Is aoibhinn an saol ó dheas –bua mór do pheileadóirí Chorca Dhuibhne agus d’iománaithe na Rinne

Súil siar ar chluichí móra na bhfoirne Gaeltachta…Bhí bua mór ag dhá chumann Gaeltachta ó dheas an deireadh seachtaine seo agus fuair An Cheathrú Rua an ceann is fearr ar Mhicheál Breathnach i gConamara

Cathal Ó Luing ags Dara Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An beart déanta ar éigean ag fir na Gaeltachta

Beidh peileadóirí na Gaeltachta ag imirt sa ghrád sinsir den chéad uair ó 2009 an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Craobh Idirmheánach Chiarraí a thabhairt leo an deireadh seachtaine seo caite. Lena dhorn sa tríú nóiméad d’am cúitimh a fuair PJ Mac Láimh cúilín na cinniúna a thug bua aon phointe amháin d’fhir Chorca Dhuibhne ar an Teampall Nua i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae, 1-12 i gcoinne 0-14.

Cluiche thar a bheith crua a bhí ann agus is ar éigean a bhí an Ghaeltacht in ann a gcéilí comhraic a chur díobh. D’aimsigh Mac Láimh, Seán M Ó Conchúir agus Dara Ó Sé formhór na scóranna don Ghaeltacht ach beidh na buaiteoirí buíoch chomh maith d’iarrachtaí a gcúl báire, Tomás Mac an tSaoir, a rinne trí sábháil den scoth, agus de Phádraig Óg Ó Sé a thug sárthaispeántas uaidh a thuill gradam laoch na himeartha dó.

Agus teacht aniar déanta ag an Teampall Nua sa dara leath, bhí an cúl a d’aimsigh fir na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach mar d’fhág sé go raibh farasbarr le cosaint acu as sin go ceann scríbe. Leath bealaigh tríd an gcéad leath a aimsíodh an scór cinniúnach. Thug Brian Ó Beaglaoich pas do Sheán M. Ó Conchúir agus d’aimsigh an tosach a sprioc le hiarracht shlachtmhar.

Ba é an cúl céanna a d’fhág go raibh bearna trí phointe fós idir na foirne agus gan fágtha ach beagán sa bhreis ar chúig nóiméad. D’aimsigh Killian Spillane, Pat Spillane agus Cian Hallissey pointí don Teampall Nua ansin agus bhí na foirne ar comhscór agus 60 nóiméad imeartha. D’aimsigh Gearóid Mac an tSaoir agus Tadhg Morley pointe an duine in am cúitimh ach nuair a chuir Mac Láimh a thríú pointe thar an trasnán, bhí a rás rite ag an Teampall Nua agus an corn ag dul siar.

Tabharfaidh an Ghaeltacht aghaidh anois ar fhoireann Mhala, Carraig Dhúin, ag imirt i gCraobh na Mumhan. Cé go mbeidh a lucht bainistíochta míshásta go maith le gnéithe dá gcuid imeartha sa chluiche ceannais, beidh siad sásta go maith leis an spiorad agus an mianach a léirigh siad chun teacht slán ó dhianchoimhlint a sheasfaidh leo.

Foireann buacach na Rinne. Pictiúr: Sean Byrne//Deise Sport

Craobh Idirmheánach Phort Láirge tugtha leo ag iománaithe na Rinne

Thug cumann Gaeltachta eile craobh idirmheánach leo an deireadh seachtaine seo chomh maith agus Craobh Idirmheánach Iománaíochta Phort Láirge buaite ag an Rinn. Bua cúig phointe a bhí ag fir na Rinne, 0-18 in aghaidh 0-13, ar Chluain Fhia agus ceannas acu ar an gcluiche ó thús go deireadh.

Tá seal caite ag comhchaptaen na Rinne, Donie Breathnach, le foireann shinsir Phort Láirge le blianta beaga anuas agus léirigh sé a chumas i bPáirc an Bhreathnaigh, mar ar fhág sé lorg mór ar an imirt. Ceithre phointe dhéag a d’aimsigh an fear lár páirce Dé Sathairn, sé cinn díobh ón imirt.

Bhí sé soiléir go raibh fhir Chluain Fhia i dtrioblóid go luath sa chluiche. Bhí siad sé phointe chun deiridh agus deich nóiméad imeartha agus gan scór dá laghad aimsithe acu san achar sin.

D’fheabhsaigh siad  beagáinín ina dhiaidh sin ach mhéadaigh an Rinn an bhearna idir na foirne roimh leath ama agus bhí siad 0-12 in aghaidh 0-5 chun cinn ag an mbriseadh. Faoin am go raibh deich nóiméad den dara leath caite, bearna naoi bpointe a bhí eatarthu agus cé gur tháinig Cluain Fhia ar ais de bheagáinín, ní raibh an Rinn riamh i mbaol.

Is í an sprioc atá ag an Rinn anois ná fanacht sa ghrád sinsir, rud a theip orthu nuair a thug siad leo craobh Idirmheánach an chontae in 2008 agus 2012. Roimhe sin, imreoidh siad Cill Mháille an Chláir i gCraobh na Mumhan an Domhnach seo chugainn.

Peadar Ó Conghaile, An Cheathrú Rua agus Cillian Ó Conghaile, Oileáin Árann. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Cheathrú Rua tagtha slán ó chath dícháilithe Chonamara

Beidh peileadóirí na Ceathrún Rua ag imirt sa ghrád sinsir arís in 2018 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana  Gaeltachta, Micheál Breathnach, i gcluiche leathcheannais dícháilithe i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Farasbarr dhá phointe a bhí idir na foirne, 1-12 in aghaidh 1-10, toradh a chiallaíonn go mbeidh ar Mhicheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar Chill Chonla sa chluiche ceannais dícháilithe chun an t-ísliú céime

a sheachaint.

Ba é an drochthaispeántas a thug na Breathnaigh sa chéad leath ba mhó ba chúis leis an gcailliúint. Bhí an Cheathrú Rua ar fheabhas sa tréimhse chéanna agus bhí 1-5 scóráilte acu faoin am gur aimsigh fir Chois Fharraige a gcéad scór. Ba é Cillín de Paor a d’aimsigh an cúl don Cheathrú Rua agus gan ach dhá nóiméad imeartha agus bhí a fhoireann sé phointe chun cinn ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-3.

Ba mheasa fós an scéal do na Breathnaigh nuair a briseadh cos laoch na foirne, Fiontán Ó Curraoin ag tús an dara leath. Cé gur drochbhuille ab ea an t-imreoir idirchontae a chailleadh, rinne Micheál Breathnach teacht aniar den scoth sa dara leath sin.

Ba iad Pete Ó Cionnaith agus Rónán Mac Donnacha a d’aimsigh cuid mhaith de na cúilíní dóibh agus  Pádraig Tim Ó Conghaile a d’aimsigh cúl chun an bhearna a laghdú tuilleadh. Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne agus an t-am beagnach caite ach is iad an Cheathrú Rua a d’aimsigh an cúilín deireanach chun an lá a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Is aoibhinn an saol ó dheas –bua mór do pheileadóirí Chorca Dhuibhne agus d’iománaithe na Rinne'