Iomaire na laochra imithe chun siléige i ‘Suicide Squad’

Tá easpa samhlaíochta agus easpa téagair ag baint le Suicide Squad agus fágtar sinn i dtaobh le maisiúcháin, troideanna agus pléascáin

Iomaire na laochra imithe chun siléige i ‘Suicide Squad’

Suicide Squad

Stiúrthóir/Scríbhneoir: David Ayer

Cliar: Will Smith, Margot Robbie, Joel Kinnaman,Viola Davis, Jared Leto, Jai Courtney, Jay Hernandez, Adewale Akinnuoye Agbaje, Cara Delevingne

“That is just a whole lot of pretty and a whole lot of crazy,” a deir an garda príosúin is é ag féachaint le halltacht ar gheáitsíocht agus rámhaillí an Harley Quinn a chuireann Margot Robbie inár láthair.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin táirge seo ina iomláine. Saothar díorthach nach féidir leis na maisiúcháin ná an cliar de phiardaí móra ná na carachtair chaithiseacha an easpa samhlaíochta agus easpa téagair a chúiteamh.

Tá comhrac an bhradáin idir cheártaí Marvel agus DC ar na saolta seo agus a laochra á dteilgean ar an scáileán mór tiubh, te, tapa. Tá scannáin leantacha againn, réamhscéalta, craobhacha de chnuasaigh, comhghuaillíochtaí, mar aon le carachtair ag dul anonn agus anall idir scannáin.

Bhíos ag cur díom tamall ó shin faoin scannán Batman V Superman agus an tslí a bhfuil iomaire na laochra imithe chun siléige. Ní hamháin go dtagann Suicide Squad ón gceárta chéanna (DC) agus go maireann siad sa chruinne chéanna ach tagann Batman i láthair. É sin ar fad agus Justice League chugainn an bhliain seo chugainn. Fágann sin go bhféadfadh Batman le Affleck a bheith ag gnúsacht leis i gceithre chnuasach dhifriúla ag an am céanna.

Suicide Sqaud2

Leis an iliomad carachtar agus scannán, tá fís uileghabhálach de shaghas éigin riachtanach. Dá huireasa sin téann rudaí sa bhfraoch orainn agus fágtar sinn i dtaobh le maisiúcháin, troideanna agus pléascáin.

Sa saothar seo tá meitheal de na bithiúnaigh is cáiliúla ó chruinne DC bailithe le chéile le dul ag comhrac ar son na maitheasa. Tá ‘Deadshot’ le Smith, gealt Robbie agus meascán mearaí de neacha eile nach fiú trácht ar chuid acu.

Braitheann scannáin den saghas seo ar mhealltacht an bhithiúnaigh, agus mar gur bithiúnaigh iad seo ar fad, mar dhea, bhíothas ag tnúth le táirge faoi leith. Is í cailleach Delevingne céile comhraic na meithle agus ní fiú deich triuf í. Bhí na maisiúcháin a bhí i gcuid dá radharcanna patuar go maith agus níorbh aon oidhre ar an lucht leanta a chruthaigh sí ach sméara dubha lofa a bheadh ar a gcompord i scannán Roger Corman. Bhí ‘Joker’ Leto go mór chun cinn sna blaisíní fógraíochta ach in áit na leathphingine atá sé sa scannán. B’fhearr go mór is go fada dá mba é siúd an bithiúnach, ach is cinnte go bhfuil sin á choimeád don chéad ghála eile.

Ní féidir trácht ar an ‘Joker’ gan taispeántas iontach Heath Ledger a thabhairt chun cuimhne. Cé nach bhfuil in Leto ar uairibh ach drochscáil a réamhtheachtaí éiríonn leis carachtar tathagach agus scanrúil go maith a sholáthar.

Is ceann feadhna caithiseach é Will Smith agus níl a shárú ann leis an aicsean agus greann a fhí le chéile. Is sracfhéachaint a fuaireamar ar chuid de na carachtair eile agus ba dhóigh leat go raibh Astrálach Courtney bunaithe ar chlár Astrálach na Simpsons. Is í Robbie a bheireann barr bua ar gach duine eile. Cuireann sí carachtar scanrúil, greannmhar agus leochaileach os ár gcomhair.

Éiríonn léi borradh a chur faoin scannán i ngach radharc dá cuid. Í siúd níos mó ná éinne eile a thugann léi an débhríocht mhorálta go rabhthas ag tnúth leis.

Fág freagra ar 'Iomaire na laochra imithe chun siléige i ‘Suicide Squad’'