Laoch na Laochra: Tionscadal na Tána,
Amharclann Smock Alley,
Baile Átha Cliath
An Breatimeacht, Acht na Gaeilge, an teorainn, cearta na ndaoine aeracha agus, mar ab amhlaidh riamh, ceist na mbratach agus na suaitheantas. An bhfuil ceist ar bith ann nach bhfuil aighneas á cothú aici sna Sé Chontae faoi láthair?
Tá an nimh san fheoil ag na hAontachtóirí go háirithe do gach rud sa tír, de réir dealraimh. Bhuel, gach rud seachas Chú Chulainn.
Dar le Réamonn Ó Ciaráin, duine den bheirt údar cáiliúil a rinne cur síos ar Chú Chulainn i Smock Alley aréir, is laoch ar leith é. É ar son an Aontais! Agus Brexit! Tá múrphictiúr i mBéal Feirste a thugann ómós don ‘UDA East Belfast Brigade’ agus do ‘Ulster’s Present Day Defender’s’ (sic). Taobh thiar den teachtaireacht sin, tá pictiúr den dealbh le Oliver Sheppard a roghnaigh Éamon de Valera mar shiombail chuimhneacháin oifigiúil don Éirí Amach – Cú Chulainn ag fáil bháis. Dar le Réamonn Ó Ciaráin, bhí na dílseoirí an-tógtha leis an dealbh agus rinne grúpa acu iarracht é a ghoid ón GPO, ach, buíochas le Dia, bhí sé róthrom.
“Is Cúchulainn a spreag na réabhlóidithe sin [1916] agus a spreag An Piarsach go háirithe,” a dúirt sé. Mar a scríobh WB Yeats: ‘When Pearse summoned Cú Chulainn to his side/What stalked through the post office’.
Cibé faoi sin, dúirt Yeats freisin gurbh iad scéalta Cú Chulainn agus scéalta na Rúraíochta, na scéalta ba thábhachtaí a bhronn lucht litríocht na Gaeilge ar an domhan mór.
Is deacair é sin a shéanadh. Is scéal casta, gnéasach, foréigneach, fiúntach, tragóideach é scéal Chúchulainn, scéal atá lán de bhaois agus laigí an duine agus scéal atá saibhir ó thaobh na síceolaíochta.
Maidir le scéalta eipiciúla, sop in áit na scuaibe atá in Game of Thrones i gcomparáid le scéalta na Rúraíochta.
Ar ndóigh, táimid ag trácht ar an leagan den scéal a bhí ann sula bhfuair na Bráithre Críostaí agus lucht na moráltachta Victeoiriaiche greim air. Sa scéal seo déanann an gaiscíoch mná Scáthach, Chú Chulainn a thraenáil chun go mbeadh sé ina laoch mór, agus nochtann a naimhde i measc na mban a gcuid cíocha chun é a mhealladh chun catha. Déantar fir Uladh a lagú trí phianta breithe a bhualadh orthu.
Foilsíodh dhá leabhar nua faoi Chú Chulainn le déanaí, An Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí, agus Laoch na Laochra: Scéal Chúchulainn le Ó Ciaráin agus an t-ealaíontóir Dara Vallely. An Táin agus scéal Chú Chulainn a bhí á bplé le Cathal Póirtéir ag an mbeirt údar ag ócáid de chuid IMRAM in Amharclann an Smock Alley i mBaile Átha Cliath aréir.
Cé gur ón bhfoinse chéanna a thagann an dá leabhar agus gur scríofa i nGaeilge nua-aimseartha atá siad, tá difríocht mhór eatarthu.
Dúirt Darach Ó Scolaí nárbh aistriúchán ón tSean-Ghaeilge a chuir sé roimhe ach gur traschruthaitheacht a bhí ar bun aige. Is ón 11ú haois a thagann an leagan is sine den Táin a cuireadh ar phár. Scéal é faoin ionradh a rinne Méabh Chonnacht ar Chúige Uladh agus í ag iarraidh tarbh Chuailnge a thabhairt léi. Déantar cur síos ar ghaiscí Chú Chulainn a sheas an fód i gcoinne airm Chonnacht, agus gan de chúnamh aige ach a charbadóir Lao, go dtí gur éirigh leo teacht i dtír air faoi dheireadh.
Bhuaigh saothar Uí Scolaí Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin in 2017.
Is leabhar tábhachtach é toisc go dtuigeann an t-údar nach féidir an scéal a scaradh ón scéalaí. Is saothar litríochta amach is amach é. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcaighdeán teanga ann, le saibhreas an stór focal agus na hinste ach éiríonn leis chomh maith an scéal a chur in oiriúint do ghlúin nua.
I ‘Laoch na Laochra’ insíonn Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely scéal Chú Chulainn ó bhreith go bás agus is ó mhórchorpas na Rúraíochta a thagann na scéalta. Gaeilge álainn, sholéite atá ann, i gcanúint Uladh. Dar leis na húdair, bhí féith na cumadóireachta go smior sna manaigh a bhreac na scéalta ón mbéaloideas ar dtús agus bhí eolas maith acu freisin ar na ceantar inar tharla na heachtraí eipiciúla.
Dúirt Ó Ciaráin gur chuir sé leis na scéalta ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag léitheoirí na linne seo ar shaol na ndaoine le linn na hIarannaoise. Cé gur rugadh Cú Chulainn i nDún Dealgan, Contae an Lú, de réir na miotaseolaíochta, is thart timpeall ar Ard Mhacha a chaith sé a shaol agus is as an cheantar céanna do Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely freisin.
Is siombail chumhachtach é Cú Chulainn den chrógacht, den dílseacht, d’ealaíon na troda, d’áille agus d’éirim na hintinne, a dúirt Ó Ciaráin. Ní hiontas go bhfuil scéal Chú Chulainn imithe i bhfeidhm air féin, ar cheannairí, laochra, réabhlóidithe, lucht éigse agus lucht spóirt in Éirinn le breis agus míle bliain ó shin.
Mairfidh spiorad Chú Chulainn beo a bhuíochas de na leabhair seo.
Ba chóir go mbeadh an scéal seo ar an gcuraclam náisiúnta agus tá sé i gceist leagan nua de leabhar Uí Chiaráin a fhoilsiú le haghaidh déagóirí. Mholfainn gan an gnéas agus an foréigean a fhágáil ar lár. Is déagóirí iad! Cuimhníonn cuid againn, ónár laethanta scoile ar an nGáe Bolga, sleá Chú Chulainn a rinneadh as cnámh ollphéist mhara, sleá a raibh rúndiamhair ag baint lena húsáid agus a d’fhág bail uafásach ar an té ar sádh ina bholg í. M’anam Dé! Cá bhfaighfeá é!
Fág freagra ar 'Is fearr scéal Cú Chulainn ná aon ‘Game of Thrones’. Cuirtear ar an siollabas é agus fágtar ann an gnéas agus an foréigean!'