B’iontach an t-ardú croí a thug téama na bliana seo de chuid na Náisiún Aontaithe dom ar a chéad fheiceáil. Bhí d’ádh ormsa gur rugadh mé tráth a raibh deis agam fanacht ar scoil, aon ábhar a raibh spéis agam ann a léamh, mo cholainn féin a rialú, mo rogha féin saoil a chaitheamh de réir mo chumais agus mo chuid tuairimí féin a cheapadh agus a athrú mar a thogair mé.
Is mion minic a dhéanaim dearmad gur iontach an phribhléid é sin ach is bean de ghlúin an chomhionannais mé agus is mise atá buíoch de na daoine misniúla sin a throid go géar le go mbeadh an saol sin agamsa. Ní dóigh go mbacfadh Charlie Flanagan aon chomóradh stáit a eagrú do na mná a throid ar son na bpribhléidí sin do mo ghlúinse ach cuimhnímse inniu ar Hannah Sheehy Skeffington, Mary McGee, Josie Lynch, Mary Murphy agus an dlíodóir Mary Robinson.
D’fhág crógacht agus cumas na mban sin agus go leor eile gur mór idir an saol a chaith mise agus na mná dár díobh mé.
Ar bhainis mo shin-seanmháthar, bhí a hathair sa gclúid ag fuarchaoineachán an phingin sa tseachtain a d’íoc sé á cur soir go dtí na Creagáin go gcuirfí foghlaim uirthi agus gan aici dá bharr ach ‘Páidín Shéamuis a phósadh’!
DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Is díobh í, ar deireadh, an bhantracht a phlúchadh glór a bhfear…’
A hiníon sin, mo sheanmháthair, fágadh ina baintreach í agus beirt naíonán faoina cosa agus naíonán eile faoina broinn. Faoina déin in ionad comhbhróin, tháinig fear na bpróiseanna á díbirt as geadán talún a fir (seachas an teaghlaigh) ó tharla nach raibh de stuaim inti searc a cléibh a choinneáil ina bheatha.
A gcomharsana sin, sciobadh páistí a mbroinne uathu faoi dhorchadas na hoíche lena gcur ar an gcúlráid agus gan i ndán dóibh ach liombó na heaglaise agus an phobail. Cuimhním inniu ar sheanbhean uasal amháin lá a raibh mé ag déanamh mórtais as na nóiníní aoibhne a bhí istigh i ngarraí comharsan. Shín sí a méar isteach chuig cloch chruinn gheal sa ngarraí agus dúirt ‘ansin atá mo leaidín beagsa curtha’.
Mo mháthair féin ní bhfuair deis a hál a fheiceáil ag teacht in inmhe mar go raibh de mhí-ádh uirthi a bheith ina máthair tráth arbh ionann comhionannas agus ceannairc is ainriantacht an diabhail. Bocht is baineann an dá pheaca a d’fhág gur cónra seachas cóir leighis a bhí ina cinniúint i mbláth a hóige. Nach beag an t-iontas nach dtuigim an fíbín le comóradh a dhéanamh ar mharfóirí agus ailtirí an stáitín seo a chniog mo mhuintir i gcorp agus i spiorad.
Ach tá údar ceiliúrtha agamsa inniu.
Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Mac na baintrí sin, a thug dúshlán athair a céile i gcúirt dlí, a thóg mé, a chumasaigh mé agus a thug cead mo chinn dom mar dhuine. Ar an meánscoil casadh beirt bhan rialta orm a chothaigh muinín agus misneach ionam, a cheiliúir ár n-ilchumas agus a chraobhscaoil gan náire gur le mná leath na spéire agus nár cheart ligean d’aon duine an leath sin féin a sciobadh uainn ná a solas a cheilt orainn.
Ina dhiaidh a tuigeadh dom gur maith a thuigeadar beirt gur in áit na leathphingine a bhí mná cumasacha san eaglais freisin, mar a bhí siad sa dlí agus ar an teallach.
Tá 25 bliain ann ó fógraíodh Dearbhú Bhéising na Náisiún Aontaithe maidir le mná an domhain a chumasú agus faraor géar, tá go leor fós gan déanamh.
Chuige sin téama na Náisiún Aontaithe don lá inniu ‘Mise Glúin an Chomhionannais: Fíorú Chearta na mBan’ agus #EachforEqual an haischlib. Is mithid dúinn uilig an comhionannas a chur i bhfeidhm gach áit a mbímid – sa leaba, sa teaghlach, ag obair, ag spraoi agus i mbun ceannasaíochta.
Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan, nára fada uainn ‘Pláinéad 50-50’…
Muid féin amháin atá freagrach as ár smaointe agus ár ngníomhartha féin, is fúinne atá sé an leatrom a throid agus a sheachaint agus éachtaí beaga agus móra na mban a cheiliúradh. Caithfear maoin agus suáilcí an tsaoil seo a roinnt go cothrom. Muide a chruthóidh saol ina dtugtar cothrom na Féinne do mhná agus d’fhir agus nach fearrde a bheas muid uilig dá bharr?
Ar fud an domhain inniu tá mná sáinnithe faoi shrathair na héagóra, na siléige agus an fhuatha ban agus a mbunchearta fós á gceilt orthu. Níl áit is scéiniúla an anacair sin ná i gcampaí teifeach agus ar láithreacha an áir. Nach maith a thuigfeadh na mná cumasacha sin a chuaigh romham a gcás, díreach mar a thuig siad nach dtuigeann an sách an seang.
Inniu déanadh muide, glúin an chomhionannais, ceiliúradh ar na caisleáin bheaga a tógadh go mall trioblóideach sa tír s’againn féin agus na daoine cróga a rinne an saothar agus diúltaímis don éagóir ar ár ndeirfiúracha ag baile agus ar fud na cruinne.
Is linne, glúin an chomhionannais, leath na spéire!
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Is linne mná leath na spéire agus níor cheart ligean d’aon duine a solas a cheilt orainn,’ Márta 8, 2020.
Insíonn Máire dúinn gur de ghlúin an chomhionannais í féin, agus tá sé le tuiscint uaithi go n–aontaíonn sí le Mary Robinson ar chúrsaí frithghiniúna, agus ar an nginmhilleadh, abair.
Insíonn sí cuid de stair na mban a tháinig roimpi. Cuir i gcás, seanmháthair di, máthair athair Mháire, díbríodh as ‘geadán talún a fir’ í nuair a fágadh ina baintreach í, agus é sin le próiseanna dlí. B’fhéidir nach dtuigfeadh an gnáthléitheoir é, ach bhí na Gaeil féin ar aon tuairim leis na Sasanaigh sa chúram sin céad bliain ó shin agus breis, is é sin le rá, nach mbeadh a thuilleadh cirt ag bean ar shealúchas a fir nuair a gheobhadh an fear bás.
Tarraingíonn Máire anuas an seanchreideamh nár cheart leanbh gan bhaisteadh a chur i reilig Chaitliceach. Bhí sé sin ar fud na tíre, agus go deimhin, rinne col ceathair dom féin staidéar ar na háiteanna go léir ina pharóiste dúchais-sean a gcuirtí na leanaí gan bhaisteadh iontu. ‘Cillíní’ a thugtar ar na háiteanna sin, agus ‘Cillín’ atá ar bhall ar an bhfeirm ar tógadh mo mháthairse uirthi, trócaire uirthi, sa pharóiste céanna, Paróiste na Snadhma, sa taobh theas de Cho. Chiarraí.
Ní dogma de chuid na hEaglaise Caitlicí riamh ba ea Liombó, is é sin an áit a meastaí anamacha na leanaí gan bhaisteadh a bheith, tar éis bháis dóibh. Ní thugtar aitheantas do Liombó in Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (1992; 2002) Insíonn Avery Cairdinéal Dulles dúinn, gurbh é teagasc fhormhór na ndiagairí in Iarthar Eorpa go dtí aimsir an Athraithe Creidimh i dtosach an 16ú céad, go ndamnófaí go hIfreann formhór na ndaoine dá raibh riamh ar an saol, agus go háirithe iad siúd a bheadh gan bhaisteadh. Bhí diagairí go leor de chuid Chríostaíocht an Oirthir ar an tuairim go slánófaí formhór na ndaoine. Cuireadh cor nua sa scéal nuair a cuireadh Meiriceá ar aitheantas do na Spáinnigh i ndeireadh an 15ú céad. Thosaigh an tuairim ag éirí faiseanta in Iarthar Eorpa go slánófaí formhór na ndaoine a bheadh baiste. An diagaire ón Spáinn, Francisco Suárez, Íosánach, [1548–1617], bhí sé orthu siúd a mheas go slánófaí formhór na ndaoine a bheadh baiste.
Is é teagasc na hEaglaise Caitlicí extra ecclesia nulla salus [‘Níl slánú ar bith ann lasmuigh den Eaglais (Chaitliceach)’]. Tá an léirmhíniú ar an teagasc sin ina ábhar conspóide san Eaglais Chaitliceach i gcónaí: áitíonn na Traidisiúnaithe Radacacha gurb é rud a chiallaíonn sé nach slánaítear ach Caitlicigh atá ar staid na ngrást ar bhás a fháil dóibh. Hans Urs von Balthasar, diagaire Caitliceach ón Eilvéis [1905–1988] cuirtear ina leith an teagasc nár mhiste a bheith ag súil leis go slánófaí gach uile dhuine. Ba é Balthasar an diagaire ba rogha leis an bPápa Eoin Pól II; is é rud a ainmníodh Eoin Pól II ina naomh, Aibreán 27, 2014. Ach Balthasar bocht, thosaigh sé ar a bheith ag plé leis na Cártaí Tarot, chuaigh sé as a mheabhair dá dheasca sin, agus cailleadh é. An tAth. Teaboid Gállduf [1588 1647] údar Catechismus/an Teagasc Criostuí (An Bhruiséil 1639) ba é a theagascsan go rachadh na hEiricigh [Na Protastúnaigh], na hIodhbhail [na Giúdaigh], agus na Turcaigh [na Moslamaigh] go hIfreann. An Pápa Alastar VIII sa bhliain 1690, dhamnaigh sé mar earráid de chuid na Jansenach é nach dtéann Íosa Críost i gcion in aon chor ar Phágánaigh, ar Ghiúdaigh, ná ar Eiricigh, ná ar dhaoine eile den chineál sin.
Is é an ghnáth–thuiscint ar an teagasc sin inniu gur tríd an Eaglais Chailticeach a shlánaítear an méid atá le slánú, agus go gcabhraíonn Dia, ar shlite nach eol dúinne, le slánú daoine nach Caitlicigh iad. Ainneoin gach a ndeir na Traidisiúnaithe Radacacha, ní dogma ag an Eaglais Chaitliceach is ea é nach slánófar ach mionlach beag de na daoine a bhí riamh ar an saol.
Ba é tuairim Eoin Pól II féin gur sna Flaithis atá anamacha na leanaí nár baisteadh [Evangelium Vitae (1995) §99], agus b’in é tuairim na Máthair–Aba Treasa i gKolkata chomh maith. Ba é toradh na hoibre ag Coimisiún Idirnáisiúnta na Diagachta sa bhliain 2007 go bhfuil bun lena áitiú gur sna Flaithis atá leanaí gan bhaisteadh; ghlac an Pápa Beinidict XVI leis sin.
Luann Máire Ní Fhinneadha beirt bhan rialta a chothaigh muinín agus misneach inti féin ar an meánscoil di. Tá a fhios ag an saol gur beag má tá mná rialta ar bith anois ann. Duine de bhunaitheoirí Chomhluadar Bhráithre San Proinsias leis an Athnuachan ba ea an tAth. Benedict J. Groeschel [1933–2014]. Tá teach ag na Bráithre sin i Maigh Rois i gCathair Luimnigh, agus teach i gCathair Dhoire; agus teach i nDroichead Átha ag Comhluadar Shiúracha San Proinsias leis an Athnuachan. Bhí dochtúireacht sa tSíceolaíocht ag an Ath. Benedict. Deireadh sé gur cheart dealbh in ómós an tsíceolaí Carl Rogers a chrochadh os cionn an phríomhdhorais ar gach uile chlochar iata i Meiriceá, mar gurbh é teagasc Rogers faoi deara iad a iamh. Cuirtear i leith Rogers gur chreid sé sa Phealágachas, is é sin gur bheag a chuaigh Peaca an tSinsir i gcion orainne, Síol Ádhaimh agus Éabha, agus gur cheart do gach uile dhuine é féin/í féin a chur chun cinn.
Ní hé an meon céanna a bhí ag an Ollamh Mary Ellen Glendon de Chruinniú Mullaigh Bhéising is atá ag Máire Ní Fhinneadha. Ina hOllamh le Dlí ar Ollscoil Harvard atá an tOllamh Glendon, saineolaí ar chearta daonna. Is í a bhí ina ceann feadhain ar thoscaireacht na Vatacáine ar Chruinniú Mullaigh Bhéising. Arsa ise i dtaobh an dréachtdoiciméid faoi bhráid an Chruinnithe sin: ‘an tsamhail de chur chun cinn na mná atá le tuiscint as an doiciméad sin, faigheann sí réidh le dualgais teaghlaigh na mná, agus cuireann an dul chun cinn pearsanta ina n–ionad sin … ‘Is constaicí ar bhóthar dhul chun cinn na mná iad an mháithreacht, an pósadh, agus an teaghlach i ndréachtdoiciméad an Chruinnithe Mullaigh – nuair nach dóigheanna iad chun foréigean a dhéanamh uirthi agus mí–leas collaíochta a bhaint aisti.’
An tOllamh Glendon agus a hurlabhraí, Joaquín Navarro Valls, chuir siad le chéile gur dhréachtaigh siad achoimre an–ghearr ar na lochtanna a bhí ar an gCruinniú Mullaigh, agus chuir siad facsanna den achoimre go dtí na príomh–áisíneachtaí nuachta. Mhúscail sé sin ceisteanna go leor i bparlaimintí na dtíortha a raibh toscaireacht acu ar an gCruinniú Mullaigh. Chuir sé moill le feidhmiú an chláir oibre a bhí ag lucht beartaithe an Chruinnithe Mullaigh. Ba iad aidhmeanna an lucht pleanála, dar ndóigh, iad seo a leanas a chur chun cinn – na ‘cearta i gcúrsaí giniúint’, an ginmhilleadh gan srianadh; agus ina dteannta sin deireadh a chur le cearta na dtuismitheoirí ar choimeád agus ar chaomhnóireacht a gcuid leanaí –– d’fhocla gearra an Stát a ghabháil chearta an teaghlaigh chuige féin. Ainneoin iarrachtaí na Vatacáine an uair sin, tá éirithe leis an bplean sin ag lucht an Domhandachais ó shin, cuid mhaith.
Tabhair faoi deara go dtí gur tháinig an coróinvíreas chun cinn go raibh an sceimhle i dtaobh na haeráide ar na meáin chumarsáide gach uile lá. Nach ait an obair é an saol a bheith sceimhlithe i dtaobh éiceolaíocht an Domhain, agus san am céanna gan aon bheann in aon chor a bheith ag a oiread sin daoine ar éiceolaíocht a gcolainne agus a nádúir féin, ach í á sacadh le piollairí, i gcás na mná, go háirithe, agus na milliúin ginmhilleadh a bheith á ndéanamh ar fud an Domhain gach uile bhliain, agus timpeall le 900 ginmhilleadh in aghaidh na míosa a bheith á ndéanamh i bPoblacht na hÉireann faoi dhlí 2018.
Cailleadh uncail agus aintín domsa, deartháir agus deirfiúr do mo dhaid, an lá céanna sa bhliain 1919, trócaire orthu. Beirt eile deartháireacha a bhí ag mo dhaid. Ba é mo dhaid an
t-aon duine amháin ar an gclann sin a raibh clann air féin. Níl col ceathair ar bith agamsa ar aon sloinne liom. Leis an diftéire a cailleadh iad an aintín agus an t–uncail sin: 4 bliana d’aois a bhí an aintín; agus 11 bhliain a bhí an t–uncail. I dteannta Fhliú na Spáinne a leathadh an diftéire. Timpeall le 20,000 Éireannach a cailleadh le Fliú na Spáinne. Táthar á thuar le laethanta anuas gur ó 20,000 go 80,000 a chaillfear in Éirinn de dheasca an choróinvíris.
Tá Cineál 2 den Diaibéiteas orm féin. Bhí mé trom ainnis cuid mhaith de mo shaol, ach san am céanna, tá an Diaibéiteas sa dúchas agam ó thaobh athar is máthar. Meitheamh 3, Lá Fhéile Caoimhín, mo lá breithese. Má mhairim go dtí Meitheamh 3 i mbliana bainfidh mé amach lá breithe 67 agam. Tá mo leithéidíse ar na daoine arbh fhéidir dóibh bás a fháil leis an gcoróinvíreas.
Bíodh meas againn go léir ar an mbeatha, agus ar nádúr an duine, fad ár ndíchill, mar tharlódh nach rófhada a bheimis ar an saol seo.