Is maith liom a bheith i mo mhamaí ach ní haon naomh mé…

Is ait an mac an máithreachas agus tá cleas nó dhó de dhíth chun teacht slán uaidh 

Is maith liom a bheith i mo mhamaí ach ní haon naomh mé…

D’áireoinn mo mham mar dhuine de naomhphátrúin na féiníobartha síoraí. Tá’s agat an cineál sin máthar a chuireann a leas féin chun deiridh i gcónaí? Tá le tuiscint ó gach cinneadh a dhéanann sí, idir bheag agus mhór, gurb í a clann an chéad chloch ar a paidrín. Agus nach mise a bhí breá sásta glacadh leis an múnla seo – go dtí go rabhas féin i mo mháthair.

Bhuail an máithreachas mé le gairid agus buaileadh go trom mé. Leis an tógáil a fuair mé, céard eile leis a mbeifeá ag súil? Ó bhí mé beag, thug mo mham le fios dom gur orm a éiríonn agus a luíonn an ghrian, gan smaoineamh ar na himpleachtaí a bheadh ann don chéad ghlúin eile. Sé an toradh atá ar an bpeataireacht sin ar fad gur deacair dom anois dul i dtaithí na féiníobartha. Cén fáth go bhfuil ualach na híobartha leagtha ormsa pé scéal é?

Go dtí seo, níor chuir an deighilt inscne isteach orm, sa chóras oideachais ná san ionad oibre ach oiread. Sa ré réamhlinbh, bhí mé den tuairim go raibh mé bonn ar aon le m’fhearsa ach cuireadh gluaiseacht an fheimineachais go hiomlán as a riocht nuair a tháinig ár mbabaí beag álainn ar an saol. Tagraíonn an tOllamh Emerita Máirín Nic Eoin do ráiteas a théann go croí na ceiste in Léachtaí Cholm Cille 53:

No other division – of class, race, religion, or culture – has been as ineradicable as that between the sex that can bear children and the sex that cannot.

(Ruddick 1989 in Nic Eoin 2023: 178)

Tá’s agat féin an chaoi a mbíonn sé.

Nuair atá rudaí eile le déanamh aige siúd, is féidir leis a chuid freagrachtaí i leith an linbh a chur ar athló, cúiteoidh siad leat é, tig leat a bheith cinnte de.

Ach, nuair atá rudaí eile le déanamh agatsa…ní foláir duit iad a chaitheamh san aer.

Nach in an rud a dhéanfadh aon mhamaí ar fiú mamaí a thabhairt uirthi?

Ord sóisialta fadbhunaithe atá anseo, tuairim choitianta atá chomh forleathan sin go gcreidim féin, de m’ainneoin féin, gur mise is mó atá freagrach as an bpáiste. Sea, is deas an rud é a bheith chomh tábhachtach sin, chomh riachtanach sin i saol an linbh ach ní mór dúinn a bheith san airdeall ar an gcineál seo smaointeoireachta mar is iomaí bean a cuireadh ar strae dá barr.

Agus muid ag déanamh an oiread seo machnaimh ar ról na máthar sa teaghlach faoi láthair, déarfainn an méid seo: sé an chéad rud agus an rud is tábhachtaí atá le déanamh ag mamaí ar bith ná bealach éalaithe a aimsiú di féin ó chúraimí an mhamaí.  Dhéanfadh rud ar bith cúis, seisiúin ióga nó dreas scíthléitheoireachta –  ag gach bean a bealach éalaithe féin.  Sé an t-éalú a roghnaigh mé féin ná filleadh ar an oideachas agus, le rud beag tacaíochta taobh thiar díot, ní haon dua é bheith i do mhamaí léinn. Ní ar mhaithe leis an dul chun cinn gairme ná rudaí saolta den chineál sin atá mé, ach ar mhaithe liom féin agus ar mhaithe le héalú gan chonspóid, gan choimhlint.  Tá an t-oideachas ar cheann de na bealaí éalaithe is fearr sa mhéid is gur leithscéal breá láidir atá ann chun am agus spás a chruthú duit féin. D’fhéadfadh daoine eile a cheapadh go bhféadfá oíche spraoi in éineacht leis na mná a chur ar ceal ar an bpointe boise nuair a thagann siad chugat lena gcuid leithscéalta féin ach ba dhána an mhaise d’aon duine a bheadh ag iarraidh ort do chuid staidéir a chur ar leataobh.

Is maith liom a bheith i mo mhamaí ach ní haon naomh mise – teastaíonn spás uaim, spás anama agus spás intinne. Níl cúis ar bith faoin spéir nach féidir linn, mar mháithreacha, tús áite a thabhairt dúinn féin ó am go chéile; ach ní mór a bheith damanta láidir agus an méid sin á cur in iúl againn, ní hamháin do na daoine thart timpeall orainn, ach dúinn féin chomh maith.

Iarrthóir PhD le Fiontar & Scoil na Gaeilge (OCBÁC) is ea Éilis Neary. Tá dhá leabhar dá cuid ar fáil don léitheoir óg: Am Amú (LeabhairCOMHAR, 2023) agus Dóchas Pócas (Éabhlóid, 2022).

Fág freagra ar 'Is maith liom a bheith i mo mhamaí ach ní haon naomh mé…'

  • Indrek

    Láncheart ag údar an ailt! Le fíorchomhionannas a bhaint amach, ba chóir d’fhir an fhreagracht chéanna a ghlacadh as cúram na bpáistí agus don tsochaí agus d’fostóirí tacú leis trí saoire athrachta a chur ar fáil srl.