Má bhreathnaíonn muid siar ar an tráchtaireacht faoi chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó thosaigh an mórionradh mí Feabhra 2022, feiceann muid patrún ina dtarlaíonn luascadh ón éadóchas thar fóir faoi sheasamh na hÚcráine go dtí an rómhuinín agus ar ais arís go a dtí an t-éadóchas agus mar sin de. Bhí an Rúis chun Cív a ghabháil i seachtain, ansin bhí fórsaí na Rúise ar tí titim as a chéile, ansin ní raibh i ndán don Úcráin ach cliseadh de réir a chéile roimh fhórsaí dochloíte na Rúise, ach ansin d’athraigh an Úcráin an scéal arís lena máistreacht ar chogaíocht na ndrón.
Feictear an patrún céanna sa tráchtaireacht ar an gcur agus an cúiteamh idir Trump agus Zelensky agus Trump agus Putin. Nuair a tharla an raic phoiblí idir Zelensky ar thaobh amháin agus Trump agus JD Vance ar an taobh eile sa Teach Bán i mí Feabhra scríobh mé fhéin ag an am go raibh botún déanta ag Zelensky, ach ag breathnú siar air anois ní raibh sé tubaisteach don Úcráin.
Ansin síleadh go raibh bua mór taidhleoireachta bainte amach ag Putin lena chruinniú le Trump in Alasca. Bhí alt sna meáin Ghaeilge fiú ag maíomh go raibh socrú déanta acu deireadh a chur leis an gcogadh, de réir théarmaí na Rúise, agus go mbeadh Trump ag cur iachall ar an Eoraip agus an Úcráin glacadh leis.
Anois tá a fhios againn gur chuir Putin an oiread sin frustrachais ar Trump ag an gcruinniú sin lena léachtaí faoin stair gur chuir Trump deireadh luath leis an gcruinniú, gur chuir sé an lón a bhí beartaithe acu ar ceal, agus gur ghlac sé seasamh poiblí níos fabhraí leis an Úcráin ina dhiaidh sin.
Nuair a thosaigh mé ar an alt seo a scríobh bhí tuairiscí ag teacht amach go raibh Trump tar éis casadh ar ais níos mó i dtreo Putin arís. Dúirt Putin le Trump gurbh é an praghas chun deireadh a chur leis an gcogadh ná go ngéillfeadh an Úcráin an cuid eile den Donbas don Rúis agus go ngéillfeadh an Rúis píosa beag de na tailte atá gafa acu i Cherson agus Zaporizhzhia
don Úcráin. Ag an gcruinniú idir Trump agus Zelensky sa Teach Bán díreach ina dhiaidh sin, de réir tuairisc sa Financial Times, rinne Trump iarracht iachall a chur ar Zelensky géilleadh don éileamh seo – bhí Trump, is cosúil, ag béicíl air agus ag eascainí leis agus ag rá go scriosfadh Putin an Úcráin mura nglacfadh Zelensky leis. Sheas Zelensky an fód ina choinne seo.
Chomh luath is ar tháinig an tuairisc amach, bhí scéal chailleach an uafáis á dhéanamh de. Ach ní raibh seans ar bith go raibh Zelensky chun an chuid eile den Donbas a ghéilleadh agus ní féidir le Trump iachall a chur air é sin a dhéanamh. Tá trí fháth nach bhfuil sé seo chun tarlú.
- Fiú agus fonn níos mó ar phobal na hÚcráine comhghéilleadh a dhéanamh ar mhaithe le síocháin, léiríonn pobalbhreitheanna ó Institiúid Socheolaíochta Chív go bhfuil suas le 75% acu i gcoinne aon tailte nach bhfuil faoi smacht na Rúise a thabhairt ar láimh di. Mar sin b’ionann agus féinmharú polaitiúil é do Zelensky aontú lena leithéid.
- Tá an ceantar seo Sloviansk, Kramatorsk, agus Kostiantynivk an-fhóinteach ó thaobh cosanta mar gheall ar aibhneacha agus canálacha agus mar gur cuid é de ‘dhúnchrios’ a tógadh ó 2014, agus línte trinsí, daingnithe agus mianaigh ann. Má chailltear é, osclófar bealach díreach i dtreo Kharkiv, Dnipro agus croílár na hÚcráine. An rud is tábhachtaí thar aon ní eile do na hÚcránaigh in aon socrú síochána ná a bheith cinnte nach n-ionsóidh an Rúis arís iad. Mar sin ní ghéillfidh siad ar an bpointe seo ach amháin má bhíonn siad cloíte go hiomlán, rud a thugann go dtí an tríú pointe muid.
- Níl na hÚcránaigh cloíte. Níor éirigh leis an Rúis an ceantar seo a ghabháil le breis agus trí bliana go leith anuas agus bunaithe ar an dul chun cinn go dtí seo i mbliana tógfaidh sé ceithre nó cúig bliana eile ar an Rúis é a ghabháil.
Mar sin is cuma cé mhéad béicíola agus eascainí agus bagairtí a dhéanann Trump ar Zelensky ní thabharfaidh sé suas an ceantar seo agus ní bheidh sé seo mar chuid d’aon socrú síochána am ar bith go luath. Is léir gur mian le Trump go mór deireadh a chur leis an gcogadh agus mar sin ní raibh aon rogha aige ach a phort a athrú agus filleadh ar iarracht a dhéanamh a chur ina luí ar Putin an cogadh a reo a bheag nó a mhór ag na línte tosaigh.
Bheadh ar an Rúis géilleadh nach mbeidh réimeas pro-Rúiseach i gceannas i gCív, bheadh ar an Úcráin glacadh leis nach mbeidh ballraíocht foirmeálta acu i NATO agus glacadh le smacht de facto na Rúise ar na críocha gafa.
Bheadh geallúint ag an Úcráin ó thíortha Eorpacha ar baill de NATO iad go dtiocfadh siad i gcabhair uirthi dá n-ionsódh an Rúis arís iad, ach tá sé deacair a fheiceáil go nglacfadh an Rúis le fórsa mór ó na tíortha seo a bheith lonnaithe go buan san Úcráin.
Tá seans, áfach, gurbh fhearr do na tíortha atá faiteach faoi bhagairt na Rúise fórsa a d’fhéadfaí a bhogadh go mear a bheith lonnaithe sa Pholainn in áit a bhféadfadh siad teacht i gcabhair ar na tíortha Baltacha ó thuaidh nó ar an Úcráin ó dheas. Cén mhaith arm mór a bheith san Úcráin dá dtiocfadh an chéad ionsaí eile 1,000 km ó Chív?
An dóigh liom go nglacfaidh Putin leis an socrú seo? Tá argóintí ina choinne. Mar a scríobh mé cheana is léir go bhfuil gné láidir idé-eolaíochta i gceist leis an gcogadh seo in intinn Putin agus mar sin go bhfuil sé sásta íobairtí nach bhfuil cuma réasúnach orthu a dhéanamh ar mhaithe lena aidhmeanna a bhaint amach.
De réir meastacháin san Economist maraíodh idir 190,000 agus 480,000 saighdiúir Rúiseach sa chogadh go dtí seo agus meastar gur chaith an Rúis 50 trilliún rúbal (thart ar €260 billiún) ar an gcogadh le ceithre bliana anuas. Bheadh sé deacair aige an praghas ollmhór atá íoctha ag an Rúis a chur i láthair mar ‘bua’ agus gan fiú an Donbas ar fad gafa.
Mar sin níor oibrigh an straitéis a bhí ag Trump ar feadh i bhfad Putin a mhealladh chun deireadh a chur leis an gcogadh le plámás agus tairiscintí mealltacha agus ní raibh sé riamh chun oibriú. Ach tar éis Alasca léirigh Trump tuiscint áirithe go gcaithfí maide agus mil a úsáid chun brú a chur ar Putin. Tá éirithe níos fearr le geilleagar cogaidh na Rúise ná mar a bhíothas ag súil leis, ach tá na fadhbanna ag teacht chun cinn anois.
Tháinig borradh faoin ngeilleagar in 2023–2024 mar gheall ar chaiteachas cogaidh, ach tá “innill an chogaidh” ag dul i léig anois agus an ráta fáis tite ó 4.3% anuraidh go dtí idir 0.6% agus 1% i mbliana. Ní gá duit a bheidh i d’eacnamaí le hoibriú amach chomh deacair is a bheidh sé é seo a choimeád ar siúl ar feadh ceithre nó cúig bliana eile.
I ndeireadh na dála is é seo an pointe lag atá ag Putin agus an Rúis maidir le leanúint ar aghaidh leis an meaisín cogaidh, má tá Trump – agus tíortha na hEorpa – ábalta agus toilteanach na huirlisí ar fad atá acu a úsáid chun brú a chur ar an laige seo.
Seán
Ceist an-saonta agam;
Cumá nach ndéanann Trump bulaíocht ar Putin mar a dhéanann ar Zelensky go minic?
Nach é Putin faoi deara an cogadh seo a fhearadh?
“Léacht” a thabhairt do Trump ar stair na Rúise?
Cé eile ar domhan a dhéanfadh dánaíocht mar sin AIR?
Cé eile?