Imní ar Chearta Oideachais faoi ‘easpa soiléireachta’ i leasú reachtaíochta maidir le Gaelscoileanna

Ghlac an Rialtas le leasú a thabharfaidh cosaint sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 do chearta an chainteora dúchais Gaeilge ach deir brúghrúpa go bhfuil an leasú lochtach

Imní ar Chearta Oideachais faoi ‘easpa soiléireachta’ i leasú reachtaíochta maidir le Gaelscoileanna

Tá imní ar an mbrúghrúpa Cearta Oideachais nach mbeidh sé “indéanta” feidhm a thabhairt do leasú atá déanta ar an mBille Oideachais ar mhaithe le cosaint a dhéanamh ar cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais.

Tuairiscíodh inné go raibh glactha ag an Rialtas le leasú a thabharfaidh cosaint sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 do chearta an chainteora dúchais Gaeilge.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge.

Chuir Cearta Oideachais, brúghrúpa tuismitheoirí Gaelscoile, ‘fáilte’ roimh chinneadh an Rialtais inné ach dúirt siad chomh maith go  mbeadh siad ‘ag scrúdú fhoclaíocht an leasaithe go cúramach’ le cinntiú gur féidir é a chur ‘i bhfeidhm go héifeachtach’.

Tá ráiteas eile curtha amach ag an ngrúpa ó shin ina deir siad go bhfuil imní orthu nach bhfuil an leasú “infheidhmithe”.

“Cheadódh an leasú do scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt do dhalta sa chás go raibh an scoil sásta ‘that the student has attained a reasonable level of fluency in the Irish language and that the said fluency would be likely to regress were the student not admitted to an Irish language school’.

“…Ach níl aon sainmhíniú ar cad is leibhéal réasúnta líofachta sa nGaeilge sa leasú agus ní dhéantar tagairt ar bith do pháistí a labhraíonn Gaeilge mar theanga baile.  Mar shampla, tá leibhéal réasúnta líofachta i gcás páiste a tógadh le Gaeilge ón gcliabhán an-éagsúil ón leibhéal réasúnta líofachta do pháiste ó theach ina labhraítear Béarla ach a d’fhreastail ar naíonra ar feadh bliain nó dhó,” a dúirt Colmán Ó Drisceoil, urlabhraí ó Chearta Oideachais.

Dúirt  Ó Drisceoil go gcreideann lucht na heagraíochta go mbeidh sé “an-deacair” an fhoráil a chur i bhfeidhm mar gheall “ar an easpa soiléireachta seo”.  

“Nuair a chuirtear é seo in éineacht leis an gcosc a chuirfear ar thosaíocht a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar naíonra, creidimid go bhféadfadh rabharta iarratas a bheith ag scoileanna lán-Ghaeilge bunaithe ar an bhforáil ‘reasonable level of Irish’ seo.  

“Chuirfeadh sé seo ualach trom ar na scoileanna agus d’fhéadfadh nach mbeadh sé indéanta an fhoráil a chur i bhfeidhm.   Ní amháin sin, ach creidimid i gcásanna áirithe go bhféadfadh an leasú de réir mar atá sé scríofa bac a chur ar pháistí a labhraíonn Gaeilge mar theanga baile áiteanna a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh sé seo tarlú sa chás go raibh an líon iarratasoírí le ‘a reasonable level of Irish’ níos mó ná an líon iomlán áiteanna ar fáil sa scoil,” a dúirt Colmán Ó Drisceoil ó Cearta Oideachais.

Thug an grúpa le fios go mbeadh siad ag iarraidh go ndéanfaí an leasú “a fheabhsú” nó “malairt leasú a chur ina áit”.

Fág freagra ar 'Imní ar Chearta Oideachais faoi ‘easpa soiléireachta’ i leasú reachtaíochta maidir le Gaelscoileanna'