‘Onóir’ don Church of Scientology a bheith ‘ag cur le hathbheochan na Gaeilge’ agus ‘fáilte’ curtha ag aistritheoirí roimh ‘chiste €900,000’

Dúirt urlabhraí de chuid na heaglaise go n-aithníonn na hEoleolaithe ‘tábhacht stairiúil agus chultúrtha na Gaeilge’ agus tábhacht na n-iarrachtaí atá ar bun an teanga a chaomhnú

‘Onóir’ don Church of Scientology a bheith ‘ag cur le hathbheochan na Gaeilge’ agus ‘fáilte’ curtha ag aistritheoirí roimh ‘chiste €900,000’

Is “onóir” d’Eaglais na hEoleolaíochta a bheith “ag cur le hathbheochan na Gaeilge” trí cháipéisí a bhfuil 10,000,000 focal iontu a aistriú go Gaeilge, ábhar a bheidh “ar fáil le staidéar a dhéanamh orthu” ag na glúine atá le teacht.

Dúirt urlabhraí de chuid na heaglaise go n-aithníonn na hEoleolaithe “tábhacht stairiúil agus chultúrtha na Gaeilge” agus tábhacht na n-iarrachtaí atá ar bun leis an teanga a chaomhnú.

Mhaígh an t-urlabhraí go raibh go leor teachtaireachtaí dea-mhéine faighte ag an eaglais ó aistritheoirí Gaeilge maidir lena dtogra aistriúcháin.

Tá ábhar na heaglaise ar fáil i mbreis is 50 teanga ar fud na cruinne agus tá togra ar bun ag an eaglais le beagnach dhá bhliain anuas chun ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Thug an eaglais le fios go bhfuil 10,000,000 focal le haistriú agus go bhfuil an fhoireann aistritheoirí Gaeilge acu ag dul i méid “ar bhonn laethúil”. Dúradh go bhfuiltear íoc naoi cent in aghaidh an fhocail le haistritheoirí Gaeilge, rud a fhágann go mbeidh €900,000 nó mar sin caite ag Eaglais na hEoleolaíochta ar an togra faoin am a bheidh sé curtha i gcrích.

Ní raibh urlabhraí na heaglaise sásta a rá cé mhéad aistritheoir atá tar éis glacadh leis an tairiscint dul ag obair dóibh go dtí seo toisc go bhfuil an próiseas earcaíochta fós ar bun.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh “grá faoi leith” ag bunaitheoir na heaglaise, L. Ron Hubbard, do mhuintir na hÉireann agus gur eascair an grá sin as cuairt a thug sé ar  Bhaile Átha Cliath i 1956. Tháinig bunaitheoir an Scientology chun na tíre seo le seimineáir a thabhairt faoi “éifeachtúlacht an duine” — seimineáir a ndearnadh forbairt orthu le haghaidh Cúrsa in Éifeachtúlacht an Duine na nEoleolaithe, bunchúrsa i gcreideamh na heaglaise.

Mhaígh an t-urlabhraí go bhfuil “aiseolas dearfach” faoin togra faighte ag an eaglais ó aistritheoirí Gaeilge agus thug sé roinnt samplaí de theachtaireachtaí dea-mhéine a mhaígh sé a tháinig ó aistritheoirí éagsúla.

I measc na ráiteas sin ar cuireadh ar fáil i mBéarla iad, bhí:

“Faraor nach gcuireann níos mó eaglaisí an teanga s’againne ar a n-ábhar.”

“Bail ó Dhia ar Eaglais na hEoleolaíochta as infheistíocht a dhéanamh inár dteanga.”

“Tá áthas orm go bhfuil na hEoleolaithe ag cur Gaeilge ar a gcuid cáipéisí. Is mór againn é.”

“Cuirim an-spéis go deo, in iliomad bealaí, sa togra seo — go háirithe ó thaobh na teangeolaíochta de! Tá sé fíorspéisiúil.”

“Tá an t-ábhar a chuireann d’eagraíocht ar fáil thar a bheith spéisiúil agus is léir go bhfuil an fhoireann eagraithe, cumasach agus tiomanta a sprioc a bhaint amach. Is dóigh liom gur ábhar inspioráide a bheadh ann a bheith i mo bhall dá leithéid d’fhoireann agus gur bealach cruthaitheach a bheadh ann an comhar a íoc le daoine eile.”

Thug iarbhall de chuid na heaglaise foláireamh d’aistritheoirí Gaeilge an tseachtain seo caite gan baint ná páirt a bheith acu le hEaglais na hEoleolaíochta agus mhaígh sé nach raibh sa togra aistriúcháin ach “eangach atá á caitheamh amach” le breith i ngan fhios dóibh féin orthu siúd a bhfuil dúil sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann acu.

Dúirt JA Duignan, a bhí ina bhall den eaglais ar feadh 20 bliain, le Tuairisc.ie go bhféadfadh go gcuirfí iallach ar na haistritheoirí Gaeilge féin cúrsaí de chuid na hEoleolaíochta a dhéanamh mar chuid dá saothar agus go mbeadh orthu páirt a ghlacadh i bpróiseas iniúchóireachta mar chuid den obair chéanna.

D’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar Eaglais na hEoleolaíochta faoi áiteamh sin Duignan seo ach ní bhfuarthas aon fhreagra ar an iarratas sin go fóill.

D’fhógair an eaglais chonspóideach an bhliain seo caite go rabhthas ar thóir aistritheoirí le hábhar oiliúna agus eolais na heagraíochta a chur i nGaeilge. Anuas air sin, tá Gaeilge le cur ar an ábhar físe agus fuaime a bhaineann le cúrsaí oiliúna agus eolais san Eaglais.