DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Is díobh í, ar deireadh, an bhantracht a phlúchadh glór a bhfear…’

Is cúis áthais dúinn a fhoilsiú anseo, mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, an dán ‘Sa Bhaile’ leis an sárfhile, Aifric Mac Aodha

DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Is díobh í, ar deireadh, an bhantracht a phlúchadh glór a bhfear…’

Sa Bhaile

Aifric Mac Aodha

Tá, in Éirinn,
bean anois ann
a léann sleachta
d’athair a leannáin,

ceann na leapan
ag fógairt uirthi
labhairt amach,
nach labhrófá amach, 

is a chaitheann go minic
sa chlinic iomlán an lae
le hiníon bhán an ghrá sin
nuair a atann a béal le cealg.

Aicise tá agus níl
imeacht uaidh —
dá fhad a glúin féin
ón nglúin foirtil,

is díobh í, ar deireadh,
an bhantracht a phlúchadh
glór a bhfear
le hárais tí an doirtil.

‘Ní chloisim thú, John M,’
a deireadh a mamó,
an t-uisce á bhrostú
d’aon turas aici

is í ag caochadh a súile
le cual na tine
mar a bheadh pearsa ann
i sobal tuaithe.

Fág freagra ar 'DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Is díobh í, ar deireadh, an bhantracht a phlúchadh glór a bhfear…’'