Imní faoi thubaistí aerthaistil mar gheall ar fhadhbanna teanga

Is é an Béarla teanga idirnáisiúnta na heitlíochta agus tá rialtóirí aerthráchta thar lear in ainm is a bheith ag labhairt an Bhéarla le píolótaí idirnáisiúnta. Léiríonn staidéar nua áfach gur iomaí duine acu nach bhfuil ‘bunscileanna sa Bhéarla’ acu

Imní faoi thubaistí aerthaistil mar gheall ar fhadhbanna teanga

Tá droch-chaighdeán Béarla i measc phíolótaí eitleáin ina chúis imní d’Údarás Eitlíochta na Breataine (CAA). Maítear i dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Údaráis le deireanas go bhfuil baol tubaiste aeir ann sa Bhreatain toisc nach bhfuil dóthain Béarla ag píolótaí idirnáisiúnta le labhairt le rialtóirí aerthráchta.

Dúradh sa tuarascáil, a choimisiúnaigh an CAA, go mbíonn caimiléireacht i gceist i scrúduithe Béarla a chuirtear ar phíolótaí, nach é an Béarla an teanga dhúchais atá acu, agus go dtugtar teastas Béarla do phíolótaí i dtír amháin i ndiaidh cúrsa deich lá sa teanga. Tugadh le fios sa tuarascáil go bhfuil píolótaí ag eitilt is aerspás na Breataine nach bhfuil “bunscileanna sa Bhéarla” acu.

Is é an Béarla teanga idirnáisiúnta na heitlíochta agus tá rialtóirí aerthráchta thar lear in ainm is a bheith ag labhairt an Bhéarla le píolótaí idirnáisiúnta, beag beann ar an teanga dhúchais atá ag an bpíolóta ná na rialtóirí.

Dúradh sa tuarascáil freisin, áfach, go bhfuil rialtóirí aerthráchta ann, go háirithe sa Fhrainc agus sa Spáinn, nach bhfuil caighdeán maith Béarla acu.

Tuairiscíodh 267 eachtra thar thréimhse 18 mí inar luaigh píolótaí nó rialtóirí aerthráchta an mhíthuiscint nó an easpa cumarsáide mar fhadhb, agus maítear sa tuarascáil go bhfuil an scéal níos measa ná sin dáiríre.

Tugadh samplaí sa tuarascáil d’eachtraí ina bhféadfadh gurbh é an easpa Béarla ag píolóta nó ag rialtóir aerthráchta ba chúis le fadhb nó botún.


D’innill píolóta amháin an t-eitleán ar an rúidbhealach ag aerfort i Sasana gan cead a fháil ar dtús ó rialtóirí aerthráchta. Luadh “possible language difficulties” mar údar an bhotúin. Bhí eachtraí eile ann a bhain le míthuiscintí faoi airde eitilte, cúrsa eitilte, geataí aerfoirt agus rúidbhealaí.

Ní mór do phíolótaí agus rialtóirí aerthráchta cumas sa teanga ar a dtugtar ‘Béarla na hEitlíochta’ a léiriú sula dtabharfar ceadúnas dóibh. Is iad na Náisiúin Aontaithe a rialaíonn an córas teastas do Bhéarla na hEitlíochta, ar chineál eile Béarla é seachas canúint. Is féidir cúrsaí agus scrúduithe neamhoifigiúla a dhéanamh i mBéarla na hEitlíochta.

“D’fhéadfadh easpa cumarsáide de bharr fhadhbanna teanga, easpa cumais sa Bhéarla ina measc, a bheith ina siocair timpiste nó fiú tubaiste. Is léir nach bhfuil gach píolóta agus rialtóir aerthráchta ag cloí leis na caighdeáin teanga atá leagtha amach,” a dúirt Barbara Clark, a stiúir an staidéar.

Leagadh cuid den mhilleán freisin, áfach, ar chainteoirí dúchais Béarla a bhíonn ag úsáid béarlagair agus friotal nach Béarla “caighdeánaithe” é a chuirfeadh mearbhall ar phíolótaí a d’fhoghlaim an Béarla.

Ní ghlacann an Rúis, an tSín ná tíortha Mheiriceá Theas leis an mBéarla mar theanga eitlíochta i gcás eitiltí atá ina n-aerspás féin agus maíodh sa tuarascáil go gcuireann an t-athrú teanga sin mearbhall ar phíolótaí freisin.

Fág freagra ar 'Imní faoi thubaistí aerthaistil mar gheall ar fhadhbanna teanga'