Imní léirithe faoi chearta bainte feamainne i dtuairisc Chomhchoiste Oireachtais

Molann an tuairisc go ndéanfaí atheagar ar an gcóras ceadúnais do thionscal na feamainne

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin a chuir fáilte roimh an tuairisc

Tá imní léirithe ag an Comhchoiste Oireachtais um Comhshaoil, Cultúr agus an Ghaeltacht faoi chearta bainteoirí aonair feamainne agus an chontúirt a bheadh ann dóibh dá mbronnfaí ceadúnais nó cearta ar aon dream amháin.

Molann an tuairisc go ndéanfaí atheagar ar an gcóras ceadúnais do thionscal na feamainne agus go n-aistreofaí an cúram sin ón Roinn Comhshaoil go dtí an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Deirtear freisin gurb iad na húdaráis áitiúla nó Údarás na Gaeltachta ab fheiliúnaí le déileáil le heisiúint cheadúnais.

Chuir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) fáilte roimh fhoilsiú na tuairisce “fiú más mall féin é”. Dúirt sé go dtuigtear dó go moltar sa tuairisc rialú níos fearr a chur i bhfeidhm agus go n-iarrtar soiléiriú dlíthiúil a thabhairt maidir le cearta stairiúla bainte feamainne.

“Déantar tagairt freisin sa tuairisc maidir le cuótaí a chur i bhfeidhm agus clásail ‘úsáid é, nó caill é’ a bheith ag baint le ceadúnais agus go ndéanfaí tuarascáil náisiúnta maidir le méid na n-acmhainní feamainne atá ann.

“Ní cosúil go dtacaíonn an coiste le ‘ceadúnais leathana’ le cearta eisiacha a bhronnadh ar aon dream. Bhí sé seo mar ábhar imní ach go háirithe ag geallsealbhóirí éagsúla maidir le hiarratas ar cheadúnais a bhí dhá phlé, a bhain le hArramara teo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt sé go raibh sé dóchasach go mbeadh leagan amach ‘Trádáil Chothrom’ molta sa tuairisc mar chur chuige bainte feamainne ach gurb í a thuiscint nach bhfuil a leithéid i measc na moltaí.

“Níor mhór don Rialtas anois an fhís atá acu féin do bhainistiú agus rialú thionscal na feamainne a shoiléiriú agus caithfidh siad cinntiú go dtabharfar aire mar is ceart do chearta pobail cois cósta agus na geallsealbhóirí uillig, sa gcreatlach rialaithe a fhorbraíonn siad,” a dúirt sé.

Tuigtear go bhfoilseofar an tuarascáil ar Thionscal na Feamainne ón gComhchoiste Oireachtais an tseachtain seo.

Chruinnigh an Comhchoiste Oireachtais le chéile chun ceist na gceart feamainne a phlé i mí Iúil na bliana seo caite agus iarradh ar fhinnéithe éagsúla fianaise a thabhairt faoin scéal, Údarás na Gaeltachta agus Acadian Seaplants, an comhlacht Ceanadach a cheannaigh an comhlacht bainte feamainne Gaeltachta Arramara Teoranta atá lonnaithe i gCill Chiaráin i gConamara.

Fág freagra ar 'Imní léirithe faoi chearta bainte feamainne i dtuairisc Chomhchoiste Oireachtais'