‘Irish 101’ – tús curtha ag lucht DCU le cúrsa Gaeilge saor in aisce ar líne

Tá an ‘Irish 101’ atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar fáil saor in aisce d’fhoghlaimeoirí nua ar fud an domhain, ach tá táille i gceist má tá ‘teastas’ uait ag a dheireadh

‘Irish 101’ – tús curtha ag lucht DCU le cúrsa Gaeilge saor in aisce ar líne

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag daoine chun clárú le bheith ar an gcéad dream a dhéanfaidh an cúrsa ‘Irish 101: ‘An introduction to Irish Language and Gaelic Culture’, cúrsa nua ar líne atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Trí seachtaine a mhaireann an cúrsa sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach.

Trí uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine atá i gceist. Cé go bhfuil an cúrsa saor in aisce, tá ‘uasghrádú roghnach’ á thairiscint ag lucht eagraithe an chúrsa atá dírithe ar ghlantosaitheoirí.

An té a íocann as an ‘uasghrádú’ seo, beidh cead aige an cúrsa a dhéanamh ‘ar a luas féin’, gheobhaidh sé ‘teastas’ ar chríochnú an chúrsa dó agus beidh teacht i gcónaí aige ar ábhar an chúrsa acu. Ní bheidh teacht ag an té nach n-íocann as an uasghrádú ar an ábhar sin ach ar feadh cúig seachtaine agus ní bhronnfar aon teastas air.

Deirtear go bhfuil an cúrsa dírithe ar aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó sa chultúr Gaelach. Gealltar go bhfaighidh an té a chláraíonn le ‘Irish 101’ buneolas faoin nGaeilge, faoin Ogham agus faoi fhoghraíocht agus aibítir na Gaeilge.

Foghlaimeoidh lucht an chúrsa beannachtaí agus mallachtaí i nGaeilge agus cuirfear eolas ar fáil dóibh faoi ainmneacha Gaeilge, faoin miotaseolaíocht agus faoin nGaeltacht. Múinfear chomh maith bunscileanna Gaeilge a chuirfeadh ar chumas duine a rá cárbh as dó agus cé leis é, conas comhaireamh agus conas treoracha a lorg i nGaeilge.

Tá an cúrsa, a d’fhorbair Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus atá ar fáil ar an suíomh futurelearn.com, á chur ar fáil faoin gclár ‘Fáilte ar líne’ a bhunaigh Roinn na Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“On this course, you’ll discover how Irish people drew inspiration from nature to create their own unique script and alphabet.

“You’ll explore Ireland’s rich culture of dance, Gaelic games, music, storytelling and literature. And you’ll gain an insight into the language of Ireland and the people who speak it,” a deirtear ar leathanach gréasáin an chúrsa nua.

Tá go dtí an 29 Eanáir ag daoine le clárú don chéad chúrsa de ‘Irish 101: ‘An introduction to Irish Language and Gaelic Culture’.

Thug an t-iar-aire Gaeltachta Heather Humphreys le fios sa Dáil anuraidh go raibh Roinn na Gaeltachta ag tacú le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cúrsa nua céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann a fhorbairt a mbeadh fáil air saor in aisce ar líne ar fud an domhain. Cúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne, nó Mooc (Massive Open Online Course), a bheadh ann, a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Irish 101’ – tús curtha ag lucht DCU le cúrsa Gaeilge saor in aisce ar líne'

  • puililiú

    Chuirfeadh teideal an ailt mearbhall ort – ní cosúil gur cúrsa Gaeilge é seo ar chor ar bith, ach cúrsa a thesgascfar i mBéarla faoin chultúr Ghaelach agus roinnt bheag eolais ar an Ghaeilge mar chuid de sin. Cineál de ‘Irish Studies’, ach ‘Gaelic’ in áit ‘Irish’.

  • Iónátán

    Aontaím go hiomlán le puililiú – chuirfeadh sé sin mearbhall ar na daltaí a d’fhéadfadh triail a bhaint as an gcúrsa.