Imní ar an IAA faoin tionchar a bheadh ag tuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair ar Aerfort Dhún na nGall

Cuireadh 120 aighneacht isteach faoi bhrat an ghrúpa gnímh ‘Stad an Tuirbín Gaoithe’ atá i mbun feachtais faoi láthair chun an tuirbín gaoithe atá beartaithe do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a stopadh

Imní ar an IAA faoin tionchar a bheadh ag tuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair ar Aerfort Dhún na nGall

Tá aighneacht curtha isteach chuig Comhairle Contae Dhún na nGall ag Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) maidir leis an tuirbín gaoithe atá beartaithe do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Tuigtear do Tuairisc.ie go measann an IAA go bhféadfadh go gcuirfeadh an tuirbín gaoithe, a bheidh 85 méadar ar airde isteach ar ghnó an aerfoirt ar an gCarraig Fhinn.

Ba é a ceathair a chlog inné an sprioc-am d’aighneachtaí maidir leis an tuirbín seo, a bhfuil caint tarraingthe aige sa cheantar le roinnt seachtainí anuas.

Cuireadh 120 aighneacht isteach faoi bhrat an ghrúpa gnímh ‘Stad an Tuirbín Gaoithe’ atá i mbun feachtais faoi láthair chun deireadh a chur leis an bplean. Chosain an 120 aighneacht €2,400 ar mhuintir Ghaoth Dobhair. Cuireadh roinnt aighneachtaí eile isteach freisin ó eagraíochtaí éagsúla agus ó dhaoine aonair.

“Taispeánann sé an méid a chuireann sé isteach ar mhuintir na háite go mbeadh 120 duine sásta a lámh a chur ina bpóca aimsir na Nollag agus íoc as aighneacht a chur faoi bhráid na Comhairle Contae,” a dúirt Gearóid Ó Maonaigh, ón ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe, le Tuairisc.ie.

Tá an Comhairleoir Contae Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig ar dhuine de na daoine a chuir aighneacht faoi bhráid na Comhairle Contae. Dúirt sé go bhfuil sé ag éileamh ar Údarás na Gaeltachta, ar leo an talamh ar a dtógfar an tuirbín gaoithe, agus ar Lir Energy, an comhlacht fuinnimh a chuir an t-iarratas ar chead pleanála isteach, an togra a tharraingt siar “ar mhaithe leis an bpobal”.

Rinneadh “mionphlé” faoi cheist an tuirbín gaoithe le linn cruinniú de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite. I ráiteas a eisíodh i ndiaidh an chruinnithe, dúradh gur chúis imní don Chathaoirleach agus do na comhaltaí eile ar an mbord an “próiseas atá curtha sa tsiúl maidir le tuirbín gaoithe a thógáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair”.

Dúradh nach mbeadh an Bord “sásta seasamh le cinneadh ar bith a mbeadh drochthionchar aige ar chaighdeán maireachtála an phobail mórthimpeall”.

Bunaíodh Grúpa Oibre Stad an Tuirbín Gaoithe roinnt seachtainí ó shin le cur in aghaidh an tuirbín gaoithe atá beartaithe ag an gcomhlacht Lir Energy do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Reáchtáladh roinnt cruinnithe i nGaoth Dobhair le cúpla seachtain anuas leis an gceist a phlé agus labhair ionadaithe ón Údarás agus ó Lir Energy ag na cruinnithe sin.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite  “nach gnáthchleachtas ná nós” leis an Údarás a ladar a chur isteach in iarratais phleanála a bhfuil baint dhíreach acu leis an eagraíocht féin.

“Is fiosrúchán atá sa togra ag an staid seo agus is féidir le comhlachtaí eile gur suim leo é iarratas a dhéanamh lena leithéid de thogra a fhiosrú. Is féidir a dhearbhú nach bhfuil aon iarratas tacaíochta faighte don togra de réir gnáthchláir infheistíochta an Údaráis,” a dúradh.

Dearbhaíodh nach bhfuil aon cheangal conartha idir an tÚdarás agus Lir Energy i dtaobh an togra, cé gur thoiligh an tÚdarás cead a thabhairt don chomhlacht iarratais phleanála a dhéanamh ar thalamh na heagraíochta.

Idir an dá linn, dúirt duine de stiúrthóirí Lir Energy le Tuairisc.ie le déanaí go raibh “díomá” air faoin aiseolas atá ag teacht ó phobal Ghaoth Dobhair.

“Tá an-díomá orm, táimid ag obair air seo, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le dhá bhliain anuas. D’fhéadfadh an tÚdarás treoir níos fearr a thabhairt dúinn maidir leis seo, is eagraíocht phobail iad sin, bheadh a fhios níos fearr acu faoi mheon an phobail. Níor chualamar ach rudaí dearfacha faoin togra ón Údarás go dtí cúpla seachtain ó shin,” a dúirt sé.

Maíonn Lir Energy go bhfuil dhá bhliain agus €30,000 curtha isteach sa togra seo acu.

Dúirt an t-urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie gur chuir an tÚdarás ar a súile don chomhlacht fuinneamh “go soiléir agus go láidir” an tábhacht a bhain le comhairliúchán poiblí “cuí agus forleathan” le pobal an cheantair. Dúirt sé gur “ábhar don chomhlacht féin a chinntiú go gcuirfí a leithéid i gcrích” sula ndéanfaí aon iarratas pleanála.

Fág freagra ar 'Imní ar an IAA faoin tionchar a bheadh ag tuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair ar Aerfort Dhún na nGall'