Imní ar lucht Gaeloideachais go bhfágfar an Ghaeilge in áit na leathphingine i straitéis nua teangacha

Dúradh gur “údar imní” cur chuige na Roinne agus gur léir go bhfuil “luach níos mó” á chur ag an Roinn ar theangacha iasachta ar mhaithe le “fostaíocht agus scileanna” ná mar atá á chur ar an nGaeilge

Imní ar lucht Gaeloideachais go bhfágfar an Ghaeilge in áit na leathphingine i straitéis nua teangacha

Tá imní léirithe ag lucht an Ghaeloideachais faoi phleananna na Roinne Oideachais béim níos mó a leagan ar theangacha eachtrannacha i scoileanna an stáit fad atá deacrachtaí ann faoi láthair le múineadh na Gaeilge.

Dúirt duine amháin a bhíonn ag plé leis an oideachas Gaeilge go bhfuil sé suntasach go bhfuil sé i gceist ag an Aire Oideachais Richard Bruton iniúchadh a dhéanamh ar chumas an chórais oideachais teangacha iasachta a mhúineadh nuair “nach léir go bhfuil aon phlean” ag an Aire a leithéid a dhéanamh don Ghaeilge.

“Níl aon rud luaite i bpleananna na Roinne faoi thacaíocht níos mó a thabhairt maidir le múinteoirí Gaeilge a sholáthar nó maidir le caighdeán na múinteoirí Gaeilge atá ann cheana féin a fheabhsú.

“Cuireadh cúrsaí ar fáil do mhúinteoirí matamaitice cúpla bliain ó shin nuair a aithníodh go raibh fadhb ann sa réimse sin den oideachas, agus tá pleananna anois ann iniúchadh a dhéanamh ar na teangacha iasachta. Cruthaíodh cheana féin go bhfuil géarchéim ann maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge ach níl tada á dhéanamh faoi sin,” a dúradh.

Dúradh chomh maith gur “údar imní” cur chuige na Roinne agus gur léir go bhfuil “luach níos mó” á chur ag an Roinn ar theangacha iasachta ar mhaithe le “fostaíocht agus scileanna” ná mar atá á chur ar an nGaeilge, “teanga dhúchais agus oidhreachta” na hÉireann.

“Is cinnte gur cheart an deis a thabhairt do scoláirí teangacha a fhoghlaim a chabhróidh lena ndeiseanna fostaíochta ach cén fáth nach dtabharfaí cothrom na féinne don Ghaeilge? Dá mhéid teanga a bhíonn ag scoláire is ea is fearr é,” a dúradh.

Tugtar le fios sa straitéis nua go mbeidh roinnt ábhar sa bhunscoil á dteagasc “trí Ghaeilge agus teangacha eile”, plean atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge freisin ach nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós. Ní léir cén plean atá ag an Roinn Oideachais chun cumas na múinteoirí bunscoile i dteangacha eachtrannacha a mheas leis an gcuid sin den straitéis nua teangacha a chur i bhfeidhm.

Tá luaite sa straitéis freisin go bhfuil sé i gceist ag an Aire Bruton curaclaim nua a thabhairt isteach do theangacha ‘oidhreachta’ – an Pholainnis, an Liotuáinis agus an Rúisis ina measc, curaclaim a bheidh dírithe ar an bpobal inimirceach.

Tá sraith ceisteanna curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais faoin ábhar seo.