Is tábhachtaí ceist an ghinmhillte ná ceist na Gaeilge do leath de phobal an Tuaiscirt – pobalbhreith

25% a thug le fios gur thábhachtaí dóibh cearta teanga do Ghaeilgeoirí ná ceist an ghinmhillte agus ní raibh 26% cinnte faoi fhreagra na ceiste

Is tábhachtaí ceist an ghinmhillte ná ceist na Gaeilge do leath de phobal an Tuaiscirt – pobalbhreith

Is mó imní atá ar bheagnach leath de phobal an Tuaiscirt faoi athruithe ar dhlí an ghinmhillte ná mar atá orthu faoi cheist an achta teanga, de réir pobalbhreithe nua.

Sa phobalbhreith nua a rinne an comhlacht LucidTalk don ghrúpa atá in aghaidh an ghinmhillte Both Lives Matter, thug 49% de na daoine a ceistíodh le fios go raibh na hathruithe atá beartaithe ar an dlí maidir le ginmhilleadh ar an gcúis is mó gur chóir feidhmeannas Stormont a athbhunú.

25% a thug le fios gur thábhachtaí dóibh cearta teanga do Ghaeilgeoirí agus ní raibh 26% cinnte faoi fhreagra na ceiste.

Cuireadh ceist ar 1424 duine cén cheist a shíl siad a bhí níos tábhachtaí maidir le hathbhunú an fheidhmeannais, acht teanga nó dlí in aghaidh an ghinmhillte do leanbh sa bhroinn suas go dtí 28 seachtain.

70% d’aontachtaithe agus 80% de vótóirí an DUP a thug le fios gur thábhachtaí leo ceist an ghinmhillte. Maidir le vótóirí Shinn Féin, thug 59% acu le fios gur thábhachtaí dóibh ceist an achta Ghaeilge agus 23% a dúirt gur thábhachtaí ceist an ghinmhillte.

I gcás vótóirí an SDLP 52% a dúirt gur thábhachtaí dóibh ceist an ghinmhillte agus 19% a thug le fios gur thábhachtaí dóibh ceist an achta Ghaeilge.

Chinn feisirí Parlaiminte in Westminster níos túisce i mbliana go dtabharfaí isteach reachtaíocht maidir leis an nginmhilleadh a cheadú ó thuaidh i ndiaidh an 21 Deireadh Fómhair mura mbíonn Stormont i mbun oibre roimhe sin. 

Fág freagra ar 'Is tábhachtaí ceist an ghinmhillte ná ceist na Gaeilge do leath de phobal an Tuaiscirt – pobalbhreith'