Is bocht an radharc Sinn Féin ag suí ar an gclaí

Bhí neart ama ag Sinn Féin le feoil a chur ar chnámha a bpolasaí féin i leith astaíochtaí carbóin

Is bocht an radharc Sinn Féin ag suí ar an gclaí

Tá muid imithe chomh mór sin i dtaithí ar chur i gcéill ón rialtas nach raibh mórán daoine róbhuartha faoin raic is deireanaí i dtaobh laghdú astaíochtaí carbóin earnáil na talmhaíochta.

Tarlaíonn sé chomh minic sin go mbíonn easaontas mór, mar dhea, idir na páirtithe rialtais ach tagann siad ar réiteach sa deireadh i gcónaí. Tuigeann an pobal an cluiche faoin tráth seo.

Ar ndóigh dá mbeadh toghchán ann tá gach cosúlacht ar an scéal go gcaillfeadh na trí pháirtí go trom. Agus is dócha gurb í an fhírinne sin a chruthaigh an réiteach atá ann anois: go mbeidh laghdú astaíochtaí 25% in earnáil na talmhaíochta.

Tá sé sin i bhfad ón 30% a bhí á lorg ag an gComhaontas Glas ach níl sé chomh fada céanna ón 22% a d’iarr an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue.

Ach má tá réiteach ann idir na páirtithe sa rialtas, céard faoi bhaill na bpáirtithe, is céard faoi na heagraíochtaí stocaireachta, na cumainn feirmeoireachta is na cumainn timpeallachta? Is ar éigean go mbeidh ceachtar taobh sásta leis an gcomhghéilleadh seo.

Maidir leis an easaontas idir na páirtithe, ní dóigh liom go bhfuil an chuid is mó dínn ar an eolas faoin difear ar an talamh (más ceadmhach é sin a rá) idir an 30% a bhí á lorg ag an gComhaontas Glas, agus an 25% a ghéill McConalogue sa deireadh.

Sa tamhach táisc ar fad, ní miste a rá gur fíorbhaol don chine daonna an t-athrú aeráide agus ní féidir é a shéanadh. Ní finscéal é atá cumtha ag daoine atá naimhdeach don tuath, cé gur fíor go mbíonn páirtithe ar nós an Chomhaontais Ghlais ar nós cuma liom  uaireanta maidir le freagraí a chur chun cinn chun an saol atá againn faoi láthair a athrú i ndáiríre.

Mar sin féin, caithfimid in Éirinn ár gcuid a dhéanamh mar chuid d’iarracht an domhain mhóir cuid den dochar a bhaint as an tubaiste. Agus sin í an cheist: cén chaoi a laghdóidh muide ár gcuid astaíochtaí carbóin is meatáin?

Ní fiú labhairt faoin mBrasaíl, agus drochnósanna talmhaíochta tíortha eile, cé go bhfuil an ceart ag Mary Lou McDonald nuair a deir sí nach cóir dul ar aghaidh le Conradh Mercosur, conradh atá ar na bacáin ag an Aontas Eorpach faoi láthair.

Bíonn ábhar leithscéil ag gach tír ar domhan, is níl aon dul as againn ach ár gcuid a dhéanamh. Ansin is féidir linn clamhsán a dhéanamh faoi thíortha eile.

Ach cén chaoi lena dhéanamh in Éirinn? Níl mórán plé poiblí faoi na beartais shonracha atá le déanamh. Ach admhaítear nár éirigh leis an rialtas beagnach trian de na beartais ar ghlac siad leo sa chlár rialtais a chur i bhfeidhm.

Ní hé an rialtas amháin atá i gcruachás faoin scéal seo. Thacaigh an freasúra, den chuid is mó, leis an sprioc 30% i dtaobh laghdú astaíochtaí talmhaíochta. Ach ní raibh, agus níl, Sinn Féin in ann a rá cá seasann siadsan.

Tá an ceart acu nuair a deir siad nach fiú figiúr a phiocadh as an aer – nós oibre an Chomhaontais Ghlais go minic – ach bhí neart ama ag Sinn Féin le feoil a chur ar chnámha a bpolasaí féin.

Mo léan, ach sé an chuma atá ar an scéal go bhfuil siad ina suí ar an gclaí. Feiceann siad go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael in aimhréidh maidir le ceist na tuaithe, ach an é atá ar siúl ag Sinn Féin i ndáiríre ná a bheith ag iarraidh leas soiniciúil a bhaint as deacrachtaí a gcéilí comhraic?

Bheadh sé an-íorónta dá dtitfeadh an rialtas as a chéile mar gheall ar an scéal seo – an Comhaontas Glas céasta amuigh ar ardtalamh na moráltachta agus Sinn Féin ina ndaoine tuí ag lúbadh sa ngaoth.

Ach sé an rud is seafóidí faoi seo ná nach bhfaigheann Sinn Féin an oiread sin vótaí ó fheirmeoirí agus is cinnte nach bhfaigheann siad mórán vótaí ar chor ar bith ó fheirmeoirí móra. Seans maith go bhfuil níos mó vótaí le cailliúint as an seasamh éiginnte seo ná a chaillfí dá lorgóidís astaíochtaí níos gaire don 30% d’earnáil na talmhaíochta.

Nuair a bheidh Sinn Féin i gceannas ar rialtas beidh orthu sonraí a thabhairt faoi cén chaoi a mbainfear an sprioc náisiúnta amach, sé sin laghdú 51% ar astaíochtaí náisiúnta– sprioc a mholann siad féin.

Beidh sé le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an scéal seo ar leibhéil tacaíochta Shinn Féin sna pobalbhreitheanna. Seans maith nach mbeidh an oiread sin tionchair aige, ach mar sin féin tá ardtalamh na moráltachta caillte acu maidir leis an gceist seo, agus níor mhór polasaí cuimsitheach a chur le chéile mar ábhar práinne.

San idirlinn, tá an fócas ar an rialtas. Má thagann siad slán as an easaontas seo, agus más féidir leo síocháin a bhunú idir feirmeoirí agus lucht na timpeallachta, beidh ceist eile fós le freagairt acu. Cén fáth nach bhfuil ag éirí leo na spriocanna a leag siad féin síos a bhaint amach?

Agus cén fhaid a bheidh na gníomhaithe timpeallachta sásta  cur suas le faillí Eamon Ryan is a chuid comrádaithe?

Fág freagra ar 'Is bocht an radharc Sinn Féin ag suí ar an gclaí'

  • An Teanga Bheo

    Seasamh nó suí gearr ar an sconsa