Is fiú go mór turas a dhéanamh in éineacht ‘The Aeronauts’

Scannán é ‘The Aeronauts’ le Tom Harper a chaithfear d’fheiscint ar an scáileán is mó dá bhfuil teacht agat air, IMAX féin más féidir

Is fiú go mór turas a dhéanamh in éineacht ‘The Aeronauts’

Scannán drámatúil aicsin é The Aeronauts atá bunaithe ar eachtraí ó ré na taiscéalaíochta balúin sa naoú haois déag. Éiríonn thar barr leis mar gur mór againn Felicity agus James agus gach a dtiteann amach eatarthu.

Idir ghile Felicity Jones agus chúthaileacht staidéartha Eddie Redmayne bhí leath na hoibre déanta ag Tom Harper a luaithe is a d’fhostaigh sé an bheirt acu dá homage do na ceannródaithe go léir a chuir chun na spéartha fadó in éadromáin chontúirteacha den uile dhath is déanamh. Caith Vincent Perez agus mo sheanchara Tom Courtenay isteach sa phota freisin agus tá Harper ar sheol na braiche ceart, nó ‘away for slates’ mar a deirtear i mBéarla na hÉireann i gcontae Chorcaí mo dhúchais.

Baintreach óg shaibhir í Amelia Rennes, bean chróga neamhspleách ar cuma léi faoi rialacha Victeoiriacha a linne.

I gcás Amelia ní choinníonn frois frais an pharlúis coinneal d’iontais na spéartha ná d’aidréanailín na heitilte. Bean don aonú haois is fiche. Bean a bheadh ag válcaeireacht sa spás ón Stáisiún Spáis dá mba beo beathach anois í.

Is cumasc mar charachtar  í Amelia atá bunaithe ar bheirt aerloingseoirí mná: Margaret Graham, bean seoigh den scoth a d’fhógair gurbh í féin ‘The Only English Female Aeronaut’, agus Sophie Blanchard, Francach mná a bhíodh ag eitilt go gairmiúil ina haonar tar éis bhás a céile i dtimpiste bhalúin. Tá gaol Amelia lena fear céile Pierre sa scannán bunaithe ar eitiltí Sophie Blanchard lena céile stairiúil siúd Jean-Pierre Blanchard.

Agus sin, go bunúsach, creatlach leath amháin den dráma. Tá go leor eile ann. Cad faoi James Glaisher, meitéareolaí? Carachtar stairiúil, nó ficsin? Stairiúil. Agus an bhfuil aon bhunús le príomheachtra an scannáin, eitilt in 1862 a ghnóthaigh curiarracht nua airde, 38,999 troigh? Tá. Rinne Glaisher agus aerloingseoir darbh ainm Henry Coxwell an gaisce sin le chéile.

De bharr zeitgeist an #metoo agus ar son na drámaíochta tugadh an ghualainn do Coxwell bocht as ciseán ‘The Aeronauts’ agus ní gearánta domsa ach go háirithe más í ‘Amelia’ Felicity Jones atá ina píolóta ina ionad.

Is beag meas a bhí ag bunaíocht eolaíochta Shasana, péacóga an Royal Society of London for Improving Natural Knowledge, ar Glaisher ná a chuid teoiricí. Níor ghlac siad fiú go mba ‘eolaíocht’ í an mheitéareolaíocht. Ba cheap magaidh ina measc siúd é go dtí go ndearna sé na tástálacha go léir ar an eitilt sin, beart a chuir disciplín nua na meitéareolaíochta ar a bhonnaibh.

Ach, cén gaiste sa phlota a chas an t-eolaí Glaisher agus an t-aerloingseoir Amelia le chéile sa scannán? Bhuel, dhiúltaigh an bhunaíocht eolaíochta maoiniú a ligfeadh dó éadromán a choimisiúnú agus an turas taiscéalaíochta a thionscnamh.

Múineann gá seift. Bhí idir airgead agus cumas píolóta ag Amelia Rennes. D’iarr Glaisher uirthi balún a sholáthar agus é a eitilt dó. Dhiúltaigh sí ar dtús. Lean sé air ag impí uirthi agus diaidh ar ndiaidh mheall sé lena ionracas fearúil í.

 

Tá Redmayne agus Jones ar an scáileán chomh fada sin le chéile, formhór an ama ina n-aonar, nach aon ionadh, más go drogallach éiginnte féin é, go gcothaítear splanc de shaghas eatarthu.

Idir an cúlra stairiúil, carachtair a bhfuil frissance eatarthu, scannánaíocht den scoth, CGI atá iomlán inchreidte, snáithe scéil atá spéisiúil agus trasghearradh éifeachtach a iompraíonn an cúlscéal nuair is gá, ní baol do ‘The Aeronauts’.

Cuir leo sin ar fad áilleacht na bpictiúr agus crógacht na beirte a bhí ag dul go háit nár imigh éinne riamh cheana agus tá ábhar iontach scéil agat.

Ní mó ná sásta a bhí lucht an Royal Society of London for Improving Natural Knowledge faoin scannán. ‘It’s a great shame that Henry (Coxwell) isn’t portrayed…blah, blah, blah….’

Agus, faoi dheireadh, tar éis válsa na milliún féileacán thart orthu na mílte míle troigh thuas san aer, rud a chruthaíonn teoiric John Trew (Perez) go n-iompraítear feithidí go hard ar ‘sruth aeir’ chugainn, cromann Glaisher ar lear mór sonraí a thástáil. Seolann sé na sonraí sin síos díreach chun talún le colúir, ‘in case we don’t make it’.

Dá airde is fuaire, ach tiomáineann siad orthu beag beann ar chiall agus réasún. Agus Glaisher gan aithne gan urlabhra cheal ocsaigine, b’éigean d’Amelia éacht iontach a dhéanamh le go dtiocfadh siad slán as an ngátar. Ní méaldráma scanrúil go dtí é!

Tá fodhráma freisin sa chaidreamh idir Arthur, athair Glaisher (Tom Courtenay), a bhfuil galar Alzheimer air, agus a mhac James, caidreamh a nochtar i míreanna iardhearcacha i rith an scannáin. Cameo álainn agus níl aon aisteoir beo eile ann a dhéanfadh níos fearr é ná Tom Courtenay. Táim fós faoi gheasa ag an ‘Strelnikov’ a chum sé le David Lean i Doctor Zhivago sa bhliain 1965. Níorbh aon dóithín é ó shin ach an oiread.

Seo ceann a chaithfear d’fheiscint ar an scáileán is mó dá bhfuil teacht agat air, IMAX féin más féidir. Má tá iníonacha nó gariníonacha agat sna déaga luatha (tá beirt agamsa abhus), beir leat iad chun dearbhú beag eile a fháil ar ‘Yes we can’.

Cúpla seachtain ó shin, shiúil Christina Koch and Jessica Meir, beirt spásairí as Meiriceá, sa spás 56 bliain ó teilgeadh Valentina Tereshkova amach sa spás i spásárthach Vostoc 6, an 16 Meitheamh 1963. Is údar misnigh é sin go bhfuil na seanchonstaicí inscne á leagan de réir a chéile.

Beidh ‘The Aeronauts’ ar siúl anois, agus tá sé geallta ar Amazon Prime Worldwide ón 19 Nollag

Fág freagra ar 'Is fiú go mór turas a dhéanamh in éineacht ‘The Aeronauts’'