Is furasta locht a fháil ar Ghaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí ach ceist chasta í

In ainneoin bhuntáistí an dátheangachais agus bhuntáistí breise na Gaeilge ní mór a aithint go mbíonn cúiseanna éagsúla ag tuismitheoirí maidir lena ‘rogha’ teanga sa bhaile

Is furasta locht a fháil ar Ghaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí ach ceist chasta í

Thug mé suntas don alt le Fachtna Ó Drisceoil a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite. Bhí an Drisceolach ag iarraidh adhmad a bhaint as an rogha a dhéanann roinnt cainteoirí Gaeilge gan an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga lena bpáistí. Ceist chasta chigilteach í seo, dar ndóigh, agus bíonn an t-iliomad cúiseanna leis an gcinneadh.

Ar an gcéad dul síos, ní miste a rá nach go rómhaith a chuireann na focail ‘rogha’ agus ‘cinneadh’ síos ar an bpróiseas ina socraítear mórtheanga dhomhanda (an Béarla) mar ghnáth-theanga an teaghlaigh. Ní i gcónaí a chuirtear saincheisteanna teanga sa mheá agus tuismitheoirí ag machnamh ar an tslí lena bpáistí a thógaint. Go deimhin féin, b’fhéidir nach dtabharfaí aird dá laghad ar an teanga agus na cúrsaí sin á socrú.

I gcás mionteangacha cosúil leis an nGaeilge, is teangacha ‘marcáilte’ iad go minic. Dá réir sin, ní trí chiotrainn a dhéantar teangacha baile díobh. De ghnáth, teastaíonn machnamh agus beartas nó polasaí teanga follasach le go socrófaí iad mar ghnáthurlabhra an teaghlaigh. Ní hamhlaidh i gcás an Bhéarla. Má shocraítear an Béarla mar ghnáth-theanga bhaile in éagmais beartas teanga follasach, ní go fánach a tharlaíonn an méid sin. Toradh is ea é ar stádas an Bhéarla mar theanga chumhachtach neamh-mharcáilte a bhfuil úinéireacht ag an domhan mór uirthi. Sa chomhthéacs sin, chítear gur cuid de nádúr an tsaoil é go n-úsáidfí an Béarla sa teaghlach.

Ina dhiaidh sin féin, ní beartas de facto a bhíonn i gceist i gcónaí le stádas an Bhéarla mar theanga bhaile ag cainteoirí Gaeilge. Cinneadh comhfhiosach ag roinnt tuismitheoirí (a bhfuil Gaeilge acu) Béarla a labhairt lena gclann. Nuair a dheartar beartas teanga follasach i dteaghlach, bíodh sin ina bheartas aonteangach le Gaeilge, ina bheartas aonteangach le Béarla, nó ina bheartas dátheangach le Gaeilge agus le Béarla sa teaghlach, tá mé ag déanamh gurb é leas na clainne a bhíonn ag dó na geirbe ag tuismitheoirí den chuid is mó. Más go híorónta féin a deir sé é, is dóigh liom go leagann Ó Drisceoil a mhéar ar an bpointe tábhachtach seo ag deireadh a ailt:

‘An é sin é i ndáiríre atá á rá agatsa agus ag Gaeilgeoirí eile a roghnaíonn gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí – go síleann sibh gur chun leasa bhur bpáistí iad a thógáil le Béarla, agus nach chun a leasa iad a thógáil le Gaeilge?’

Sin go díreach atá i gceist le beartais fhollasacha teanga i gcoitinne, dar liom – leas na bpáistí. Maidir le beartais a chuireann an Béarla chun tosaigh sa teaghlach, cur chuige é sin a dheartar ar mhaithe leis an aonteangachas sa Bhéarla uaireanta, ach gheobhadh gurb é an dátheangachas cothrom sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bhíonn mar sprioc aige chomh maith.

Cuirtear beartas follasach ar son an aonteangachais sa Bhéarla i bhfeidhm uaireanta ar mhaithe lena chinntiú go n-éireoidh le páistí ardchumas a bhaint amach sa teanga sin. Ina dhiaidh sin, bítear ag súil is go mbeidh an chlann in ann teacht i dtír ar na buntáistí a roinneann le cumas a bheith ag duine sa teanga sin san eacnamaíocht pholaitiúil dhomhanda. Tuiscint an duine ar dhinimicí forbartha teanga a stiúrann an cur chuige sin. Gheobhadh go mbeadh sé le tuiscint ag tuismitheoirí nach n-éireodh lena bpáistí ardchumas a bhaint amach sa Bhéarla murach go bhfuil an teanga sin mórthimpeall orthu sa mbaile.

Míthuiscint sheanbhunaithe í sin, dar ndóigh, a scaip teangeolaithe ó thús na haoise seo caite agus maireann sí go fóill. Fágann an mhíthuiscint sin go gcreidtear uaireanta nach acmhainn don duine óg dhá theanga a láimhseáil, gur bac é sealbhú teanga amháin ar shealbhú iomlán teanga eile agus nach bhfuil sé indéanta ardchumas a bhaint amach ach i dteanga amháin.

Lena chois sin, bíonn sé le tuiscint go fóill i measc sciar den phobal go gcuirfidh an dátheangachas isteach, ní hamháin ar an bhforbairt theangeolaíoh, ach ar an bhforbairt intleachtúil agus chognaíoch chomh maith céanna. In amanta, más ea, féachtar ar úsáid dhá theanga sa teaghlach mar chur chuige le seachaint.

Daingnítear an meon sin, is baolach, nuair a chuireann sciar den aos gairmiúil comhairle ar thuismitheoirí nó ar scoileanna gur réiteach ar fhorbairt neamhthipiciúil páiste é an t-aonteangachas. Daingníonn an córas díolúintí ón nGaeilge an daontuiscint sin faoi láthair, mar shampla, agus gheobhadh gur aonteangachas le Béarla an beartas teanga teaghlaigh a chuirfí i bhfeidhm dá dheasca. Bíodh is go mbeadh míthuiscint faoin bhforbairt teanga mar bhonn ag an gcinneadh sin, is ar leas an pháiste a ghlacfaí é.

Ar an lámh eile, uaireanta is é a bhíonn in úsáid an Bhéarla mar phríomhtheanga ná straitéis le cur ar chumas an pháiste comhchumas a bhaint amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Má tá páiste ag freastal ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge, nó má tá an Ghaeilge á labhairt sa phobal, bíonn sé le tuiscint uaireanta ag tuismitheoir go bhféachfaidh an scoil agus an pobal faoin gcumas sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin, tugann roinnt cainteoirí Gaeilge orthu féin féachaint faoin gcumas sa Bhéarla trí Bhéarla a labhairt leis na páistí. Tá an cur chuige sin bunaithe ar mhíthuiscint bhunúsach faoi dhinimicí an dátheangachais nuair is teanga mhionlaithe atá i gceist agus faoin tslí a mbaintear amach an dátheangachas sciliúil sa chomhthéacs sin.

Mar sin féin, sa chás is nach teanga bhaile a bhí sa Ghaeilge do thuismitheoirí agus iad féin ag fás aníos agus sa chás is gur thug siad leo an Ghaeilge ón gcóras oideachais, ón bpobal nó óna gcuid iarrachtaí pearsanta féin, bíonn turas teanga an tuismitheora ar fáil mar mhúnla agus clann á tógaint. Sa tslí sin, cuireann roinnt tuismitheoirí a bpáistí ar an mbóthar céanna a thóg siad féin.

Bíonn cumas agus eispéireas teanga an tuismitheora tábhachtach sa chinneadh chomh maith. I gcás daoine dátheangacha agus ilteangacha trí chéile, bíonn inniúlachtaí difriúla acu i bhfearainn teanga dhifriúla. Mar sin, bíonn an duine dátheangach níos inniúla agus níos compordaí i dteanga áirithe i bhfearainn áirithe. Mar shampla, gheobhadh go mbraithfeadh tuismitheoir gur fearr a shásaíonn an Béarla a cuid riachtanas teanga i bhfearann pearsanta an teaghlaigh agus gur Béarla a labhraíonn sí lena páistí agus lena céile mar gheall air sin. Tá cúinsí mothaitheacha sa mheá dá réir sin, óir ba leasc le duine teanga a úsáid lena páistí nach gcuireann ar a cumas dlúthchaidreamh mar ba mhaith léi a chothú.

In ainneoin bhuntáistí an dátheangachais agus bhuntáistí breise na Gaeilge, más ea, ní mór a aithint go ndéanann tuismitheoirí ‘rogha’ maidir leis an teanga bhaile laistigh de chomhthéacs áirithe. I measc tosca eile, tá san áireamh: cumhacht an Bhéarla mar theanga an domhandaithe; daontuiscintí ar an bhforbairt teanga; turas teanga an tuismitheora féin; cumas teanga an tuismitheora; agus cúinsí mothaitheacha. Is fuirist an ‘milleán’ a chur ar thuismitheoirí as Béarla a labhairt lena gclann ach ní miste an comhthéacs casta ina ndéantar an cinneadh sin a chíoradh.

Fág freagra ar 'Is furasta locht a fháil ar Ghaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí ach ceist chasta í'

  • Béarla teanga an Stáit

    Ní mór an ról diúltach a bhí agus atá ag an Státchóras maidir le lagú na Gaeilge mar theanga phobail sna 26 contae a chur san áireamh. Ní oileán clann ar bith.

  • Léitheoir

    Is cinnte gur ceist chasta í teanga an teaghlaigh nuair a chuirtear na tosca sin ar fad san áireamh. Mar sin féin, tosaíonn an sealbhú teanga sa mbaile agus is cinnte gur treise go mór dúchas ná oiliúint i gcás na mionteanga. Ar ndóigh, bíonn a gcuid cúiseanna féin ag tuismitheoirí a gclann a thógáil le Béarla, bídís sa nGaeltacht nó sa nGalltacht. Ach feictear dom go mbíonn na cúiseanna sin, den chuid is mó, bunaithe ar aineolas nó ar mhíthuiscintí faoi chúrsaí sealbhaithe teanga. Má bhíonn teanga ag páiste ón gcliabhán tabharfaidh sé leis an teanga sin go héasca agus go nádúrtha. Tá tábhacht ar leith ag baint le gasúir a thógáil le Gaeilge mar tá muid timpeallaithe ag an mBéarla agus is beag seans eile a gheobhaidh sé nó sí an Ghaeilge a shealbhú go leibhéal cainteora dúchais. Ní haon bhaol don Bhéarla mar baineann gach duine in Éirinn sa lá atá inniu ann ardlíofacht amach ann fiú más as an gceantar is láidre Gaeltachta sa tír iad. Tá an lá sin caite go raibh daoine ann sa nGaeltacht a raibh droch-Bhéarla acu. Tá gach duine sa nGaeltacht anois atá faoi bhun 40 (nó fiú 50 faoin tráth seo) chomh líofa céanna sa mBéarla is a bheadh duine as Baile Átha Cliath. Is é leas a pháiste an chloch is mó ar phaidrín gach tuismitheora agus níl ach buntáistí ag baint le gasúir a thógáil le Gaeilge.