‘Is gá ceist na Gaeilge a chur faoi bhráid Thionól na Saoránach’

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna go bhfuil an cur chuige i leith mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ‘neamhshoiléir’ agus ‘míréadúil’ agus go mbítear ag súil leis an iomarca ó na scoileanna

‘Is gá ceist na Gaeilge a chur faoi bhráid Thionól na Saoránach’

Is gá ceist na Gaeilge a chur faoi bhráid Thionól na Saoránach chun a fháil amach cad ba mhaith leis an bpobal, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna.

Ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, go bhfuil an cur chuige i leith mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais “neamhshoiléir” agus “míréadúil” agus go mbítear ag súil leis an iomarca ó na scoileanna.

Dúirt sé chomh maith gur chóir do dhaoine ar chás leo an Ghaeilge “éirí as a bheith ag súil go ndéanfaidh an córas oideachais míorúilt dúinn, ach níl sin chun tarlú”.

“Teastaíonn comhrá poiblí, ag An Tionól Saoránach, mar shampla, ar an bhfís atá againn do ról na Gaeilge sa tsochaí agus an chaoi is fearr ar féidir leis an gcóras oideachais cabhrú le baint amach na físe sin,” arsa Ó Duibhir

“Beimid in ann polasaí Gaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an ollscoil a leagadh amach bunaithe ar an bhfís sin. Tá eiseamláirí le fáil againn i ndlínsí eile, mar shampla, an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach.”

Pléadh ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna cás na Gaeilge san fheachtas de chuid an Rialtais, ‘Ag Múnlú ár dTodhchaí’.

Faoin bhfeachtas sin fuarthas breis is 18,000 aighneacht ón bpobal faoi dhearcadh daoine i leith thodhchaí na hÉireann agus faoi na nithe ar mhaith leo go ndéanfaí taighde fúthu.

Phléigh formhór na n-aighneachtaí a fuarthas faoin nGaeilge leis an gcóras oideachais agus le háit na teanga sa phobal.

Thug Ciarán Seoighe, Leas-Ard-Rúnaí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, le fios don choiste gurb é ceann de na téamaí is coitianta i leith na Gaeilge sna haighneachtaí ná an gá athmhachnamh a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh daoine ag iarraidh go ndéanfaí taighde chomh maith faoin nasc idir an Ghaeilge agus an spórt, faoi thuiscint daoine ar an nasc idir an Ghaeilge agus ár n-aitheantas cultúrtha agus náisiúnta agus faoi conas gnáthchuid den saol a dhéanamh den Ghaeilge.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir nach bhféadfadh córas oideachais ar bith cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

“An t-aon rud gur féidir le córas oideachais a dhéanamh ná daoine a chumasú sa teanga agus é sin a dhéanamh ar bhealach a mbeidh dearcadh dearfach ag na foghlaimeoirí́ i leith na teanga.

“Tá an fhís atá againn do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais neamhshoiléir, míréadúil agus tá na hionchais ró-ard, dar liom.”

Dúirt sé gurb í an aidhm a bhí ann i 1922 ná córas lán-Ghaeilge sna bunscoileanna. Faoi 1940 bhí  12% de scoileanna ag múineadh trí Ghaeilge agus bhí go leor múinteoirí eile ag múineadh ábhar eile trí Ghaeilge.

Ach ag laghdú atá an t-am a chuirtear ar leataobh do theagasc na Gaeilge le blianta fada, a dúirt Ó Duibhir.

“Laghdaíodh an t-am do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna go cúig uair an chloig sa tseachtain i 1971, go 3.5 uair sa tseachtain i 1999, agus tá sé molta é a laghdú́ go 3 uair sa tseachtain faoi Chreat Curaclaim na Bunscoile (2023), ach níor athraigh na hionchais atá againn.”

Fág freagra ar '‘Is gá ceist na Gaeilge a chur faoi bhráid Thionól na Saoránach’'