‘Is breá leo an scoil,’ a dúirt mo David Attenborough beag liom…

Dá mbeadh aon chos ar an seilide a tháinig ar cuairt chugainn an lá eile, déarfá go raibh coiscéim éadrom faoi…

‘Is breá leo an scoil,’ a dúirt mo David Attenborough beag liom…

‘Mamaí, Mamaí, breathnaigh ar an seilide!’ a bhéic an Cailín Mór Beag isteach ón gclós. Tá ‘stair’ fhada agam féin agus na seilidí agus ní raibh aon deifir mhór orm a ghabháil amach ag breathnú air. Is dóigh nach bhfuil cneácha an chogaidh cneasaithe fós.

Cén mhaith dom a bheith ag caint air, ach déarfaidh mé an méid seo, bhí sceachín bheag rósanna agam tráth de mo shaol agus tá cipín agam anois.

‘Ok,’ a dúirt mé agus dhírigh mé aníos ruainne chun cuma na práinne a chur orm féin.

‘Mamaí, tá sé amuigh uilig! Uilig!’ a dúirt sí agus práinn ina glór. Bhí sé chomh maith agam dul amach.

‘Breathnaigh, breathnaigh!’ a dúirt sí agus í ag síneadh a méire i dtreo seilide a bhí ag déanamh a bhealaigh trasna an chlóis is an chuma air go raibh sé lán d’áthas an tsaoil.

Ba é an sórt tráthnóna é a thaitneodh go breá le seilide, shamhlóinn. Ní raibh aon fhuacht ann, bhí an ghrian amuigh, bhí an t-aer sórt tais is bhí an seilide sínte amach ó adharcán go heireaball is ag sleamhnú leis ag baint súp as an saol.

Dá mbeadh aon chos air, déarfá go raibh coiscéim éadrom faoi. Meas tú an ag magadh fúm a bhí sé?

‘Nach bhfuil sé go hálainn, Mamaí?’ a dúirt an Cailín Mór Beag liom.

D’fhéach mé uirthi agus í lán d’iontas ag an ainmhí beag sramach.

‘Breathnaigh ar na hadharca beaga atá air,’ a dúirt sí agus í suite ar a gogaide ag faire air. ‘Ó, agus breathnaigh!’ a dúirt sí agus í réidh le pléascadh, ‘tá siad ag imeacht timpeall i gciorcal!’.

‘Tá sé go hálainn,’ a dúirt mé, ag aontú léi.

‘Ceapaim go bhfuil sé ag iarraidh a theacht isteach go dtí an scoil liom amárach,’ a dúirt sí ansin agus í ag réitithe le breith air is é a chur isteach ina póca.

‘Ní cheapaim go maith le seilidí an scoil,’ a dúirt mé.

‘Ó is maith,’ a dúirt sí agus í lánchinnte.

‘Chonaic mé clann iomlán seilidí sa gclós ag an scoil an lá cheana. Bhí an Mamaí ann, an Daidí agus an Babaí,’ a mhínigh sí dom.

‘Is breá leo an scoil,’ a dúirt mo David Attenborough beag liom is í ag míniú saolré is caitheamh aimsire an cornu aspersum dom.

‘Bhuel, actually, ansin sheas Oisín orthu agus mharaigh sé an Mamaí agus an Babaí. Ach, ar a laghad, mhair an Daidí.’

‘Ar a laghad,’ a dúirt mé. ‘B’fhéidir nach mbeadh aon dochar ann é seo a chur suas ar an gclaí thar oíche ar fhaitíos go seasfadh éinne air. Trí thimpiste, atá mé a rá.’

Fág freagra ar '‘Is breá leo an scoil,’ a dúirt mo David Attenborough beag liom…'

  • Sinéad

    Vignette álainn eile.