Is geall le féasta iomána i lár an fhómhair é…

Tá cluichí móra ar siúl sna cúigí an deireadh seachtaine agus cluichí spéisiúla ar siúl thall i Meiriceá leis

Is geall le féasta iomána i lár an fhómhair é…

Pauric Mahony ag imirt do Bhaile Gunnair. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Is geall le lá i lár an fhómhair é agus an méid cluichí tábhachtacha a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá sé go hiontach do na leantóirí agus do shaoithe na teilifíse ach céard faoi na himreoirí sin nach bhfuil ag fáil mórán sosa in aon chor? Bhí mórán cainte tamall ó shin faoi imreoirí a bheith spíonta traochta. Agus beidh imreoirí dá leithéid ag imirt amárach, imreoirí nach raibh mórán de bhriseadh acu le cúpla bliain anuas. 

A mhalairt sin de scéal é ag formhór na n-imreoirí club mar nach mbíonn a ndóthain cluichí acu agus nach mbíonn aon chluiche in aon chor acu i rith an tsamhraidh. Sin díospóireacht do lá eile, is dócha. 

Amárach beidh Baile Baodáin agus Cúl Doire ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc Parnell i gcluiche leathcheannais shinsir Chúige Laighean agus imreoidh Baile Héil agus Naomh Éanna a chéile i bPáirc Loch Garman sa gcluiche leathcheannais eile. Agus dar ndóigh, tá cluiche tábhachtach eile ar siúl sa Ghaillimh agus an chraobh shinsir á himirt. Seo cath idir seaimpíní 2016, Naomh Tomás agus seaimpíní na bliana anuraidh, Liam Ó Maoilíosa. Bhí ceathrar as Naomh Tomás ar phainéal na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana agus gan aon duine in aon chor ag na Maoilíosaigh, rud a thugann an buntáiste do churaidh 2016, déarfá.

Amárach freisin a bheidh cluiche ollmhór eile againn i gcúige Mumhan agus cluiche ceannais an chúige ar siúl. Cad é mar dhifríocht a bhí idir an dá chluiche leathcheannais coicís ó shin. Thug na Piarsaigh greadadh ceart do Cluain Ultaigh Ros Mór agus b’éigean dhá thréimhse d’am breise a imirt chun Baile Gunnair agus Baile Aodha a scaradh óna chéile sular éirigh le fir na nDéise an beart a dhéanamh.

Amárach beidh buaiteoirí na gcluichí sinn á fhéachaint le chéile i nDurlas Éile. Dar ndóigh is iad ionadaithe Luimnigh atá ina rogha láidir ag na geallghlacadóirí. Seo é an cúigiú huair acu a bheith ag glacadh páirte sa chomórtas seo agus níl oiread is cluiche amháin caillte acu fós. Más aon chomhartha é an cluiche leathcheannais, déarfainn go mbeadh sé thar a bheith deacair ag Baile Gunnair iad a chloí. Tá foireann fhíorláidir ag na Piarsaigh agus fios a gcúraim acu. Ach, chomh maith leis sin, thaispeáin siad coicís ó shin go bhfuil mianach ar leith iontu agus go dtroidfidh siad go dtí an deireadh. 

An deireadh seachtaine seo freisin, beidh ceithre chontae ar camchuairt chuig na Stáit Aontaithe.

Na Super 11s a thugtar ar an gcomórtas a bheidh á imirt i bPáirc Fenway i mBoston amárach. Leagan dár spórt iontach atá anseo a bhfuil mionathruithe déanta air lena chur in oiriúint do spásanna atá níos lú ná an ghnáthpháirc imeartha. Beidh curaidh na hÉireann, Luimneach, ag imirt i gcoinne Loch Garman agus beidh curaidh na Mumhan, Corcaigh, i gcoinne churaidh an chomórtais seo, contae an Chláir, ar pháirc atá céad slat ar fhaid agus caoga slat ar fhichid ar leithead. 

Go bunúsach bíonn na rialacha mar an gcéanna leis an ngnáth-iománaíocht ach tá athrú mór déanta ar an gcóras scórála. Ní cheadaítear aon chúilíní. Tá zón scórála ar an dá thaobh agus is fiú trí chúilín aon chúl a aimsítear ó laistigh den zón sin. Is fiú cúig chúilín aon chúl ó thaobh amuigh den zón. Beidh fiche nóiméad i ngach leath den chluiche agus imreofar na trí cluiche, ceann i ndiaidh a chéile. Beidh pocanna éirice i gceist má bhíonn foirne ar comhscór in aon chluiche. 

Cúpla rud spéisiúil ná go mbeidh TMO (réiteoir teilifíse) agus ‘bosca na bpeacaí’ (loca pionóis) á n-úsáid, agus beidh cead ag imreoirí poc saor a thógáil ar an bpointe boise (sórt tap agus imigh). 

Mar sin gabhaigí amach ag na cluichí má tá an fonn sin oraibh nó luígí siar ar an tolg, an zaipire in aice láimhe, agus bainigí sult as cuid den aicsean a bheidh ar TG4 an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Is geall le féasta iomána i lár an fhómhair é…'