Imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol

D’iarr Volodymyr Zelenskiy, Uachtarán na hÚcráine, ar an Aontas Eorpach géarú ar na smachtbhannaí ar an Rúis

Imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol

Tá sé ina imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol de bharr go bhfuil an t-ardú ar an gcostas maireachtála ag déanamh níos mó imní don phobal ná páirc an áir san oirthear.

Léiríonn taighde a rinne Comhairle Caidreamh Coigríche na hEorpa i ndeich gcinn de thíortha go mothaíonn muintir na hEorpa an-dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus go dtacaíonn siad leis na smachtbhannaí ach nach bhfuil siad ar fad ar aon intinn faoi na spriocanna fadtéarmacha.

‘Síocháin’ an sprioc a theastaíonn ó 35% de na daoine sin agus is mian leo go gcuirfí deireadh leis an gcogadh chomh luath agus is féidir agus ‘an chóir’ atá 25% díobh a iarraidh agus creideann siadsan go gcaithfear pionós a chur ar an Rúis de bharr an chogaidh.

Níl aon easaontas mór ann is léir faoin dream ar cheart tacú leo sa chogadh. 73% a dúirt gur ar an Rúis a bhí an locht as an gcogadh agus 64% a dúirt gurb í an Rúis an dris chosáin is mó roimh an tsíocháin, seachas an Úcráin, An tAE nó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is mó den phobal atá ag lorg na ‘síochána’ i ngach tír ach amháin sa bPolainn. Níl tacaíocht láidir ag aon rialtas le tuilleadh airgid a chaitheamh ar an arm ach i gceithre thír – an Pholainn, an Ghearmáin, an tSualainn agus an Fhionlainn.

Seo a bhí le rá ag údair na tuarascála faoin malairt tuairimí sin:

“Léiríonn an suirbhé seo go bhféadfadh easaontas a bheith ann faoi theifigh, faoi bhallraíocht na hÚcráine san AE, faoin tionchar ar an gcaighdeán maireachtála agus faoin mbagairt ó ionsaí núicléach.

“Is geall le siosma idir an dá champa iad na ceithre cheist sin – campa na síochána agus campa na córa.”

D’iarr Volodymyr Zelenskiy, Uachtarán na hÚcráine, ar an Aontas Eorpach géarú ar na smachtbhannaí ar an Rúis agus rabhadh á thabhairt aige go bhféadfadh an Rúis tíortha eile a ionsaí díreach mar a rinne sí ar an Úcráin.

Agus é ag caint le parlaimint Phoblacht na Seice, d’iarr Zelenskiy arís eile go dtabharfadh an tAontas Eorpach an stádas mar thír atá ina hiarrthóir ar bhallraíocht san AE don Úcráin ionas go bhféadfaí tús a chur leis an obair a bheidh le déanamh aici ar an ród sin.

Dúirt comhairleoir de chuid an Uachtaráin, Mykhaylo Podolyak go raibh a dheich n-oiread airtléire ag arm na Rúise in go leor áiteanna ar an líne thosaigh seachas mar atá ag trúpaí na hÚcráine.

Dúirt Jens Stoltenberg, ceannasaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) gurb é an cogadh is cúis leis an ardú ar phraghas bia ar fud na cruinne agus nach iad na smachtbhannaí mar a mhaíonn Moscó.

Dúirt Stoltenberg go leanfadh an chomhghuaillíocht sin orthu ag cur arm trom ar fáil don Úcráin agus go bhfuil rún acu pacáiste nua cúnaimh a cheadú ag cruinniú mullaigh NATO atá ar siúl i gCív inniu.

Tá pleananna ullmhaithe chun deis éalaithe a thabhairt inniu do 500 sibhialtach, a chreidtear a bheith sáinnithe i dteannta saighdiúirí sa mhonarcha ceimiceán Azot i gcathair Sievierodonetsk, agus súil ann go gcuirfear bealach daonnúil sábháilte ar fáil dóibh.

Tá fórsaí na Rúise i gceannas ar an gcuid is mó den chathair sin faoin tráth seo, más fíor do na tuairiscí is deireanaí ó Roinn Cosanta na Breataine.

Fág freagra ar 'Imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol'