In am fáil réidh leis an ‘meon leithscéalach’ a léirigh Met Éireann faoi ‘Ciarán’ agus an Ghaeilge

Dúirt Met Éireann go mbeidís sásta an t-ainm ‘Ciarán’ a bhaint de liosta ainmneacha stoirmeacha nuair a thug a gcomhghleacaithe san Ísiltír le fios go raibh deacrachtaí acu lena fhoghrú

In am fáil réidh leis an ‘meon leithscéalach’ a léirigh Met Éireann faoi ‘Ciarán’ agus an Ghaeilge

Tá sé in am “fáil réidh” leis an meon “leithscéalach” a d’fhág go raibh Met Éireann toilteanach ainm stoirme a bhí i nGaeilge a athrú mar go mbeadh deacrachtaí ag muintir na hÍsiltíre leis.

Dúirt Met Éireann go mbeidís sásta an t-ainm ‘Ciarán’ a bhaint de liosta ainmneacha stoirmeacha nuair a thug a gcomhghleacaithe san Ísiltír le fios go raibh deacrachtaí acu lena fhoghrú.

Dúradh i ríomhphost ó Met Éireann:

“An fhoghraíocht ná ‘Keer…’ ach má cheapann tú go bhfuil sé róchasta é a fhoghrú, ní bheadh aon fhadhb againn fáil réidh leis.”

Dúirt Met Éireann go raibh an t-ainm ‘Fergus’ ar an gcéad rogha a bhí acu don liosta agus gurb amhlaidh gur ainm “bónais” a bhí i ‘Ciarán’.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc, gur cheart an ruaig a chur ar an gcineál “meon leithscéalach” a léirigh Met Éireann faoin ainm ‘Ciarán’ agus “seasamh leis an nGaeilge”.

“Dá dtiocfadh ainm chugainne ón Ísiltír nach raibh taithí againn air ghlacfaimis leis mar dheis foghlama agus sin mar is ceart. Táim cinnte go ndéanfadh muintir na hÍsiltíre an rud céanna agus go gcuirfidís fáilte roimh an deis foghlaim faoin ainm ‘Ciarán’ ach eolas faoi a chur ar fáil dóibh.

“Cuirimid fáilte roimh an gcinneadh a rinneadh ar deireadh cloí le ‘Ciarán’. Ba é an cinneadh ceart é agus tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha sa chás seo.”

De réir tuairisce ar an Irish Independent, dúirt réamhaisnéiseoirí na haimsire san Ísiltír go mbeadh sé an-deacair ar mhuintir na tíre sin ‘Ciarán’ a rá. D’fhiafraigh siad de Met Éireann an mbeadh an fhoghraíocht cosúil le ‘Ciara’, ainm a bhí ar liosta na stoirmeacha in 2020.

Sa deireadh fágadh ‘Ciarán’ ar an liosta agus an t-ainm sin a bheidh ar an tríú stoirm an séasúr seo, i ndiaidh Stoirm Agnes agus Stoirm Babet.

I gcomhar le chéile a roghnaíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre ainmneacha na stoirmeacha.

Is in 2015 a thosaigh Met Éireann agus Oifig Met na Breataine ag obair i dteannta a chéile ar liosta na n-ainmneacha a chur le chéile agus tháinig Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre isteach leo in 2019.

De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’.

Ní bhaintear úsáid as aon ainm a thosaíonn le Q, U, X, Y nó Z.

Má bhíonn stoirm a bhuaileann talamh in Éirinn ainmnithe ag tír éigin eile roimhe sin cloítear leis an ainm sin.

Tugtar ainm ar aon stoirm a mheastar a d’fhéadfadh a rian a fhágáil ar thír, nó ar ghaotha móra a n-eisítear foláireamh stádas ‘oráiste’ nó ‘dearg’ ina dtaobh.

Fág freagra ar 'In am fáil réidh leis an ‘meon leithscéalach’ a léirigh Met Éireann faoi ‘Ciarán’ agus an Ghaeilge'

  • jpmorley0@gmail.com

    An ‘á’ ciotrúnta sin i ‘Ciarán’ atá chomh coimhthíoch i dteangacha na hEorpa & an domhain mhóir féin a chuir strans orthu, an ea? ‘Deis foghlama’ do na ‘meteorologen’? An dream a thugann amach réamhfhaisnéis na haimsire? Ag tarraingt coise linn atáid? Met Éireann ag teacht leo?
    A spéir ná tit orainn!

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ar ndóigh níl formhór mhuintir na hÉireann in ann ‘Ciarán’ a fhoghrú i gceart, ná bac le pobal na hÍsiltíre!