Is é is grá ann….
Nuair a thugann tú an smartaí deireanach di
Nuair is ball d’Fhianna Fáil é agus coinníonn tú do bhéal dúnta
Nuair is maith leat a cuid col cheathracha
Nuair atá sé ag sranntarnach agus deir tú leat féin gur dóigh leat gur rothar ghluaiste é
Nuair a deir tú go bhfuil an gúna aici go hálainn
Nuair nach smaoiníonn tú ar an bhfear eile a bhí sa taibhreamh sin
Nuair a thugann tú faoi ndeara go raibh sí ag an ngruagaire
Nuair a thugann tú faoi ndeara nach raibh sé ag an ngruagaire
Nuair a cheannaíonn sí bróga eile fós agus nach luann tú Imelda Marcos
Nuair nach dtuigeann tú an difear idir pingin agus dhá phingin ar an machaire ghailf
Nuair a cheannaíonn sí mála eile fós agus líonann tú le maitheasaí breise é
Nuair a fhéachann tú ar shóp-opera gan urlacan a dhéanamh
Nuair is eol duit nach carachtar as sóp-opera é
Nuair a athraíonn tú clúidín linbh gan gugalaí gác aníos a dhéanamh
Nuair nach ndéanann tú gugalaí gáire faoina chuid iarrachtaí
Nuair a ghabhann tú timpeall na siopaí id ghiolla ar éileamh
Nuair a ghabhann tú go cluiche liathróide éigin leis agus nuair nach bhfeadair tú an difear idir sliotar agus meall ubhchruthach
Nuair is fearr leat gloine bheag bhán bhídeach fíona léi ná cearca ascaille beorach leis na leaids
Nuair is fear leat an chearc ascaille beorach a iompar ná tamall bitsíochta leis na cailíní
Nuair is maith leat Cliff Richard agus go mb’fhearr leat gur tachtadh ina chliabhán é ach go gceannaíonn tú ticéid di dul dá choirm cheoil lena dlúthchara
Nuair nach maith leat Bob Dylan ach go gcoinníonn tú do chlab dúnta sa charr nuair a bhíonn á sheinneamh aige de shíor is de ghnáth
Nuair is gráin leat Cliff Richard agus go mb’fhearr leat nárbh ann dó ariamh ach go gceannaíonn tú ticéad daoibh araon dul go coirm cheoil dá chuid
Nuair a cheannaíonn tú ubh Chásca dó nach n-íosfá tú féin
Nuair a thugann tú ‘Clúmh’ ar an madra, nuair ab fhearr leatsa ‘Sclamh’
Nuair a léann sí leabhair Jane Austen sa leaba agus nach ndéanann tú í a lámhach
Nuair adeir sé ‘ha’ agus ‘hmmm’ agus ‘hoho’ agus ‘is ea’ agus ‘fíor duit’ agus ‘snurpll’ i lár cluiche teilifíse agus nach ndeir tú faic bíodh is go bhfuil rud éigin tábhachtach le rá agat
Nuair a nochtann sí an cnámharlach sa chupard
Nuair a chuireann tú éadaí ar an gcnámharlach céanna
Nuair atá drochbhlas ar a béal
Nuair atá dea-bhlas ar do bhéal féin