Is ionann daoine cáiliúla an cheantair i mBailiúchán na Scol agus fir na háite

Deirtear nach bhfaigheann minic onóir agus is léir gurbh amhlaidh do shaothar agus saol na mban sna 1930idí

Is ionann daoine cáiliúla an cheantair i mBailiúchán na Scol agus fir na háite

Pictiúr: Dúchas.ie

Is cosúil gur ceann de na hábhair a tugadh do na gasúir scoile agus Bailiúchán na Scol ar siúl i ndeireadh na 1930idí ná daoine mór le rá ina gceantar fhéin. Neart, lúthchleasaíocht, ceardaíocht, ceol, seanchas agus cumas oibre na tréithe ba mhó a luadh sna cuntais sin agus fir is mó a luaigh na gasúir ina gcuid cuntas.

Deirtear nach bhfaigheann minic onóir agus is léir gurbh amhlaidh do shaothar agus saol na mban an tráth úd. Ar athraigh dearcadh na ndaltaí agus an tsaoil mórán ó shin?

Agus mé ag póirseáil ar duchas.ie ag tóraíocht mná a thuill trácht, tháinig mé ar Máire Capall nó Máire Nee Horse a cuireadh mar cheannteideal leis an gcuntas Béarla as Scoil Nead an Iolraigh, Cluain Luáin i gceantar an Chlocháin i gConamara. Bhí Máire pósta le fear den chine Mac Giolla Phádraig ach a cumas oibre agus a haclaíocht a thuill cáil di. Bhíodh sí ag cniotáil agus í ag siúl roimpi agus gan ar a cosa ach troithíní nó miotáin. Chas Búrcach fir di lá a raibh carr agus capall aige ach is túisce a bhí sise sa gClochán ná eisean agus aicearra déanta aici trasna an tsléibhe. Gloine fuisce a thug sé di as a gaisce agus dúirt nach bhfaca a leithéid de bhean riamh agus bhaist Máire Horse uirthi.

Oíche amháin thug sí a haghaidh ar Ghaillimh (50 míle ann agus 50 eile as) le tuirne a cheannach agus bhí sí ar ais am suipéir lá arna mhárach agus tuirne aici ar a droim agus dhá phéire stocaí cniotáilte aici faoi bhealach. Ní bréag capall oibre a thabhairt ar Mháire.

Bhí Máire eile i mBéal an Átha Fada, Máire Ní Cheallaigh agus a hacmhainn mála dhá chéad mine a iompar ar a droim as an mbaile sin go Gleann Chóchan a chuir a hainm in airde.

Bhí scéal ag Beartlaí Ó Clochartaigh as an Aird Mhóir faoi bhean as an gCúilín, nach luann sé as a hainm, a raibh cáil na draíochta uirthi. Bhíodh a fhios ag an mbean seo dá mbíodh daoine ag caint uirthi nó ag magadh fúithi. Tháinig beirt bhan go dtí í lá agus gasúr tinn acu. Bhíodar théis a bheith ag eascainí uirthi agus bhí sí in ann gach ar dhúirt siad fúithi a rá ar ais leo ach leigheas sí an gasúr mar sin fhéin.

Tá seanchas ag bean as Bun Abhann i gceantar Bhaile na hInse faoi na mná a bhíodh ag obair ar Bhóithrín na Mine agus iad ag iompar clocha an bhóthair i gcléibh ar a ndroim. Ceithre pingine sa lá a fuaireadar agus an dream a rinne an bóthar sin min a d’fhaighidís. Luann sí Droichead an Bhrandaí freisin, ní mé an brandaí an luach saothair a fuair siadsan! Deir sí chomh maith go raibh an file Micheál Mac Suibhne ina gheaingear nó ina shaoiste ar an mbóthar sin.

Nach raibh curtha síos do Raiftearaí gur dhúirt sé faoi fhéin agus an Suibhneach:

‘Tá duine againn crosach
Agus duine eile againn mantach buí
Is nach maiseach an baile
A ngabhann an cúpla thríd.’

I gCathair Loistreáin a bhí Mary Monahan ina cónaí agus an-cháil uirthi mar bhean sníomhacháin. Deirtear nach raibh aon mhuirín uirthi agus nár fhoghlaim aon duine a ceird uaithi.

Mura raibh cáil ar na mná ní raibh siad díomhaoin mar a d’eachtraigh Johanna Crowley as Neidín i gcontae Chiarraí. Bhíodh barrach le scobladh den líon, olann le cardáil agus le spíonadh agus gan de sholas acu ach sopóg nó maide giúsaí lasta. Bhí an snáth le tabhairt ag an bhfíodóir ansin le flainín a dhéanamh de sula ndéanadh na mná éadach an teaghlaigh. Deir Johanna gur sa mbaile a dhéantaí gach ball éadaigh don chomhluadar seachas hataí na bhfear agus clócaí pósta na mban. Féach mar sin fhéin gurbh iad na táilliúirí agus na fíodóirí a luadh ar pár mar cheardaithe mór le rá seachas aon bhean. Ní dóigh go raibh aon saibhreas á dhéanamh ag na fir fhéin an tráth úd ach nach ndeirtear gur fearr clú ná conách.

Luann Frank Kierans as Muineachán an lámhcheardaíocht ar fad a bhí ar siúl sa gceantar sin ach ní raibh le rá aige faoi na ceardaithe ach “all the women & girls were kept very busy”. Luann sé gur shaothraigh muintir Mhic Gabhann £20 ar a gcuid déantús lása, chuirfinn geall gurbh iad mná an tí a rinne an lása sin a bhfuil cáil ar fud an domhain air. Bhíodh na mná ag cuilteáil freisin agus ag déanamh coinnle as luachair agus rópaí as an mbarrach.

Luann Mairéad Ní Fhátharta, as Inis Ní, Nuala Ní Uaithnín as an oileán a chum an t-amhrán Bláth na hÓige. Deir cailín eile gurbh as An tOileán Gorm í Nuala a chumadh amhráin faoi “na báid a bhíodh ag gabháil thar an teach”.

Ní le mná Mhaigh Eo ab fhaillí é ó thaobh treallúis is teacht aniar. Tá cuntas againn faoi éachtaí Mháire Ní Thuathail as Sraith an tSeagail a chuir 50 míle de thuras lae di. “Bhí ar Mháire a dhul go Cill Ala le haghaidh leathchéad salainn mar ní raibh salann le fáil níos giorra ná sin. D’éirigh sí go moch agus chuaigh sí trasna na sléibhte agus na gcnoc agus na n-ardán go dtáinig sí go Cill Ala a bhí 25 míle uaithi. Thug sí léi an salann ar a droim abhaile. Ní raibh bróg ná stoca uirthi ach clóca, mar sin iad an cineál éadaigh a bhíodh orthu fadó. Bhí sí sa mbaile arís tráthnóna leis na ba a bhleán.”

Nach deacair a rá nach raibh beag is fiú á dhéanamh de scileanna, saothar agus am na mban an tráth úd agus an daille sin á daingniú sa scoil. Is léir nárbh aon údar suntais ag oidí nach raibh de cháil ag na scoláirí ar mhná ach an sclábhaíocht agus gur bheag a mbuíochas as a gcuid tiarála. Cén t-iontas gur éalaigh go leor de na mná óga a scríobh na cuntais leo as an tír.

Fág freagra ar 'Is ionann daoine cáiliúla an cheantair i mBailiúchán na Scol agus fir na háite'

  • Pól Ó Braoin

    Ní thuigimid obair na gcapall a dhéanann na mná. Tá sin fós le feiceáil abhus. Sampla: Fanann an bhean sa teach ag tógail chlainne agus téann a fear amach ag obair. Níl sí i dteideal aon íocaíocht ar leith mar tá a fear ag obair. Téann an bhean amach ag obair agus fanann a fear sa teach ag tógáil chlainne agus gheobhaidh seisean an dól.

  • Máire

    Maith thú a Mháire.