Ionad nua Gàidhlig £8 milliún le tógáil in Albain

‘Ionad Thròndairnis’ a bheidh ar ionad nua teanga in Albain ina mbeidh bialann agus lóistín do na daoine a bheidh ag freastal ar na cúrsaí éagsúla a bheidh á reáchtáil ann

Ionad nua Gàidhlig £8 milliún le tógáil in Albain

Tá ionad nua Gàidhlig le tógáil san Eilean Sgitheanach in Albain a chosnóidh £8 milliún (€9.225m).

Beidh an t-ionad in oirthuaisceart an oileáin, ceann de na háiteanna is mó in Albain a bhfuil an Ghàidhlig fós á labhairt i measc an phobail.

Táthar ag súil go gcruthófar deich bpost lánaimseartha san ionad nua a mbeidh halla mór ann d’imeachtaí; seomraí ranga do mhúineadh na Gàidhlig, an cheoil agus na hoidhreachta agus leabharlann agus cartlann mhór d’ábhar Gàidhlig.

‘Ionad Thròndairnis’ a bheidh ar an ionad nua agus beidh bialann agus áiteanna lóistín ann do na daoine a bheidh ag freastal ar na cúrsaí éagsúla a bheidh á reáchtáil ann.

Dúirt Margaret Nicholson, cathaoirleach Iontaobhas Ionad Thròndairnis, go gcuirfidh an t-ionad nua go mór le stádas na teanga i measc an phobail, pobal a bhfuil cáil orthu cheana féin as an méid atá déanta acu lena dteanga dhúchais a chaomhnú.

“Is í an Ghàidhlig teanga an phobail i gcónaí. Is féidir liom an Ghàidhlig a labhairt gach lá le go leor daoine, sna siopaí agus i measc an phobail.

“Tá daoine ag bogadh isteach sa cheantar agus cé nach mbíonn an teanga acu féin, cuireann siad a bpáistí chuig na scoileanna lán-Ghàidhlig agus is féidir liom an Ghàidhlig a labhairt leis na páistí sin,” a dúirt sí.

Dúirt sí go dtabharfaidh an t-ionad nua “ardú muiníne” don phobal as a dteanga agus as a gcultúr agus go mbeidh sé ina áis mhór do chuairteoirí chun an cheantair agus do dhaoine atá tar éis aistriú ann.

Mhaígh Nicholson go mbeidh buntáistí eacnamaíochta ann don cheantar mar gheall ar an ionad nua freisin agus thagair do na deich bpost lánaimseartha atá á lua leis an ionad chomh maith le poist eile.

“Cuirfidh [an t-ionad nua] borradh mór faoin eacnamaíocht. Beidh tuairim is deich bpost lánaimseartha ann, líon atá an-mhór i gceantar iargúlta san Eilean Sgitheanach, agus beidh tuilleadh post ann ar bhonn séasúrach agus páirtaimseartha. Agus, mar iontaobhas atá faoi stiúir an phobail, fanfaidh an t-airgead sa phobal,” a dúirt sí.

Faoin reachtaíocht nua teanga a tugadh isteach in Albain an samhradh seo, is féidir áiteanna a aithint sa dlí mar ‘cheantair atá suntasach ó thaobh teanga de’. Tá súil ag Nicholson go gcabhróidh an t-ionad nua i bhFlódaigearraidh leis an iarracht a bheidh ar bun sa phobal sin an stádas nua a bhaint amach sna blianta atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'Ionad nua Gàidhlig £8 milliún le tógáil in Albain'