Is cinnte go bhfuil fonn ceiliúrtha ar lucht Fhine Gael, ach fonn toghcháin?

Is cinnte go mbeidh fonn ceiliúrtha ar mhuintir Fhine Gael ag a nArd-Fheis inniu, ach cuirfear fainic orthu gan a bheith róchaithréimeach…

Is cinnte go bhfuil fonn ceiliúrtha ar lucht Fhine Gael, ach fonn toghcháin?

Ní nach ionadh is féidir bheith ag súil go mbeidh Fine Gael idir thoscairí, cheannairí agus an páirtí Parlaiminte sásta leo féin agus iad ag cruinniú sa Citywest an deireadh seachtaine seo.

Tá siad i gcumhacht anois le hos cionn seacht mbliana, beart nár éirigh leo a dhéanamh riamh cheana. Tá siad chun cinn go leanúnach sna pobalbhreitheanna agus tá an chuma air go bhfuil an tacaíocht sin seasmhach sách fada le gur féidir muinín a chur inti.

Chaithfeadh go bhfuil cathú uafásach ar Leo Varadkar toghchán a ghairm. Chreidfinn an cathú sin a bheith méadaithe go mór tar éis eachtraí na seachtaine seo agus an toradh dearfach a bhí ar iarrachtaí an Taoisigh, an Tánaiste agus taidhleoirí na hÉireann anseo agus sa Bhruiséil.

D’éirigh le hÉirinn a chur i gcion ar an Eoraip an réiteach a bhí uathu i dtaobh an Tuaiscirt a chur ar fáil. Éacht taidhleoireachta.

Is cinnte go mbeidh fonn ceiliúrtha ar mhuintir Fhine Gael ag a nArd-Fheis inniu, ach cuirfear fainic orthu gan a bheith róchaithréimeach. Sa réamhrá ar chlár na hArd-Fheise atá scríofa ag Ard-Rúnaí Fhine Gael, Tom Curran, deir sé go bhfuil an páirtí ag réiteach do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha sa mBealtaine seo chugainn. Ní mór a bheith réidh freisin d’olltoghchán a d’fhéadfadh tarlú lá ar bith, a deir Curran.

Tá chuile shórt beo faoi láthair ag brath ar céard a tharlóidh do Theresa May, dá rialtas agus don dréachtsocrú leis an Eoraip. Go deimhin, beidh an méid a tharla do May san olltoghchán deiridh thall ar intinn Leo Varadkar. Bhí na Caomhaigh ag déanamh thar barr sna pobalbhreitheanna agus chreid Theresa May dá réir nach mbeadh stró ar bith uirthi tromlach níos mó a fháil i dtoghchán a dhéanfadh an bealach chun an Bhreatimeachta níos éasca.

Ní hamhlaidh a bhí agus tá sí anois i ngreim ag rialtas mionlaigh agus comhaontú soláthair agus muiníne aici leis an DUP. Meas tú nach ceacht é sin do Thaoiseach ar bith atá ag feidhmiú le rialtas mionlaigh?

Fiú agus Fine Gael chun cinn sna pobalbhreitheanna ní léir ó na  figiúirí go mbeadh comhdhéanamh an chéad rialtais eile ná uimhríocht na Dála níos soiléire de thoradh toghcháin. Ba dhána an té a chuirfeadh comhairle ar Thaoiseach olltoghchán a fhógairt, nó go mbeidh cúrsaí níos soiléire í dtaobh scéal an Bhreatimeachta. Agus an chríoch a chuirfear leis an scéal sin.

Tá Fianna Fáil ag faire go géar ar chúrsaí freisin. Tá na cainteanna faoin gcomhaontú soláthair agus muiníne ag leanúint ar aghaidh agus an chosúlacht orthu gur mian le Fianna Fáil fad agus leithead a bhaint astu. Bliain nó buiséad eile a theastaíonn uathu a bhaint as an socrú. Ní theastaíonn ó Fhine Gael é a thabhairt de shásamh dóibh gurb iad Fianna Fáil a chuirfeadh deireadh leis an Rialtas, gan trácht ar an éiginnteacht a bhaineann lena bhfuil ag tarlú sa mBreatain.

Beidh na hiriseoirí ag faire leidí faoi dháta toghcháin ag Ard-Fheis an deireadh seachtaine seo, go háirithe in óráid an Taoisigh. Séanfaidh ionadaithe tofa agus oifigigh an pháirtí go bhfuil aon leidí á dtabhairt. Ní chuirfidh sé stop leis an sioscadh i measc na dtoscairí.

Déanfaidh sí an-deireadh seachtaine cogarnaí.

Fág freagra ar 'Is cinnte go bhfuil fonn ceiliúrtha ar lucht Fhine Gael, ach fonn toghcháin?'