‘Is ar éigean a d’fhéadfaí mé a stopadh!’ – glactha ag Joe Biden le cuireadh an Taoisigh go hÉirinn

Bhí an t-athrú aeráide agus foireann peile Mhaigh Eo i measc na n-ábhar cainte ag Micheál Martin agus Uachtarán tofa Mheiriceá i gcomhrá fóin a mhair breis is 20 nóiméad

‘Is ar éigean a d’fhéadfaí mé a stopadh!’ – glactha ag Joe Biden le cuireadh an Taoisigh go hÉirinn

Bhí comhrá “cairdiúil agus suimiúil” a mhair breis is 20 nóiméad ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna le huachtarán nuathofa Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden.

Dúirt an Taoiseach i ndiaidh an chomhrá go bhfuil “an-eolas agus an-tuiscint” ag Biden ar an tír seo agus é ag tabhairt faoina ról nua. Dúirt Martin go raibh “grá mór” ag Biden dá oidhreacht Ghaelach agus gur dhearbhaigh an tUachtarán tofa athuair go seasfadh sé go daingean le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Rinne an Taoiseach comhghairdeachas le Joe Biden agus Kamala Harris. Nuair a thug an Taoiseach cuireadh chun na hÉireann do Biden, ba é an freagra a thug an tUachtarán tofa air ná “gur ar éigean a fhéadfar mé a stopadh”.

Labhair an bheirt cheannairí chomh maith faoi thábhacht an iltaobhachais agus faoin ngéarchéim athrú aeráide.

Gheall Biden go síneodh sé Comhaontú Aeráide Pháras a luaithe is a dhéanfaí é a insealbhú ar an 20 Eanáir.

Tuairiscíodh chomh maith go ndúirt Biden go bhféadfadh Éire cabhrú le ‘droichead a thógáil’  agus dea-chaidreamh a chothú arís idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tuairiscíodh freisin go raibh Uachtarán nuathofa Mheiriceá ar an eolas faoin gcluiche a bhuaigh Maigh Eo in aghaidh Ros Comáin i gcraobh peile na hÉireann ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar '‘Is ar éigean a d’fhéadfaí mé a stopadh!’ – glactha ag Joe Biden le cuireadh an Taoisigh go hÉirinn'