Sheol Mary Lou Mac Donald, Uachtarán Shinn Féin, pleananna infheistíochta do ‘Spórtlann na hÉireann’, forbairt nua €5 milliún atá beartaithe d’iarthar Bhéal Feiste i gColáiste Feirste inné.
Ag labhairt di ag an ócáid seolta, dúirt Mac Donald gur forbairt “cheannródaíoch” a bhí i Spórtlann na hÉireann a léiríonn conas mar a “spreagann infheistíocht sa Ghaeilge agus san oideachas, forbairt shóisialta agus eacnamaíochta”.
Dúirt sí go saibhreodh an fhorbairt “an tsochaí go léir” agus go mbainfeadh na glúine romhainn “an-leas” as Spórtlann na hÉireann, atá le tógáil ar Bhóthar na bhFál, sa cheantar ar a dtugtar ‘An Cheathrú Ghaeltachta’.
“Tá an Cheathrú Ghaeltachta ag léiriú go mbaineann athnuachan agus infheistíocht i gcultúr sáréachtaí amach,” a dúirt Uachtarán Shinn Féin.
I mí na Bealtaine, a chinn Comhairle Chathrach Bhéal Feirste tacú le staidéar féidearthachta ar ‘baile turasóireachta Gaelach’ a thógáil ar an talamh os comhair Choláiste Feirste ar a dtugtar ‘Triantán Ard na bhFeá’.
Ag labhairt dó ag an am, dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Ciarán Beattie, gurbh í an fhís atá ann don sráidbhaile úr go mbeadh páistí “ó gach áit sa tír” ag teacht chuig iarthar Bhéal Feirste “le Gaeilge a fhoghlaim i gceantar uirbeach”.
Idir an dá linn, tá aontaithe ag an Chomhairle cuid den mhaoiniú a chur ar fáil do ghnéithe éagsúla den fhorbairt agus tá infheistíocht á lorg anois ag Forbairt Feirste, an eagraíocht atá i mbun an togra, ó ranna rialtais agus ó chomhlachtaí thar lear chun an sráidbhaile Gaelach a thógáil.
I measc na n-áiseanna atá á lua leis an togra atá beartaithe don cheantar ar a dtugtar an Cheathrú Ghaeltachta air, tá ionad spóirt agus cultúir, páirc ar leith do na cluichí Gaelacha, institiúid síochána, eastát tithíochta agus áis do thurasóirí ‘an Fernsehturm Feirsteach’, ina bhféadfadh turasóirí teacht chuige le pictiúr a thógáil den chathair, macasamhail an ‘Berliner Fernsehturm’.
Dúirt stiúrthóir Fhorbairt Feirste Jake Mac Siacais agus an scéal á fhógairt faoin togra gur deis é aird a tharraingt ar an chultúr Ghaelach agus ar an Ghaeilge, agus go léireodh forbairt ‘An Spórtlann’ cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge sa chathair.
Magaoidh
An dara eastát tithíochta dos na Gaeil i mBéal Feirste!!
Cén fáth nach bhfuil aon eastát mar sin in aon cheantair uirbeach sna 26 condae?
Tá muintir na Gaeltachta á bhrú isteach sna bailte móra. Nár chóir Gaeltachtaí nua uirbeacha a bhunú dóibh siúd agus dos na Gaeilgeoirí a tógadh le Gaeilge sa nGalltacht?
brian-less
An sean-scéal: easpa tola ag an rialtas, a chara.