Is gá dul i ngleic leis an ‘easpa eolais’ faoi bhuntáistí an oideachais lán-Ghaeilge – An Roinn Oideachais

Sa chreatpholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, deirtear go bhfuil gá le straitéis cumarsáide nua ionas go n-éireoidh leis an pholasaí cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge

Is gá dul i ngleic leis an ‘easpa eolais’ faoi bhuntáistí an oideachais lán-Ghaeilge – An Roinn Oideachais

Deir an Roinn Oideachais gur gá dul i ngleic leis an “easpa eolais” faoin oideachas lán-Ghaeilge a fhágann go mbíonn amhras ar thuismitheoirí faoi scoil lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí.

Tá molta ag an Roinn go gcuirfí straitéis cumarsáide ar bun a dhíreoidh ar thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu agus ar thuismitheoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais ag a gcuid páistí chun buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge a chur in iúl dóibh.

Sa chreat nua don oideachas lán-Ghaeilge, deirtear go bhfuil gá le straitéis cumarsáide le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge a mhéadú agus chun earnáil “ionchuimsitheach” a dhéanamh d’earnáil an ghaeloideachais.

Deir eagraíochtaí oideachais agus teanga gurb é an bac is mó ar fhás an oideachais lán-Ghaeilge ná easpa deiseanna agus scoileanna lán-Ghaeilge agus tá cáineadh láidir déanta acu ar an chreatpholasaí nua.

Deirtear go mbeidh gá le tuismitheoirí “a mhisniú agus a spreagadh” chun rogha an oideachais lán-Ghaeilge a dhéanamh ionas go n-éireoidh leis an pholasaí nua cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge.

“Aithnítear, chomh maith, go bhfuil tábhacht ar leith le suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach, ilteangach, ilchultúrtha agus fáilteach do chách, a chinntiú san earnáil,” a deirtear.

An aidhm leis an straitéis cumarsáide seo “buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge a roinnt go forleathan” agus “oiriúnacht an oideachais lán-Ghaeilge do scoláirí nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag a dtuismitheoirí a léiriú” a deirtear.

Deir an Roinn gur páistí ó chúlraí éagsúla iad 1% de na daltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge agus go bhfuil gá le straitéis a théann i bhfeidhm ar thuismitheoirí ó chúlraí éagsúla nach roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair.

“Cé go gcuirtear fáilte roimh pháistí agus daoine óga ó gach cúlra i scoileanna lán-Ghaeilge, is mó seans go bhfreastalóidh daltaí a bhfuil náisiúntacht eile acu seachas náisiúntacht Éireannach ar scoileanna meán-Bhéarla,” a deirtear sa chreatpholasaí nua.

Deir an Roinn go bhfuil gá chomh maith le feachtas feasachta a mhíneodh do thuismitheoirí go bhfuil an t-oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Cé go léiríonn an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go bhfuil an tumoideachas oiriúnach do pháistí agus daoine óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, deir an Roinn gur léir go bhfuil “easpa eolais” i measc tuismitheoirí faoin cheist.

I suirbhé a reáchtáladh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi dhréachtú an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, dúirt 52% de thuismitheoirí nár chreid siad gur féidir leis an oideachas lán-Ghaeilge freastal go héifeachtach ar pháistí agus ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Deir an Roinn gur chuir tuismitheoirí eile in iúl dóibh nár roghnaigh siad an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí mar go raibh riachtanais speisialta oideachais acu.

Deir an Roinn gur gá straitéis cumarsáide a dhíreodh ar theaghlaigh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais ag a gcuid páistí agus ar chomhairleoirí oideachais agus leighis a chuireann comhairle ar na teaghlaigh sin.

“Is léir, chomh maith, go dtarlaíonn sé fós uaireanta go gcuireann roinnt saineolaithe oideachais comhairle ar thuismitheoirí gan an t-oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí má tá RSO acu,” a deirtear.

Deirtear go mbeadh gá le tacaíochtaí agus seirbhísí breise do scoileanna Lán-Ghaeilge le freastal ar pháistí ó chúlraí éagsúla agus ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is faoin Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a bheas sé an straitéis cumarsáide a reáchtáil.

Tá imní léirithe ag eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais faoin “easpa uaillmhéine” agus “dóchais” a bhaineann leis an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Fág freagra ar 'Is gá dul i ngleic leis an ‘easpa eolais’ faoi bhuntáistí an oideachais lán-Ghaeilge – An Roinn Oideachais'

  • Billy an Ghoirt

    Tá fhios ag níos mó ná 20% den phobal ar a laghad chéanna ach tá níos lú ná 8% de pháistí na tíre sa ghaeloideachas.
    Tá an t-éileamh ann cheanna.
    2024 atá ann – ní 1999.

    An bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh seachmall a chur orainn? Nó an bhfuil síad ag maireachtáil in 1999 i ndáiríre?