‘Is fógra suntasach é seo ní hamháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad’ – fáilte curtha roimh fhorbairt ché Ros an Mhíl

Deir Údarás na Gaeltachta gurb é forbairt na cé domhainfharraige an chéad chéim maidir le Ros an Mhíl a fhorbairt mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta

‘Is fógra suntasach é seo ní hamháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad’ – fáilte curtha roimh fhorbairt ché Ros an Mhíl

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go gcuirfidh an fhorbairt atá beartaithe do Chalafort Ros an Mhíl borradh faoi chúrsaí fostaíochta i gConamara agus go mbeidh tionchar aici ar chúrsaí athraithe aeráide chomh maith.

D’fhógair an Rialtas inné go bhfuil infheistíocht €25 milliún le déanamh le cé dhomhainfharraige a fhorbairt i Ros an Mhíl.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue go spreagfadh an fhorbairt an tionscal bia mara sa cheantar ach tá béim curtha ag Údarás na Gaeltachta ar na féidearthachtaí a chruthóidh an ché ó thaobh cúrsaí fuinnimh in-athnuaite.

I dtuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta anuraidh, moladh Calafort Ros an Mhí a úsáid mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus dúradh go bhféadfaí breis is 900 post a chruthú in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe.

Deir an tÚdarás gurb é forbairt na cé domhainfharraige “an bhunsraith ar a mbeidh fíorú na tuarascála seo bunaithe”.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair gur “fógra suntasach é seo ní amháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad”.

“Tá deis iontach anseo don tír trí chéile leas a bhaint as an acmhainn fuinnimh atá ar fáil amach ó chósta an Iarthair agus cuireann Bord Údarás na Gaeltachta an-fháilte roimh fhógra an Aire McConalogue agus an Rialtais. Cruthóidh mol forbartha straitéiseach infheistíocht shuntasach sa cheantar, ag cur le saol an phobail, ag cruthú fostaíochta agus ag laghdú an tionchair ar an athrú aeráide.

“Tá muid ag súil comhoibriú lenár gcomhghleacaithe ar fad agus leis an bpobal áitiúil ach go háirithe, chun na deiseanna atá ar fáil anois a fhíorú agus infheistíocht leanúnach inmharthana a thabhairt chun na Gaeltachta,” a dúirt Ní Ghallachair.

Ach cead forbartha a fháil, tá sé i gceist ag comhlacht mór idirnáisiúnta feirm ghaoithe mhór a thógáil sna Sceirde amach ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara agus meastar gur gá forbairt mhór a dhéanamh ar ché Ros an Mhíl chun go mbeifí in ann freastal ar an bhforbairt sin.

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh fáilte mhór roimh fhógra an Rialtais chomh maith agus dúirt go bhfuil deis anois ag an Údarás an talamh atá acu i Ros an Mhíl a fhorbairt.

“Cuirfidh an ché domhainmhara go mór le hinfreastruchtúr gnó Ghaeltacht na Gaillimhe, rud a chuirfidh deiseanna fostaíochta ar fáil chomh maith le deiseanna  earnáil an fhuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn.

“Tá oiread acmhainn ghaoithe amach ó chósta an iarthair agus a chabhróidh go mór le spriocanna athraithe aeráide na tíre – rud a léiríodh sa tuarascáil a d’fhoilsigh muid anuraidh.

“Cuirfidh an tionscnamh ollmhór seo iliomad deiseanna ar fáil don cheantar stairiúil calafoirt seo agus don cheantar níos leithne, rud a chuirfidh borradh faoin eacnamaíocht áitiúil agus cúrsaí gnó trí chéile agus súil againn tacú leis sin amach anseo agus na féidearthachtaí a bhaineann le talamh na heagraíochta in aice an tsuímh a fhorbairt.”

Dúirt an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inné go rabhthas ag iarraidh áiseanna chomh maith leosan atá sna Cealla Beaga agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, péire de na cuain iascaigh is mó in Éirinn, a fhorbairt i Ros an Mhíl

Tá sé i gceist fad 200 méadar breise a chur le taobh na cé i Ros an Mhíl agus go mbeidh an domhain 70% níos mó ansin nuair a bheidh an obair curtha i gcrích. D’fhágfadh sin go mbeifí in ann freastal ar bháid iascaireachta níos mó agus táthar ag súil go meallfar iasc breise ó bháid iascaireachta Éireannacha agus eachtracha.

Meastar go nglacfaidh sé 28 mí leis an obair thógála a chríochnú agus deir an Roinn go bhfuil súil ann conradh tógála a chur amach ar tairiscint níos deireanaí i mbliana.

Fág freagra ar '‘Is fógra suntasach é seo ní hamháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad’ – fáilte curtha roimh fhorbairt ché Ros an Mhíl'