Téacs: Marie Whelton
Léaráidí: Frank Endersby
Foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Leabhar deas simplí do pháistí is ea Dóchas don tSlí: Insint ar Scéal Chnoc Mhuire le Marie Whelton, agus é maisithe ag Frank Endersby. Insítear sa leabhar scéal Chnoc Mhuire i gcomhthéacs teaghlaigh, áit a bhfuil mamó ag insint an scéil dá gariníon agus iad sa bhaile sa chistin ag bácáil tráthnóna. D’fhoilsigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta an leabhar mar chuid de cheiliúradh Iubhaile 2025, ceiliúradh a dhéanann an Eaglais gach 25 bliain.
Déanann idir milliún agus milliún go leith duine oilithreacht go Cnoc Mhuire gach bliain, agus tá sé ar cheann de na suíomhanna is mó ar a dtugann daoine cuairt in Éirinn. Tarraingíonn Cnoc Mhuire níos mó cuairteoirí ná mar a tharraingíonn an Gailearaí Náisiúnta ná Leabhar Cheanannais.
Rinne an Pápa Proinsias suíomh oifigiúil don Mhaighdean Mhuire de Chnoc Mhuire sa bhliain 2021, agus cuireadh ar comhchéim é le láithreacha eile oilithreachta ar nós Fatima agus Lourdes.
Tá sé tráthúil go bhfuil cur síos déanta ar scéal Chnoc Mhuire i nGaeilge, mar go gcaithfidh go raibh Gaeilge ag na daoine a dúirt go bhfaca siad an fhís den Mhaighdean Mhuire, Naomh Seosamh, Naomh Eoin agus Uain Dé an tráthnóna fliuch sin in oirthear Chontae Mhaigh Eo i mí Lúnasa 1879. Cé gur dóigh gur Gaeilge an chéad teanga a bhí ag, ar a laghad, cuid de na finnéithe, is trí Bhéarla a coinníodh taifead ar na tuairiscí a thug siad.
Gné shainiúil a bhaineann le Cnoc Mhuire le hais áiteanna ar nós Fatima agus Lourdes ná nach raibh aon chaint i gceist sa bhfís a chonacthas. Níor tuairiscíodh gur tugadh aon teachtaireacht ó bhéal do na daoine a bhí ann. Bhí tábhacht leis seo dar le staraithe eaglaise in Éirinn, mar gur fhág sé go raibh an fhís neamhspleách ar ghluaiseachtaí polaitiúla a bhí ag dul ar aghaidh in Éirinn ag an am. Mar gheall gur fís amháin a luadh le Cnoc Mhuire d’fhág sé go raibh glacadh ag daoine ó chúlraí éagsúla polaitíochta leis an íomhá.
Tharla an fhís bliain an Ghorta Bhig, géarchéim a bhuail Cúige Chonnacht níos measa ná aon chuid eile den tír. Is cinnte go raibh an saol deacair ag an am do na daoine a chonaic an fhís agus caithfidh gur thóg siad misneach uaithi. Ba í an bhliain chéanna í freisin inar cuireadh tús le Conradh na Talún. Cé nach bhfuil aon tagairt dhíreach do na himeachtaí sin sa leabhar, luaitear iad go hindíreach, rud a thugann tuiscint bheag ar chruatan an tsaoil do na daoine ag an am.
Insíonn Marie Whelton an scéal i bhfoirm rannta nó rímeanna, ceithre abairt ar gach leathanach, agus pictiúr trasna uaidh ag Frank Endersby. Tá gníomhaíochtaí do pháistí bunaithe ar an scéal ar chúl an leabhair. Is ábhar machnaimh deas iad na gníomhaíochtaí seo, agus díríonn siad ar chleachtas buíochais, chomh maith le dathúchán agus na hainmneacha éagsúla a thugtar ar an Maighdean Mhuire. Tá liotúirge bheag ag deireadh an leabhair freisin.
Tá gluais chuimsitheach ann ina mínítear focail an téacs i mBéarla. Cé gur scéal simplí atá ann, tá roinnt focal deacair tríd an téacs nach mbeadh cleachtadh ag gasúir óga orthu, seans. Ina measc seo, tá focail liotúirgeacha ann agus téarmaí eile nach mbíonn sa ghnáthchaint agus tá an ghluais ar chúl an leabhair úsáideach dá bharr.
Is leabhar é a bheadh an-oiriúnach do theaghlach diaganta, nó do theaghlaigh a mbeadh suim acu i gcúrsaí spioradálta. Taobh amuigh den ghné reiligiúnda, déantar cur síos ar eachtra a raibh tábhacht stairiúil ag baint léi agus tugann léargas do pháistí ar na deacrachtaí a bhí roimh mhuintir na hÉireann ag deireadh an naoú haois déag. Is deas agus is tráthúil é go bhfuil an scéal seo ar fáil i nGaeilge, mar is cinnte nach rud é a d’fhéadfaí a fhoilsiú ag an am.
Fág freagra ar 'Is deas go bhfuil scéal Chnoc Mhuire ar fáil i nGaeilge do pháistí'