Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil 

Tá daoine I bhFianna Fáil ag éirí míshuaimhneach faoina bhfuil i ndán don pháirtí agus ní dócha go mbeidh deireadh go luath leis an míshuaimhneas

Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil 

Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil ar na saolta seo ar a bhfuil i ndán don pháirtí sin. Dream buartha iad rútaí an fhéir, mar a thugadh Joe Steve Ó Neachtain orthu, ach tá daoine ceannasacha sa bpáirtí imníoch freisin. Tabhair faoi deara cainteanna a rinne triúr boc mór dá gcuid le gairid. Ba iad sin Willie O’Dea, Barry Cowen agus Éamon Ó Cuív.

Dúirt Willie O’Dea glan amach gur le fána atá Fianna Fáil ag dul. Tá a bhféiniúlacht caillte acu, a dúirt sé. 

Ní go minic a dhéanann sé féin freastal anois ar chruinnithe de Pháirtí Parlaiminteach Fhianna Fáil. Bhíodh an-chur agus cúiteamh iontu roimhe seo, a dúirt sé, ach fanann na cúlbhinseoirí ina dtost den chuid is mó anois.

Measann Willie O’Dea go bhfuil féiniúlacht de chineál eicínt fanta i bhFine Gael fós ach gur fánach an treo ná an fhéiniúlacht atá i bhFianna Fáil.

Rinne O’Dea trácht ansin ar shamplaí den mhéiseáil atá ar bun ag an rialtas atá againn faoi láthair. Thagair sé don phraiseach a rinneadh d’eisiúint na bpasanna. Rinne sé casaoid bhinbeach faoin gcaoi ar aistríodh chuig príosún i Sasana an té a mharaigh Kevin Sheedy agus gan ach chúig mhí curtha isteach aige de théarma príosúin saoil.

Rinne O’Dea féin achainí sa Dáil ar an Taoiseach a iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, an t-aistriú a stopadh. Níor tugadh aird an mhada ar a achainí.

Tá Willie O’Dea lánchinnte nach fiú do pháirtí a bheith i rialtas mura dtugann siad aird ar na fadhbanna atá ag goilliúint ar an bpobal – easpa tithe, an costas maireachtála, cúrsaí leighis, srl.

Níl sé i bhfad ó léirigh pobalbhreith nach raibh ach 15% tacaíocht ag Fianna Fáil, a dúirt sé. Sin é do dhóthain, ar seisean

Céard a dhéanfas Willie O’Dea tar éis an chéad olltoghcháin eile? Tá os cionn 40 bliain caite sa Dáil aige. Coinneoidh sé a shuíochán gan stró má sheasann sé. Is gearr ó bhagair sé go n-iompódh sé ina neamhspleách dá mbeadh sé i gceist ag Fianna Fáil a dhul i gcomhrialtas aríst le Fine Gael.

Fear eile atá thar a bheith imníoch faoina bhfuil i ndán d’Fhianna Fáil is ea Barry Cowen. Tá seisean ag iarraidh go dtabharfaí cruinniú speisialta den pháirtí le chéile leis an gceist ar fad a chíoradh.

 Is léir dó an taibhse mór Sinn Féin a bheith ag bagairt orthu. Ó thaobh an phoblachtachais tá siad ag sárú Fhianna Fáil, a dúirt sé. Sea agus ag fáil an cheann is fearr orthu sa díospóireacht atá ar bun faoi chúrsaí tithíochta agus leighis agus faoi chúram leanaí.

Teastaíonn uaidh go n-ainmneodh Fianna Fáil dáta le haghaidh reifrinn faoi athaontú na tíre.

Tá na pobalbhreitheanna ag déanamh tinnis dó, an chaoi a bhfuil moill curtha ar Ardfheis an pháirtí agus an neamhaird a rinneadh de mholtaí ar glacadh leo ag seisiún smaointeoireachta a bhí ag Fianna Fáil sa gCabhán i Meán Fómhair seo caite.

Theastódh díospóireacht speisialta lae anois, a dúirt sé, le cúrsaí polasaí a phlé ó bhun go barr.

Ba é bunbhrí a theachtaireachta go gcaithfidh aidhmeanna agus mianta Fhianna Fáil a bheith éagsúil ón leagan amach atá ag Fine Gael agus ag an gComhaontú Glas.

Tá Éamon Ó Cuív freisin ag éirí míshuaimhneach. Rinne seisean an-phíosa cainte faoin drochbhail atá fágtha ar iascairí na tíre ag rialacha an Aontais Eorpaigh.

Tá a fhios ag fia agus ag fiolar nach raibh Éamon ar son a dhul isteach sa gCómhargadh ón tús.

Loic muid go tubaisteach ar na hiascairí sna comhráití a bhí ar bun, a dúirt sé, bhíomar chomh lag agus chomh faillíoch céanna sna hochtóidí agus thug an Breatimeacht buille thar a bheith trom eile fós do thionscal na hiascaireachta sa tír seo.

Ní dócha go mbeidh deireadh go luath leis an míshuaimhneas.

Fág freagra ar 'Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil '

  • Antóin

    Deir Willie go bhfuil a bhféiniúlacht caillte acu. Ochón is ochón ó!
    Tá a bhféiniúlacht caillte ag Fianna Fealltach Fáil mar tá sí caite i dtraipisí acu féin le fada. Ní thógann Fine Gan Ghael ná na Giollaí Glasa aon cheann den triúr a luaitear anseo mar seanfhondúirí iad dar leo a bheidh ar féarach roimh i bhfad. Ach cá raibh an tríur sin nuair a bhí an rialtas ag satailt ar chearta daoine le linn covid? Ina mbéal gan smid.

    Tá ceannaire acu a cheapann go bhfuil coincheap na ceannasacahta as dáta, gur tábhachtaí an tAontas Eorpach ná ár náisiún féin, nach bhfuil muid neodrach nuair atá daoine á marú san Úcráin ach atá i bhfabhar leanaí á mharú sa bhroinn.

    Ach tá líne amháin san alt seo a bhainfeadh gáire as cat. “Teastaíonn ó Barry Cowan go n-ainmneodh Fianna Fáil dáta le haghaidh reifrinn faoi athaontú na tíre” ‘Bhfuil tuairim dá lághad aige céard atá ag tarlú amuigh anseo sa saol?

    Cúig bliana ar bhinse an fhreasúra ag domhainmhacnamh atá ag teastáil anois

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil’, tuairisc.ie, Dé Céadaoin, Meitheamh 22, 2022.

    Is maith liomsa go bhfuil Seosamh Ó Cuaig i mbun méarchláir arís. Bhraith mé uaim a chuid tráchtaireachta.

    Ní cheapfainn go nglacfadh Fianna Fáil ina cheannaire le Willie O’Dea, ná le hÉamon Ó Cuív. Is polaiteoirí maithe áitiúla is ea beirt acu, ach tá an aois acu, agus is mithid dóibh a bhfuil i ndán d’Fhianna Fáil a fhágáil faoi Theachtaí Dála níos óige ná iad féin. Maidir le Barry Cowen, ní léir go dtacódh mórán ball den Pháirtí le Cowen, dá rithfeadh sé seo ar phost an Taoisigh. Níl aon ghaisce déanta ag Cowen sa Pháirtí.

    Aontaímse leis an gCuíovach ar an iascaireacht, agus ar an gCómhargadh. Ach fadó riamh ba cheart don Chuíovach rud éigin a dhéanamh mar gheall orthu sin.

    Tá daoine ag cur a mbundúin amach le Reifreann a mholadh ar Athaontú na hÉireann. Tá cairde domsa thuaidh a áitíonn nach n–éireodh le Reifreann den saghas sin i láthair na huaire, mar nach bhfuil athaontú na tíre ag teastáil ó thromlach na vótálaithe, ná ó thromlach na gCaitliceach, fiú amháin.

    Dar le Micheál Ó Coileáin, ba é rud a thiocfadh as an gConradh Angla–Éireannach a shínigh sé féin, agus cairde dó sa bhliain 1921, ‘saoirse chun a thuilleadh saoirse a bhaint amach’.
    Mura féidir Athaontú na hÉireann a bhaint amach le Reifreann i láthair na huaire, creidim gur féidir cuid den aidhm sin amach, agus gur ar an teach leath slí sin ba cheart díriú i dtosach.

    Thug mise freagra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘An fiú smaoineamh ar chomhúdarás a thabhairt isteach don Tuaisceart?’. Ar tuairisc.ie, Dé Luain, Bealtaine, 16, 2022, a foilsíodh alt Uí Mhurchú.

    Mheabhraigh mise do léitheoirí tuairisc.ie go bhfuil 7 gcinn de thoghlaigh i dTuaisceart Éireann, a raibh breis is 50% den vóta ag Sinn Féin agus ag an SDLP eatarthu, in Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Déardaoin, Bealtaine 5, 2022.

    De réir thorthaí an Olltoghcháin thuaidh, faoin dáta, Dé hAoine, Bealtaine 6, 2022, is iad seo na toghlaigh a bhfuil móramh ag Sinn Féin, móide an SDLP, iontu: Deisceart an Dúin; An tIúr agus Ard Mhacha; Fir Mhanach agus Deisceart Thír Eoghain; Lár Chúige Uladh; Iarthar Thír Eoghain; Toghlach an Fheabhail; agus Iarthar Bhéal Feirste. Gach uile cheann díobh sin ach Iarthar Bhéal Feirste, tá siad ceangailte dá chéile. D’fhéadfaí Iarthar Bhéal Feirste a cheangal de Lár Chúige Uladh, agus d’Fhir Mhanach móide Deisceart Thír Eoghain, ach débhealach a chur siar go dtí pointe teagmhála Lár Chúige Uladh le Fir Mhanach móide Deisceart Thír Eoghain, pointe atá an–ghairid don Iúr agus Ard Mhacha. Is iascairí atá ina gcónaí ar bhruacha Loch nEachach, agus is Caitlicigh iad a bhformhórsan. Níorbh fhiú le háireamh an t–achar talún a thógfadh débhealach, dá n–aontódh na Toghlaigh Aontachtacha –– Deisceart Aontroma, Gleann an Lagáin, agus an Bhanna Uachtair –- le débhealach a cheadú siar feadh a dteorann le chéile chomh fada le cósta theas Loch nEathach.

    Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Angla–Éireann, in Schedule 1.2 go bhféadfar athrú a chur ar Thuaisceart Éireann, ach tromlach na ndaoine a vótálfaidh ar an gceist a bheith leis an athrú [a majority of those voting]. Laghdódh sé ar bhuairt na nAontachtaithe réasúnta, ach an Reifreann a thionól, toghlach ar thoghlach, agus é a chur de choinníoll leis gurbh é tromlach na vótálaithe cláraithe a chaithfeadh vótáil leis an athrú. Níor vótáil ach 63% de vótálaithe cláraithe Thuaisceart Éireann in Olltoghchán Déardaoin, Bealtaine 5, 2022. Ba cheart chomh maith réamh–Reifreann a bheith ann d’fhonn a chinntiú go dteastódh ó thromlach na vótálaithe cláraithe Reifreann a thionól ar an gceist shubstainteach, agus vóta an réamh–Reifrinn féin a bheith ag brath ar thromlach na vótálaithe cláraithe a bheith ar son, nó i gcoinne, an cheist shubstainteach a chur ar Reifreann.

    Dá n–aistreofaí na 7 dtoghlach sin isteach i bPoblacht na hÉireann, dhéanfadh sé Stát níos socra de Stát Thuaisceart Éireann. Is san 11 toghlach eile atá na háiteanna a ndearna Páirtí na Comhghluaillíochta an dul chun cinn.

    An méid atáimse a mholadh, is dul chun cinn tathagach a bheadh ann ó thaobh an rialtais a bheith ionadaíoch de. Níl cead, de réir an Chomhaontaithe Angla–Éireannaigh, dul i muinín an Reifrinn, ach uair gach uile sheachtú bliain. Leithéid an chórais atáimse a mholadh, chuirfeadh sé in iúl do na hAontachtaithe go mbeadh bun ceart Daonlathach le toghlach, nó toghlaigh, a chomhaontú le Poblacht na hÉireann.

    Dá nglacfadh Fianna Fáil leis an gcur chuige sin, is cinnte go n–éireodh leo cuid mhaith a bhaint amach faoi cheann cúpla bliain. Bhainfeadh sé an bonn ó Shinn Féin thuaidh agus theas. Dá n–athaontófaí mórcheantar Thír Eoghain le Poblacht na hÉireann, abair, chuirfeadh sé deireadh leis an bhforéigean a bhfuil Easaontóirí Poblachtacha ag plé leis sa taobh sin tíre le blianta. Dá gcuirfeadh na vótálaithe Náisiúnaíocha/Poblachtacha le chéile i dToghlach Theas Bhéal Feirste, d’éireodh leo tromlach a bhaint amach sa Toghlach sin, agus bheadh cúis le Reifreann a thionól ansin chomh maith faoi bhráid athaontú le Poblacht na hÉireann. Róluath atáthar ag fógairt bhás Fhianna Fáil.

  • Antóin

    Cupla ceist a Shéamais.

    Cén fáth an débhealach idir Béal Feirste agus Lár Chúige Uladh. Tá mórbhealach (40 míle ar fad) idir Béal Feirste agus Dún Geanainn ó na seascaidí.

    Cén fáth a dtabharfadh Aontachtaithe a mbeannacht leis an phlean seo meas tú? Tuaisceart Éireann bun is barr a scéal. Sa toghchán deireanach ghnóthaigh Sinn Féin, SDLP agus Aontú, le chéile 341, 402 vóta. Ghnóthaigh DUP, UUP agus TUV. le chéile. 346, 180 vóta. Má chuireann tú vóta Pháirtí na Comhghuaillíochta leis sin bheadh 462,861 vóta ann. Glacaim leis nach mbeadh gach duine den 116, 681 a chaith vóta do Pháirtí na Comhghuaillíochta in éadan athaontú na tíre ach bheadh formhór acu déarfainn.

    Mhéadófaí ar bhuairt na nAontachtaithe dá gcluinfidís go raibh Tuaisceart Éireann le briseadh suas toghlach ar thoghlach.

  • Seán Mag Leannáin

    Willie O’Dea, Barry Cowen agus Éamon Ó Cuív – ní dóigh liom gur boic mhóra i bhFianna Fáil an triúr sin a thuilleadh – má bhí siad riamh. Is cinnte gur coillteáin pholaitiúla iad anois nach mbeidh an dara rogha acu ach vótáil ar son Leo, an fíor-Thaoiseach, a chur ar ais san oifig sin roimh dheireadh na bliana.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar fhreagra ag Antoin, Dé hAoine, Meitheamh 24, 2022.

    Táim buíoch d’Antóin as freagra a thabhairt ar an bhfreagra seo agamsa, ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Is léir go bhfuil domhainmhachnamh á dhéanamh i bhFianna Fáil,’ tuairisc.ie, Dé Céadaoin, Meitheamh 22, 2022.

    Bhí sé ceart agam a mhíniú gur cuid de thalamh na Náisiúnaithe/na bPoblachtach a bheadh sa débhealach atá i gceist agamsa. Cheapfainn go bhfuil cead ag gach uile dhuine i láthair na huaire tiomáint ar an mótarbhealach ó Bhéal Feirste go Dún Geanainn. Bheadh gá chomh maith le débhealaí ó cheantair ina bhfuil mionlach Aontachtach go dtí na mórcheantair Aontachtacha is gaire dóibh. Mar shampla, de réir mar a thuigim, is tromlach Náisiúnaithe/Poblachtach atá anois in Inis Ceithleann, agus i dTaobh an Uisce, i gCathair Dhoire, cé gur cheantair Aontachacha ba ea an dá áit sin go dtí le déanaí. Ar aon chuma, is giorra an t–achar ó Iarthar Bhéal Feirste go dtí bruach theas Loch nEachach, ná an t–achar ó Bhéal Feirste go dtí Dún Geanainn.

    Áitíonn Antóin gurb é Tuaisceart Éireann bun agus barr an scéil. Is é rud a déarfainnse gurb é Náisiúnachas an 19ú céad in Éirinn bun agus barr an scéil; is é sin nach féidir glacadh ach le haon Stát amháin a bheith in Oileán na hÉireann. Ba é seo dearcadh Charlie Haughey go díreach, an Stát aonadach. Seanfhocal sa Ghaeilge is ea ‘ponc den dlí an tseilbh’. Ach ní dearcadh Caitliceach, ach dearcadh Protastúnach, ar chúrsaí seilbhe, is ea gur féidir ceart absalóideach a bheith ag duine ar a sheilbh. Dá mb’fhíor sin, bheadh ceart ag Poblacht na hÉireann formhór na hAlban a ghabháil ar ais, mar go raibh seilbh againne ar fhormhór na hAlban na céadta bliain ó shin, agus nach bhfuil sa Ghàidhlig ach leagan na hAlban den Ghaeilge. Fairis sin, is inár seilbhne tráth a bhí cuid den taobh thuaidh de Shasana chomh maith, ar feadh 100 bliain nó mar sin. Déantar amach anois gurb é an áit arb as na teangacha Ceilteacha go bunúsach, an Steip Phontach –– mórcheantar na Moldóive, na hÚcráine agus na Rúise. An bhfágann sin ceart a bheith againne scaoileadh soir faoin mórcheantar sin inniu, agus a bhfuil ann a ruaigeadh? Tugaim faoi deara ar na hÚcránaigh a bhíonn ag labhairt Gaeilge ar na meáin Ghaeilge, gur fearr an Ghaeilge a bhíonn acu ná a lán de na ‘Gaeilgeoirí’ ó Éirinn. Is féidir dul chun seanbhróg le seilbh a éileamh ar thír.

    Dá gcuirfeadh sé isteach ar Aontachtaithe a bheith ag cailleadh Thuaisceart Éireann, toghlach ar thoghlach, is mó ná sin go mór a chuirfeadh sé isteach orthu Tuaisceart Éireann ar fad a chailleadh. Sin é a tharlóidh, faoi cheann glúine nó dhó, más faoi Shinn Féin a bheidh sé. Tá a chuma air go bhfuil Leo Varadkar, agus Ivana Bacik, ag aontú le Sinn Féin ar an méid sin –– de cheal smaoineamh ar bith a bheith ina gceann féin –– an t–athaontú a chur ar Reifreann chomh luath agus is féidir, faoin gcóras Reifrinn atá anois ann, thuaidh agus theas. Is féidir, faoin gcóras atá anois ann, go n–éireodh le mionlach na vótálaithe cláraithe, vóta TÁ a ghnóthú i Reifreann ar an scéal, tharla nach bunaithe ar vóta 50%+ de vótaí na vótálaithe cláraithe a bhíonn toradh Reifrinn ag brath, ach ar vóta an tromlaigh lá an Reifrinn féin. Bíonn céatadán ard staonta i Reifrinn, agus ní haon iontas é sin, mar nach córas daonlathach Reifrinn atá againn, ach córas olagarcach.

    Go dtí seo, is aischothú dearfach atá faighte agamsa ón bPobal Protastúnach thuaidh ar mo phleansa. Nílimse ag iarraidh go súifí isteach i bpobal mór na hÉireann Protastúnaigh Bhriotanacha Thuaisceart Éireann. Má thograíonn siad féin ar ball athaontú le Poblacht na hÉireann, sin é a gcúram. Gearóid Mac Ádhaimh, agus Conchúr Crúsach Ó Briain, bhí siad beirt ar an tuairim go mbeadh síocháin in Éirinn ó thús, mura mbeadh an chríochdheighilt éagórach a rinneadh ar Éirinn in 1925.