvéis i gConamara nuair a séideadh a carbhán amach san fharraige. Bhí scéal na mná agus stoirm Ali ar an chéad scéal a bhí ar Nuacht TG4 aréir díreach i ndiaidh na míre poiblíochta.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie gur “trua” le TG4 gur craoladh an mhír phoiblíochta aréir agus nár craoladh ach “uair amháin go huathoibríoch” í sular baineadh den sceideal í.

“Tá an t-aitheantas (indent) seo ag rith ar TG4, mar cheann as sraith de shé cinn, ó 2013 agus tá sé sa sceideal go rialta ó shin. Is trua linn go raibh an t-aitheantas seo sa sceideal aréir. Craoladh é uair amháin go huathoibríoch inné agus baineadh as an sceideal láithreach ansin é. Is oth linn má chuir sé as d’aon duine,” a dúirt urlabhraí de chuid TG4.

Maraíodh Elvira Ferraii, turasóir as an Eilvéis. maidin inné ar an gCladach Dubh i gConamara nuair a séideadh a carbhán amach san fharraige. Chuir an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl do theaghlach na mná.

Bhí Elvira Ferraii ar dhuine de bheirt a maraíodh le linn Stoirm Ali inné.

Maraíodh fear a bhí sna fichidí san Iúr i ndiaidh do chrann titim air le linn dó a bheith ag obair do sheirbhís uisce an tuaiscirt i bPáirc Shliabh gCuillinn. Gortaíodh fear eile a bhí ag obair leis san eachtra agus tugadh go dtí an ospidéal é.

 

Fág freagra ar 'Is ‘trua’ le TG4 craoladh fógra ina gciceálann arracht mór carbhán thar imeall aille'

  • wtf

    ffs!