Nuair a bhí John Bruton i gceannas ar an rialtas, bhíodh portráid de John Redmond, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann ó thús an fichiú haois go 1918, crochta ar bhalla a oifige le bród aige.
Pearsa stairiúil é Redmond a bhfuil meas mór ag Bruton air i gcónaí.
An samhradh seo caite, scríobh an tIar-Thaoiseach aiste mhachnamhach ina molann sé Redmond agus a dhíograis chun Rialtas Dúchais a bhaint amach gan dul i muinín an fhoréigin.
Ar 26 Meitheamh 1997, baineadh an phortráid de Redmond den bhalla. Bhí Bruton tar éis an oifig sin a fhágáil agus, i ndiaidh an olltoghcháin, thogh an Dáil Bertie Ahern ina Thaoiseach den chéad uair.
Ceann de na chéad rudaí a rinne Ahern mar Thaoiseach dó ná portráid de Phádraig Mac Piarais, ceannaire Éirí Amach 1916, a chur ar bhalla a oifige seisean.
Is de mhuintir phoblachtach é Ahern agus bhí baint ag a athair leis an IRA le linn Chogadh na Saoirse.
Faoi agallamh dó, mhaígh Ahern gurb é Pearse an ‘greatest political hero’ atá aige toisc gur ‘patriot’ é a chosain ‘the will of the Irish people’. Dúirt sé gur athraigh Pearse an tír ó bhonn.
Is léiriú iad na portráidí éagsúla in oifig an Taoisigh ar na tuiscintí éagsúla ar an stair agus ar thraidisiún an náisiúnachais a seasann Bruton agus Ahern dóibh, dar leo.
Bhí rian den aighneas seo eatarthu le feiceáil i nDáil Éireann féin i Feabhra 1996 nuair a bhíothas ag ullmhú don chomóradh ochtó bliain ar Éirí Amach na Cásca.
Bhí sé de ghearán ag Ahern, a bhí ina cheannaire ar an bhfreasúra an t-am sin, nach raibh a dhóthain á déanamh ag Bruton leis an Éirí Amach a chomóradh i gceart. Eachtra staire ríthábhachtach é an tÉirí Amach, a mhaígh Ahern, eachtra a bhfuil bunú an Stáit féin fréamhaithe ann.
Mar Thaoiseach, ní raibh Bruton leath chomh spreagtha faoin Éirí Amach agus dúirt go gcaithfear cuimhneamh freisin ar thraidisiúin eile pholaitíochta sa tír.
Nuair a toghadh Ahern ina Thaoiseach faoi dheireadh, tar éis dó tacaíocht mhór a fháil ón Ard-Aighne Rory Brady, nach maireann, rinne sé cinnte de gur cuireadh paráid mhór bhliantúil in ómós do cheannairí 1916 ar siúl faoin gCáisc arís.
D’eagraigh an rialtas sin ócáid mhór do chomóradh 90 bliain an Éirí Amach freisin. D’fháiltigh an pobal go mór roimh an gcinneadh sin ag an am agus, fiú amháin anois, tá Ahern chomh diongbháilte céanna maidir lena thábhachtaí is atá an tÉirí Amach i stair na hÉireann.
Anois agus gan aon cheangal oifige air, bíonn John Bruton i bhfad níos neamhbhailbhe agus é ag caint ar eachtraí na Cásca.
Agus muid ag druidim go mear leis an gcomóradh céad bliain agus tús curtha leis na hullmhúcháin, tá sé ráite go soiléir ag Bruton gur beag leis an tÉirí Amach. Mhaígh sé nár theastaigh an cheannairc ar chor ar bith agus, dá mbeadh tuilleadh foighne ag na ceannairí agus dá mbeidís sásta machnamh ceart polaitíochta a dhéanamh ar an scéal, go bhféadfaí neamhspleáchas a bhaint amach ina héagmais.
Ní hamháin sin, ach bhainfí neamhspleáchas amach gan an bás agus an léirscrios a lean an tÉirí amach féin, Cogadh na Saoirse, Cogadh na gCarad agus, go deimhin, na coimhlintí i dTuaisceart Éireann.
Baineann tuairimí Bruton leis an gcineál sin smaointeoireachta ‘what if’, agus ní bhfaighimid amach go brách an bhfuil an ceart aige.
Ach is díol spéise, i bhfianaise phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown, go n-aontaíonn go leor leis anois.
I 1996, nuair a bhí sé ina Thaoiseach, bhí Bruton faichilleach faoin méid a bhí le rá aige faoin Éirí Amach. Is dóigh gur shíl sé gur baol dó a bheith anuas ar cheannairc atá, dar le go leor daoine, fite fuaite le scéal neamhspleáchas na tíre.
Ach tá athrú ag teacht ar mheon na ndaoine. Faoi láthair, mar a léiríonn Tuairisc.ie/Millward Brown, níl ach beirt as gach cúigear cinnte gur theastaigh an tÉirí Amach.
D’fhéadfadh sé go bhfuil baint ag Albain leis an amhras seo faoi 1916: rinneadh an phobalbhreith tar éis do mhuintir na tíre sin vótáil i gcoinne an neamhspleáchais dóibh féin.
Bhí Albain in ann cinneadh a dhéanamh faoina ceannasacht féin gan dul i muinín an fhoréigin – ach, ar ndóigh, ní hionann an comhthéacs don dá chás.
Is in 2014 a thug Westminster cead d’Albain an cinneadh a dhéanamh faoin neamhspleáchas ach, céad bliain ó shin, ní raibh a leithéid de shaoirse ag Éirinn. Fiú amháin i 1921, tar éis cogadh crua a throid in Éirinn, ba dheacair do rialtas Lloyd George glacadh le haon rud seachas Éire arna roinnt, agus í sin fós faoi bhunreacht na Breataine.
Lena linn féin, chreid ceannairí 1916 – agus cuid den cheart acu – go raibh rialtas na Breataine i gcoinne an daonlathais tar éis dóibh diúltú an leagan is teoranta féin den Rialtas Dúchais a thabhairt isteach.
An chuid sin de lucht athscríofa na staire a cháineann ceannairí an Éirí Amach, tugann siad neamhaird ar an mbunphrionsabal nach bhfuil ceart ag tír amháin tír eile a rialú gan toil na ndaoine.
Ach bhíodh sé sin ar dul ar aghaidh in Éirinn ar feadh na gcéadta bliain.
Mar léiriú ar phrionsabail dhaonlathacha 1916, is fiú a rá go dtagraíonn an Forógra do ‘bunú Rialtais Naisiúnta bhuain a bheidh ionadaíoch de mhuintir uile na hÉireann agus a thoghfar le vótaí a cuid fear agus ban uile’.
D’éirigh le John Redmond mórán a bhaint amach.
Ba pharlaiminteoir cumasach é agus, lena chuid eolais ar chóras polaitíochta Westminster, rinne sé leas mór do mhuintir na hÉireann. Bhí páirt thábhachtach aige san fheachtas chun an talamh a thabhairt ó thiarnaí talún do na feirmeoirí féin.
Céad bliain ó shin, bhí Redmond ar tí Rialtas Dúchais a bhaint amach ach, sa deireadh, ba é a bhreithiúnas féin a bhí easnamhach. Chuaigh sé sa seans agus chaill sé an cluiche, ag ceapadh dó nach mbeadh ach seal gairid sa Chéad Chogadh Domhanda.
Níl aon fhadhb agam leis an meas a thugann John Bruton do John Redmond, ná lena dhíograis ag cur gaiscí polaitíochta Redmond chun tosaigh.
Ach níor cheart é sin a dhéanamh trí bheag is fiú a dhéanamh d’idéil na ndaoine a fuair bás faoi Cháisc 1916 ar mhaithe le saoirse pholaitiúil a bhaint amach don tír.
Is staraí é an Dr Brian Murphy. Bhíodh sé ina fhear scríofa óráidí do bheirt Taoiseach agus is comheagarthóir é ar leabhar faoi shaol polaitiúil Brian Lenihan.
Fág freagra ar '‘In ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn…’'