Iontais ár sinsear á dtabhairt chun solais ag Manchán in ‘DNA caillte’ TG4

Le cabhair an DNA fiosraíonn Manchán Magan cé muid féin agus cé as a dtángamar an chéad lá riamh

Iontais ár sinsear á dtabhairt chun solais ag Manchán in ‘DNA caillte’ TG4

Sa tsraith trí chlár DNA Caillte (TG4, Dé Céadaoin) tugann Manchán Magan léargas nua dúinn ar ár sinsir agus ár suíomhanna seandálaíochta trí úsáid a bhaint as an eolaíocht is nua-aimseartha maidir le DNA.

Cé muid féin? Cad as dúinn? Cén chuma a bhí orainn? Sin cuid de na ceisteanna a chaith Manchán chugainn ina stíl shainiúil féin i dtosach an chéad ghála. Bainfidh cuid de na freagraí siar asat.

Thug Magan aghaidh ar Reachlainn ar dtús. Meabhraíodh dúinn nach bhfuil an t-oileán seo i Sruth na Maoile ach fiche ciliméadar ó Cheann Tíre na hAlban. Ní haon iontas mar sin go mbeadh daoine siar is aniar idir Éire, Reachlainn agus Albain. Fuarthas uaigh chiste ansin in 2006 agus nuair a deineadh tástálacha DNA ar thaisí a bhí inti, tugadh chun solais gurbh ón Steip Pontic in oirthear na hEorpa sinsir an duine sin. Lena chois sin, fuarthas tuanna ón ré Neoiliteach atá déanta as cloch an oileáin chomh fada ó bhaile leis an bhFrainc. Ní rabhamar ach ina thús.

Tugadh sciuird ar láithreacha seandálaíochta ar fud na tíre: Cill Santail i nDoire, Poll na mBrón sa Bhoireann, Mainnear an Fhathaigh in aice le Béal Feirste agus cá mbeimis gan turas chuig Sí an Bhrú agus a dheartháirín Cnóbha. A n-iontais féin ag gach ceann acu agus an eolaíocht ag nochtadh a thuilleadh sonraí dúinn.

Tá cuid mhaith tráchtaireachta againn ó Mhanchán ach is trí Bhéarla a labhraíonn formhór na gcloigne cainte. Déantar iarracht réasúnta aíonna le Gaeilge a chur ar scáileán; Mary O’Driscoll ó Reachlainn agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn ina measc.

’Sí eolaíocht an DNA príomhlaoch na sraithe ach níl an Dr Lara Cassidy ach coiscéim coiligh ina diaidh. Oibríonn Lara i Roinn na Géineolaíochta i gColáiste na Tríonóide agus is í siúd a chuaigh i mbun bleachtaireachta mar aon leis an lucht féachana a threorú go deisbhéalach trí chuid de choincheapa dlútha na disciplíne.

Ag maireachtaint ar an bhfiach agus ar an gcnuasach a bhí an dream i gCill Santail tuairim is 10,000 bliain ó shin, agus tugadh le fios dúinn go raibh craiceann agus gruaig dhorcha orthu mar aon le súile gorma.

B’fheirmeoirí an dream a mhair sa ré Neoiliteach agus cuirtear ar ár súile dúinn gur tháinig siad thar toinn is cnoic anall chugainn ón gCorrán Méith sa Mheánoirthear, tuairim is 5,000 bliain roimh Chríost. Iad ana-chosúil ina ndreach le muintir na Sairdíne inniu.

Cinnte chuirfeadh an clár fonn ort turas a thabhairt ar ár séadchomharthaí, Sí an Bhrú agus Cnóbha ach go háirithe. Táid i measc na séadchomharthaí is tábhachtaí san Eoraip agus leath d’ealaín chloiche na Mór-Roinne le fáil iontu.

Arís eile, nochtann an DNA dúinn go raibh ciorrú coil i gceist le ceann de an taisí a fuarthas ann.

Clár taitneamhach, suimiúil.

Fág freagra ar 'Iontais ár sinsear á dtabhairt chun solais ag Manchán in ‘DNA caillte’ TG4'