CATHAL MAC COILLE: Is contúirtí Donald Trump ná aon uachtarán eile ar chúis mhór amháin…

Ní gairid an liosta a theastaíonn le drochthréithe Donald Trump a áireamh, ach seasann tréith amháin de na drochthréithe sin amach

CATHAL MAC COILLE: Is contúirtí Donald Trump ná aon uachtarán eile ar chúis mhór amháin…

Teipeann ar ár bhformhór a bheith béasach uaireanta.

Ainneoin síorcheartú agus dea-shampla ár dtuismitheoirí (de ghnáth), ó am go ham cuireann an saol brú orainn nach féidir linn a láimhseáil mar is cóir.

Bíonn aiféala orainn ar ndóigh. Gabhaimid leithscéal scaití. Fiú mura ngabhann, tagann aithreachas orainn ar thrí chúis, nó ar mheascán de na trí chúis sin:

Toisc go raibh an rud a dúradh nó a rinneadh dochosanta.

Toisc gur chuireamar as do dhaoine gan chúis réasúnta.

Toisc go bhfuil náire orainn.

Tá cur chuige Donald Trump ag cur imní ar dhaoine ar fud an domhain ó toghadh é. Is fiú cuimhneamh i gcónaí gur ghnóthaigh sé 49% den vóta iomlán sa toghchán uachtaránachta, cé go bhfuil meas an phobail air ag dul i laghad ó shin. Ní foláir a admháil chomh maith gur dóigh go bhfuil meas ar an bhfear nó ar a pholasaithe ag go leor daoine atá ag léamh an cholúin seo.

Teastaíonn soiléiriú mar sin sula dtéimid níos faide. Ní hiad polasaithe an Uachtaráin atá faoi chaibidil anseo ach a thréithe. Ní gairid an liosta a theastaíonn leis na drochthréithe ar cúis leanúnach imní iad a áireamh: drochbhéasa, sotal, tarcaisne, fuath ban, maslú, mífhoighne, gearrbhreathnaitheacht, caolaigeantacht, neamhaird, easpa machnaimh, caint gan chúram, ciníochas, taghdaíl, teasaíocht.

Teastaíonn abairt ar leith chun tagairt do dhrochthréith amháin eile, toisc go bhfuil tionchar nach beag aici ar gach rud a dhéanann nó a deir an tUachtarán: easpa náire.

Níl ceannaire polaitiúil ar domhan gan locht. Ní maith lena bhformhór go mbeidís náirithe os comhair an tsaoil. Bíonn drogall orthu go minic leithscéal iomlán a ghabháil tar éis dóibh rud éigin náireach a rá nó a dhéanamh. Ach coinníonn siad guaim orthu féin, agus iad ag iarraidh cúis náire a sheachaint más féidir.

Faraor, ní hionann Donald Trump agus ceannairí eile, mar a léirigh an t-achrann seafóideach a spreag sé le ceannairí gnó na Stát Aontaithe i rith na seachtaine.

D’éirigh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Merck, Kenneth Frazier, as Comhairle Eacnamaíochta an Uachtaráin Dé Luain, mar gheall ar a mhíshásamh lena ráiteas faoi dhúnmharú mná le linn pharáid Naitsíoch i Charlottesville.

Nuair a thug feidhmeannaigh ghnó eile le fios go raibh siad ag beartú eirí as an gComhairle chéanna agus as comhairle ghnó eile a bhunaigh an tUachtarán, phléasc sé orthu go léir.

Bhí mórghaisce á dhéanamh dá saothar acu, a dúirt sé i ngiolc ach bhí scata mór feidhmeannach eile ar fáil a chuirfeadh sé ina n-ionad.

Céard a tharla? Níor ceapadh oiread agus ionadaí nua amháin. Laistigh de 24 uair an chloig, chuir Trump deireadh leis an dá chomhairle.

Samhlaigh a ghéire agus a cháinfí Leo Varadkar abhus dá dteipfeadh ar fhoras comhairleach a bhunaigh sé féin ar dhul in oifig dó, agus tar éis dó a fhógairt go gceapfadh sé comhaltaí nua chun dul i gcomharbacht ar dhaoine a d’éirigh as.

Bheadh náire ar Leo agus ar cheannaire stuama ar bith dá mbeadh comhairle a bhunaigh sé féin chun tacú le forbairt eacnamaíochta á scor aige. Dhéanfadh sé a dhícheall chun scor a sheachaint. A mhalairt a rinne Trump. Gheall sé ceapacháin nua lena chomhairle a choinneáil ag obair lá amháin. Chuir sé deireadh leis an gcomhairle chéanna, agus le comhairle eile, an lá dár gcionn.

Ní haon iontas é gur fhoilsigh Bloomberg, seirbhís nuachta a dhéanann freastal ar leith ar lucht gnó, alt tuairimíochta Dé Céadaoin inar cáineadh drochbhéasa agus easpa náire an Uachtaráin go géar. Chuir an t-údar agus ollamh ó Ollscoil Harvard Cass Sunstein i leith Trump go raibh sé níos mímhúinte ná uachtarán ar bith riamh:

No White House has ever been more graceless. Put political differences to one side. That’s a betrayal of our nation’s heritage, and an insult to our deepest traditions.”

Ní raibh a leithéid riamh ann, i bhfocail eile.

An dtiocfaidh Uachtarán atá chomh lochtach agus chomh mínáireach, agus a pháirtí, agus a thír, agus gach tír eile ar domhan slán óna thréimhse i gceannas? Is é sin, má mhaireann a thréimhse go dtí mí Eanáir 2021?

Ná cuir geall air.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Is contúirtí Donald Trump ná aon uachtarán eile ar chúis mhór amháin…'

  • Breathnóir

    Alt maith ach chuirfinn ciníochas ag barr an liosta sin, mar is léir gur duine ciníoch go smior é,
    agus níl sé inghlactha go mbeadh a leithéid mar Uachtarán ag SAM.

  • Moladh

    Is slachtmhar uasal an scríbhneoir é Cathal Mac Coille sa saol seo ina bhfuil go leor le cáineadh.

  • Braoin

    Scríbhneoir thar cionn uilig é Cathal agus bím ag fanacht lena chuid tuairimí agus a chuid anailíse a léamh.

  • Liz

    Lean ag scríobh , a duine uasail.
    Thar cionn gan dabht.