Ionadaí Trevor Uí Chlochartaigh ar choiste Gaeilge le ceapadh ‘go luath’

Meastar gurb é an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Gaeilgeoir líofa agus iarmhéara Bhéal Feirste, a roghnóidh Sinn Féin d’áit Uí Chlochartaigh ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Ionadaí Trevor Uí Chlochartaigh ar choiste Gaeilge le ceapadh ‘go luath’

Beidh ionadaí á cheapadh “go luath” ag Sinn Féin in áit an tSeanadóra Trevor Ó Clochartaigh ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin nach raibh Ó Clochartaigh “mar ionadaí don pháirtí ar aon bhealach” ó d’éirigh sé as coicís ó shin agus go mbeadh ball den pháirtí á ainmniú go luath acu chun áit an tSeanadóra as Conamara a ghlacadh ar an gcoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Meastar gurb é an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Gaeilgeoir líofa agus iarmhéara Bhéal Feirste, a roghnóidh Sinn Féin chun áit Uí Chlochartaigh a thógáil.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go leanfadh sé air ag freastal ar chruinnithe an choiste agus go leanfadh sé air ag “obair ar son an phobail agus ag cur ceisteanna tábhachtacha ar son an phobail”.

D’éirigh Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin ag deireadh na míosa seo caite. Dúirt sé gur chinn sé éirí as mar nach raibh aon iarracht déanta déileáil le “fadhbanna tromchúiseacha” agus “iompar nimhneach” i measc bhaill áirithe den pháirtí i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas. Dúirt sé chomh maith go raibh coinbhinsiún toghcháin a bhí ‘réamhshocraithe’ beartaithe ag an bpáirtí.

I ráiteas a chuir an páirtí amach, dúradh go raibh sé soiléir go raibh “imní” ar Ó Clochartaigh nach roghnódh baill an pháirtí go daonlathach é ag an gcoinbhinsiún.

Fág freagra ar 'Ionadaí Trevor Uí Chlochartaigh ar choiste Gaeilge le ceapadh ‘go luath’'