Is mór an mhaise ar fhéile ar bith scríbhneoirí na Gaeilge

Léirigh IMRAM ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath le déanaí gur mór an mhaise ar fhéile ar bith litríocht na Gaeilge

Is mór an mhaise ar fhéile ar bith scríbhneoirí na Gaeilge

Simon Ó Faoláin

Bhí dhá ócáid Ghaeilge faoi leith ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath i mbliana i gcomhar le IMRAM.

Ag an ócáid ‘Tríd an doras Ársa’ léigh triúr scríbhneoirí scéalta a raibh foirgneamh Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann i gCearnóg Mhuirfean mar spreagadh acu. San áras féin, i measc leabhragáin lán le seanleabhair a chruinnigh an lucht éisteachta agus iad ina suí ar sheanchathaoireacha, cathaoireacha uilleacha a bhí breá compordach agus cinn bistro a bhí sách corrach.

Trí insint éagsúil a chuala muid. Gearrscéal – nó b’fhéidir síol úrscéil – a bhí ag Réaltán Ní Leannáin dúinn. Bhuaileamar sa scéal seo le hAilbhe agus í ag iarraidh ceart a bhaint d’intéirneacht leadránach, stiúrthóir míthuisceanach, turasóirí acadúla, taibhsí, agus teicneolaíocht nach ligeann di faoiseamh a fháil. Scéilín dalba, greannmhar. Cloisfear níos mó faoi Ailbhe…

Ó chnuasach sceitsí agus uiscedhathanna George Victor Du Noyer a fuair Simon Ó Faoláin inspioráid dá shraith dánta. Úgónach ab ea Du Noyer, ach bhí an-eolas aige faoi chlocha na tíre seo de bharr a chuid oibre. Teifigh ó phéindlíthe rí Caitliceach na Fraince ab ea na hÚgónaigh a chuidigh le rí Protastúnach an rí Caitliceach a dhíchorónú. Chloígh siad lena dteanga féin nuair a bhí teanga an phobail thart orthu ag athrú. Bhain Simon feidhm as na gnéithe uile sin chun guth a thabhairt sna dánta do Du Noyer ag ceistiú a fhéiniúlachta. Ceisteanna iad sin atá fós linn agus iad spéisiúil dá réir.

Máthair agus iníon a bhí againn ó Éilís Ní Anluain agus iad á saoradh féin ó nuachar agus ó athair. Bhí leabhair agus tithe lárnach sa scéal, áras Chearnóg Mhuirfean ina measc. Teacht in inmhe, cumha agus athrú saoil na téamaí ag Ní Anluain.

Trí léamh éagsúla ó thriúr údar ar leith in ionad ar leith.

I gCeannáras Éigse Éireann, bhí ócáid a bhí lán pléisiúir ach an chumha agus na cuimhní ina theannta. Togra Cois Life, ‘File ar Fhile’ á sheoladh – cúig imleabhar, cúig mhórfhile aistrithe ag filí Gaeilge. Cuireadh blaiseadh as na saothair sin ar fáil sa dóigh ealaíonta is dual d’IMRAM. Físealaíon Margaret Lonergan agus ceol le Colm Ó Snodaigh ag tionlacan reacaireacht Doireann Ní Bhriain. Reacaire binn glórach í Doireann Ní Bhriain agus thug sí blaiseadh dúinn den bhunleagan chomh maith le roinnt dánta as gach aistriúchán; Arthur Rimbaud aistrithe ón bhFraincis ag Liam Ó Muirthile; Antonella Anedda aistrithe ón Iodáilis ag Eiléan Ní Chuilleanáin; Antonio Machado aistrithe ón Spáinnis ag Tomás Mac Síomóin; Erich Fried aistrithe ón nGearmáinis ag Gabriel Rosenstock; agus Andrée Chedid aistrithe ón bhFraincis ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Caoimhín Mac Giolla Léith a bhí sa chathaoir don phlé idir na filí maidir leis an aistriúchán. Ní raibh na haistritheoirí filí ar aon tuairim maidir le dualgais an aistritheora i leith an bhundáin agus i leith an fhile a scríobh. Ar cheart barr feabhais a bheith ar an aistriúchán, nó ar cheart é a bheith so-aitheanta go bhfuil rud éigin caillte san aistriúchán? Luadh teoiricí éagsúla agus bhí faobhar ar chuid den phlé sin. Mhol an cathaoirleach Mac Giolla Léith go láidir do dhaoine an réamhrá i ngach leabhar a léamh go cúramach!

Ba é Caoimhín Mac Giolla Léith a sheol na saothair shnasta áille. Gan dabht bhain roinnt den chumha leis an seoladh ó tharla an file ildánach Liam Ó Muirthile a bheith imithe uainn agus toisc Cois Life iad féin a bheith ag dúnadh ag deireadh na bliana seo.

Is mór an oidhreacht a fhágfaidh Cois Life ina dhiaidh agus tá léirithe arís eile ag IMRAM gur féidir le litríocht na Gaeilge cur le féile litríochta ar bith.

Nascanna:
http://rsai.ie/
http://rsai.locloudhosting.net/exhibits/show/du-noyer-volumes/about
https://www.coislife.ie/product/file-ar-fhile-an-tsraith/

Fág freagra ar 'Is mór an mhaise ar fhéile ar bith scríbhneoirí na Gaeilge'