Imní ar Ghaeloideachas faoi chóras nua atá ‘ag teacht salach’ ar pholasaí Gaeltachta

Údar ‘imní’ an easpa ‘aitheantais’ do riachtanais an chórais lán-Ghaeilge agus an tumoideachais i bplean nua maidir le soláthar múinteoirí Riachtanais Speisialta Oideachais

Imní ar Ghaeloideachas faoi chóras nua atá ‘ag teacht salach’ ar pholasaí Gaeltachta

Tá “imní” ar scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge faoin múnla nua atá fógartha ag an Roinn Oideachais maidir le soláthar múinteoirí Riachtanais Speisialta Oideachais.

Deir an eagraíocht Gaeloideachas chomh maith go bhfuil an córas nua ag teacht salach ar an bPolasaí nua Oideachais don Ghaeltacht.

Cé gur chuir an eagraíocht fáilte roimh chur chuige nua na Roinne, dúradh gur údar imní an easpa “aitheantais” sa phlean do riachtanais an chórais lán-Ghaeilge agus an tumoideachais.

“In ainneoin go leor aighneachtaí agus achainí ar an Roinn Oideachais a bheith déanta ag Gaeloideachas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, níor tógadh riachtanais na hearnála lán-Ghaeilge san áireamh.

“Tá tacaíocht bhreise sonraithe sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta don RSO [Riachtanais Speisialta Oideachais], ach ní thagann cur chuige an mhúnla nua leis an ngealltanas sin mar bhuntacaíocht don oideachas Gaeltachta,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Gaeloideachas inniu.

Dúradh sa ráiteas gurb í an “phríomhbhuairt” maidir leis an gcur chuige ná nach n-aithníonn sé an “dúshlán breise” a bhaineann leis an teagasc trí Ghaeilge.

Cúis imní don eagraíocht chomh maith nach dtugtar san áireamh an tacaíocht bhreise atá ag teastáil maidir le teagasc an Bhéarla, na Gaeilge agus na matamaitice ná an “éagsúlacht theangeolaíoch i ngach suíomh scoile agus i ngach scoil Ghaeltachta”.

“Cé go bhfuiltear ag súil leis go mbainfidh scoileanna lán-Ghaeilge ardchaighdeán oideachais amach sa dá theanga, Béarla agus Gaeilge, sa Straitéis Litearthachta, ní aithnítear an córas tumoideachais sa mhúnla nua ná ní luaitear aon tacaíocht bhreise chun spriocanna na Straitéise Litearthachta a bhaint amach,” a dúradh i ráiteas Ghaeloideachais.

Dúirt Uachtarán na heagraíochta, Yvonne Ní Mhurchú go raibh cruinniú á lorg ag Gaeloideachas leis an Roinn Oideachais chun an scéal a phlé.

“Tá moltaí curtha ag Gaeloideachas chuig an Roinn i dtaca leis an múnla seo, ar a n-áirítear soláthar breise do scoileanna lán-Ghaeilge, ar aon dul le soláthar breise EAL (Béarla mar theanga bhreise), go háirithe do pháistí nach í an Ghaeilge a máthairtheanga, agus tacaíocht sna trí bhunábhar sa churaclaim.

“Tá súil againn cruinniú a ghairm leis an Roinn ar bhonn práinne chun plé agus réiteach a lorg ar na dúshláin seo sula gcuirfear an múnla i bhfeidhm,” a dúirt Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán Ghaeloideachais.

 

D’fháiltigh Gaeloideachas roimh “sprioc ghinearálta” an mhúnla nua a bhfuil i gceist aige “córas níos trédhearcaí, níos cothroime agus níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm”  maidir le leithdháileadh múinteoirí Riachtanais Speisialta Oideachais.

D’fháiltigh an eagraíocht chomh maith roimh an scéala go mbeadh smacht ag na scoileanna féin ar na hacmhainní a cheadófaí.

Faoin gcóras nua, cuirfear múinteoirí agus acmhainní breise ar fáil bunaithe ar riachtanais agus ar phróifíl na scoileanna, agus ní ar thuismitheoirí a thitfidh sé feasta diagnóis a fháil lena chruthú go bhfuil riachtanais speisialta ag a ngasúir.

Fág freagra ar 'Imní ar Ghaeloideachas faoi chóras nua atá ‘ag teacht salach’ ar pholasaí Gaeltachta'