Is beag each ar thaistil a chuimhne ó ghlúin go glúin mar a tharla i gcás Arkle

Ba í an choimhlint idir Arkle siúd agus Mill House a d’fhág na rásaí inar ritheadar in aghaidh a chéile mar a bheadh cluiche sacair nó rugbaí idir Éirinn agus Sasana

Is beag each ar thaistil a chuimhne ó ghlúin go glúin mar a tharla i gcás Arkle

Mill House agus Arkle i 1965. Pictiúr: Allsport Hulton Deutsch/ALLSPORT

Cipirigh Ghréagacha agus Thurcacha a bhí i mbun cogaíochta lena chéile cothrom an ama seo i 1964 agus gan baol an oiread céanna imní ar an bpobal ina thaobh agus atá faoina bhfuil ag tarlú inniu ar bhruach thuaidh na Mara Duibhe.

Thug an tseachtain chéanna léi Féile Rásaíochta Cheltenham agus sula raibh deireadh feicthe sna trí lá a bhí dlite dó sin ag an am bhí laoch nua ag pobal na rásaíochta – capall donnrua darbh ainm Arkle, a bhuaigh an chéad cheann de thrí Chorn Óir as a chéile lá deiridh na hiomaíochta.

Tuairim £8,000 a fuair a úinéir, Anne, Bandiúc Westminster.

Seans gur deacair leat a thuiscint cén chaoi ar tharla sé go bhfuil gearrán a bhí faoi úinéireacht dhuine d’uaslathaithe na Breataine ina shiombail náisiúnta ag muintir na tíre seo agus gur minic fós féin a thaispeántar na físeáin den iomaíocht inar sháraigh sé Mill House, an t-each ba ábalta a bhí ag na Sasanaigh i rás na trí mhíle.

An chúis ba mhó dar ndóigh go mba in aice le Cill Dhéagláin ar theorainn Átha Cliath agus na Mí a bhí na stáblaí ag a thraenálaí Tom Dreaper agus go mba scór míle ó bhaile i Ráth Cúil a saolaíodh a mharcach Pat Taaffe.

Rud nach bhfuil a fhios ag go leor is ea go mba Éireannach freisin a bhí sa mBandiúc, cé nach raibh a bunadh chomh gar don chosmhuintir agus a bhí fréamhacha an mharcaigh ná an traenálaí.

Súilleabhánach as Corcaigh ab ea í – iníon Bhriogáidire-Ghinearál .Sa mbliain 1946 phós sí Hugh Grosvenor, Diúc Westminster, tar éis dósan teach mór a cheannacht béal dorais dá muintir i nGleann Maighir. Ba é sin an ceathrú pósadh ar an Diúc a raibh 120,000 acra talún aige i nGarbhchríocha na hAlban agus a bhí ar dhuine de na daoine ba shaibhre ar dhroim na cruinne. 

Bhí sé ag tarraingt ar 70 bliain d’aois nuair a phós sé Sullivan, a mhair leathchéad bliain eile tar éis a bháis i 1953 – a mbunáite in Albain. Ba as sliabh a bhí ar a heastát ansiúd a d’ainmnigh sí Arkle.

Tá fáil ar neart capall eile a bhí faoi úinéireacht Éireannach agus a rinne gaiscí go leor timpeall an ama sin agus roimhe – ag daoine nach raibh teideal ná maoin an Bhandiúic acu. Fós níor ghlac pobal na tíre chucu féin ar an mbealach a ndearna siad sin le Arkle agus a úinéir.

Féach go raibh an Corn Óir buaite ceithre huaire ag capaill a thraenáil Vincent O’Brien sna 1940idí agus 1950idí agus go mba Bhaile Átha Cliathaigh amach agus amach Harry agus Moya Keogh, úinéirí an chapaill Knock Hard a bhuaigh sin i 1953. Fós níor thaistil a gcuimhne siúd ó ghlúin go glúin mar a tharla i gcás Arkle.

Cúis shimplí atá leis sin. Ba í an choimhlint idir é siúd agus Mill House a d’fhág na rásaí inar ritheadar in aghaidh a chéile mar a bheadh cluiche sacair nó rugbaí idir Éirinn agus Sasana. Ba chuma go mba i gCill Dara a saolaíodh Mill House – chaill sé a chuid cearta saoránachta nuair a cheannaigh Sasanach an searrach agus nuair a chuir faoi chúram an traenálaí Fulke Walwyn i Lambourn é.

6 bliana a bhí Arkle nuair a thug sé Seilgrás na Núíosach leis i Cheltenham 1963. I scéal iomlán na Féile ba bheag le rá sin i gcomparáid le bua ag Mill House sa gCorn Óir dhá lá dár gcionn – thug Timeform, an córas a dhéanann maoirseacht ar chumas capaill rása rátáil 191 dó, an figiúr ab airde riamh go dtí sin ag capall a bhí á thraenáil i Sasana.

An bhliain dár gcionn bhí grád na Núíosach fágtha ina dhiaidh ag Arkle agus bís ar lucht rásaíochta go bhfeicfí é féin agus Mill House ag iomaíocht in aghaidh a chéile i gCorn Óir Hennessy i Newbury. Trí léim ón deireadh agus gan de thús ag Mill House air ach fad amháin capaill, sciorr Arkle. Ghlac sé tamall air Pat Taaffe lánluas a shroichint arís agus ba sa 3ú háit a chríochnaigh sé i rása a bhuaigh Mill House.

Faoin am a dtáinig aimsir na Féile Pádraic, bhí an oiread sin drogaill ar thraenálaithe eile a gcuid eacha féin a chur i gcoimhlint le ceachtar de na capaill nach raibh istigh ar Chorn Óir Cheltenham ach dhá each eile.

I bhfad siar a bhíodar siúd nuair a tháinig an léim dheireanach tráth a dtáinig Arkle (7/4) aníos le taobh Mill House (8/13F) a bhí chun cinn ón tús. Nuair ba ghéire an iomaíocht thug a mharcach Willie Robinson cúpla slais den fhuip dó siúd. Níor mhiste do Taaffe dá mba fágtha ina dhiaidh sa mbaile de dhearmad a bhí a cheann fhéin – 5 fhad idir é agus Rogha na Coitiantachta nuair a thrasnaigh siad an líne gan lámh leagtha aige ar an tsliseog leathair.

Bhí gach a raibh de mhuintir na tíre seo a bhí i láthair ag dul as a meabhair le scóip agus spórt nua aimsithe ag an gcoimhlint Angla-Éireannach. 

Le teacht na bliana 1965 bhain Arkle díoltas amach sa Hennessy; i gCorn Óir Cheltenham bhí sé 20 fad chun cinn ar Mill House agus nuair a bhuaigh sé an Whitbread in Sandown, bhí ar a laghad 2½ cloch níos mó de mheáchan ar a dhroim ná a bhí ar aon cheann den leathdhosaen capall eile sa rása.

Rátáil 212 a thug Timeform dó – ceann nár sáraíodh roimhe ná ina dhiaidh.

Choinnigh capall an Bhandiúic air ag bailiú na gCorn Óir i 1966 – 1/10 a phraghas nuair a bhuaigh sé ceann Cheltenham agus an uair seo 30 fad capaill idir é agus an ceann ba ghaire dó.

Ní mba oidhreacht rásaíochta amháin a d’fhág Arkle ina diaidh leis na gaiscí seo ar fad agus ar bhealaí go leor is féidir a rá go raibh baint mhór aige leis an rath as cuimse atá tagtha ar an bhféile rásaíochta a bheas ar siúl an tseachtain seo ar an gcúrsa ab ansa leis. Go cinnte ní bheadh £320,000 le fáil ag úinéir bhuaiteoir an Gold Cup £320,000 Dé hAoine seo chugainn. 

Ní hiontas go bhfuil dealbh ina ómós i gceartlár na háite.

Faraor ní bhfaighidh mé deis i mbliana mo lámh a leagan ar a dhá chos tosaigh ansiúd mar a dhéanaim i gcónaí le linn cuairte – bhí sé d’fhaisean aige iad a chur trasna ar a chéile agus é ag léimneach, rud a fhágann go bhfuil sé deacair a thuiscint cén chaoi ar chríochnaigh sé aon rás inar rith sé, ní áirím 27 (as 35) acu a bhuachan ar chúrsaí idir 1m6st agus 3m.5st.

Ní fada eile muis go mbeidh mé ag cuimilt. 

Fág freagra ar 'Is beag each ar thaistil a chuimhne ó ghlúin go glúin mar a tharla i gcás Arkle'