‘Íosfaidh muid dinnéar na Nollag anseo más gá’ – mná Debenhams ag seasamh an fhóid i nGaillimh

Tugann feachtasóir amháin léargas dúinn ar conas mar atá cúrsaí ag túslíne na hagóide atá ar siúl ag oibrithe Debenhams sa Ghaillimh

‘Íosfaidh muid dinnéar na Nollag anseo más gá’ – mná Debenhams ag seasamh an fhóid i nGaillimh

Tá iaroibrithe Debenhams ar a bpicéad anois le 174 lá. Tá sé ar an phicéad is faide i stair an stáit ón uair a sháraigh siad oibrithe Vita Cortex a bhí ar an phicéad ar feadh 161 lá 2011-2012.

Bímse féin agus baill eile den Pháirtí Sóisialach ag seasamh leo agus iad ag lorg an íocaíocht iomarcaíochta a aontaíodh i gcomhaontú cómhargála ceithre bliana ó shin.

Thapaigh mé an deis a dtuairimí is a ndearcadh a fháil ar a bhfuil tite amach le beagnach leathbhliain agus faoin scéala nach bhfuil tásc ná tuairisc ar réiteach ar a gcás go fóill.

Ag smaoineamh siar ar an bhliain ab aistí i gcuimhne go leor daoine, luaigh cuid de na mná na ríomhphoist agus na teachtaireachtaí gutha ó CEO Debenhams á gcur ar a suaimhneas agus ag rá leo go raibh an 11 siopa in Éirinn slán.

Deir na hoibrithe gur baineadh preab mhillteanach astu nuair a fuair siad ríomhphost ag fógairt malairt scéil dhá lá ina dhiaidh sin. Bhí díomá, déistin agus imní orthu, a deir siad agus iad ag cur síos ar an lá a bhfuair siad an drochscéal. “Cheap mé gur ag magadh a bhí siad” a deir duine amháin. “Ar thuig mise sin i gceart?” an cheist a rith le duine eile.

Bheartaigh cuid acu dul ar phicéad roimh chinneadh an cheardchumainn, Mandate agus vótáil 97% ar son picéid.

Ag déanamh tagairt don “fheall” a rinneadh orthu, rinne an grúpa oibrithe ar labhair mé leo cur síos ar an tseirbhís “dhílis” a thug siad don chomhlacht ar feadh 15, 18 agus 22 bliain. Thug oibrithe eile os cionn 30 bliain seirbhíse don chomhlacht. “Ag troid ar son ár gceart atáimid,” a deir duine amháin. Cuid acu, cheap siad nach mbeadh siad féin ar líne phicéid go deo.

Faoi láthair, tá stoc, luach €13 milliún, sna siopaí. Ábhar margántaíochta is ea é sin, dar leo.

“Níl an stoc ag dul áit ar bith,” a deir duine amháin. Tá siad ag faire ar gheataí an tsiopa 24 uair an chloig seacht lá in aghaidh na seachtaine.

Maidir leis an mhargadh a bhí faoi chaibidil tá roinnt seachtainí ó shin, deir an ceathrar acu “masla” a bhí ann.

Masla don dúthracht is don díograis a léirigh siad ina gcuid oibre. An t-aon mhíniú atá ag bean amháin ar an mhargadh “nach ndíolfadh seachtain pá dóibh ná sotal na leachtaitheoirí.

“Cheap siad nach raibh ionainne ach mná tí a d’oibrigh i siopa. Throid muid ar ais agus coinneoidh muid ag troid,” ar sí.

Luann an bhean chéanna an dlúthpháirtíocht idir iad agus oibrithe na ndeich siopa eile in Éirinn inar chaill daoine a gcuid post mí an Mhárta seo caite.

“Mná láidre. Mná iontacha. Máithreacha agus mamónna ina measc. Ba chóir go mbeadh meas ag mná eile ar na mná seo. Tá siad ag troid ar son gach oibrí san earnáil mhiondíola.”

Maidir leis an ngrúpa oibrithe anseo i nGaillimh is mór acu an tacaíocht a fhaigheann siad ón phobal, idir cupáin chaife agus tae agus daoine ag stopadh chun labhairt leo. Deir daoine eile leo go raibh siad féin ar phicéad cheana agus ag rá leo an fód a sheasamh.

In ainneoin tacaíocht an phobail, ní léir do lucht an phicéid an tacaíocht chéanna óna n-ionadaithe poiblí. “Seanscéal is meirg air” dar le duine amháin ina dtaobh. Luaitear díomá arís maidir leis an Chomhairle Chathrach, nach raibh a comhairleoirí ar an líne rómhinic, má bhí ar chor ar bith, cé gur fhógair siad a dtacaíocht ar a son. Maidir le Teachtaí Dála na bpríomhpháiritithe, deir siad gur in ainneoin an méid a dúradh leo, nuair a tháinig an crú ar an tairne, gur fágadh ar an trá fholamh iad. Ghoill sé orthu gur vótáil páirtithe an Rialtais, Fianna Fáil, Fine Gael is Comhaontas Glas, agus a n-ionadaithe áitiúla ina measc, i gcoinne an rúin go bhfaigheadh siad iomarcaíocht ceithre seachtaine in aghaidh gach bliain seirbhíse.

Tráth scríofa an ailt seo, tá oibrithe Phort Láirge tar éis seilbh a ghlacadh ar an tsiopa ansin. Luann mná na Gaillimhe go bhfuil siad diongbháilte de go seasfaidh siad an fód. “Íosfaidh muid dinnéar na Nollag anseo más gá.”

– Is ball den Pháirtí Sóisialach agus den chomhghuaillíocht feachtasaíochta is toghchánaíochta Neart le Chéile é Maitiú de Hál

Fág freagra ar '‘Íosfaidh muid dinnéar na Nollag anseo más gá’ – mná Debenhams ag seasamh an fhóid i nGaillimh'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Tá dul amú ar na hoibrithe.
    Níl aon fheidhm leis an gconradh cómhargála sin faoi láthair.
    De réir na dlí, níl de cheart ag na hoibrithe ach an bunráta.
    B’fhéidir gur cheart an dlí a athrú, ach sin scéal eile.