IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Cúige Chonnacht

Liam Ó Maonlaí

FÉILE: ‘Féile Traidphicnic,’ An Spidéal, Dé hAoine 3 Iúil – Dé Domhnaigh 5 Iúil. Beidh deireadh seachtaine ceoil, ealaíne agus cultúir ar siúl Cois Fharraige ag Féile Traidphicnic An Spidéil.

Beidh ceardlanna ceoil ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, chomh maith le neart gigeanna agus imeachtaí eile. Tá clár iomlán ar líne anseo.

SCANNÁN: ‘Oidhche Sheanchais’ agus gearrscannáin á dtaispeáint i Halla Rónáin, Inis Mór, Dé Máirt 7 Iúil, 8 i.n. Beidh na scannáin á dtaispeáint chomh maith in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, Dé Céadaoin 8 Iúil, 4.30 i.n. agus ag an Irish Film Institute, Baile Átha Cliath, Déardaoin 9 Iúil, 6.30 i.n. Nuair a tháinig Robert Flaherty go hÁrainn chun an scannán faisnéise ‘Man of Aran’ a dhéanamh i 1934, rinne sé chomh maith, i gcuideachta Sheáinín Tom Uí Dhireáin, an chéad scannán Gaeilge riamh, ‘Oidhche Sheanchais’. Bhí an scannáin caillte ar feadh 80 bliain go dtí go bhfuarthas i Harvard é i 2013.

Chomh maith le ‘Oidhche Sheanchais,’ léireofar seanscannáin eile as Oileáin Árann a rinneadh sna 1930idí, 1940idí agus 1960idí. Seinnfidh Deirdre Ní Chonghaile ceol beo le fuaim a chur leis na scannáin thostacha.

maum_trasna_gallery_01

DRÁMA: ‘Maum,’ An Taibhdhearc, Gaillimh, Déardaoin 9 Iúil – Dé Sathairn 18 Iúil. Is dráma úrnua é seo ón Taibhdhearc agus é bunaithe ar fhíorscéal faoi dhúnmharuithe ag Mám Trasna i 1882.

Is í Sighle Ní Chonaill a scríobh agus is é Diarmaid de Faoite an stiúrthóir. Féachann an dráma ar an méid sin den eachtra nach raibh i mbéal an phobail ag an am, nuair a chuaigh lucht dlí as Baile Átha Cliath i ngleic le fir as ceantar iargúlta tuaithe i gConamara. Díríonn sé freisin ar an gcaoi a dtéann an Béarla i gcoimhlint leis an nGaeilge.

SCANNÁN: ‘Croí an Ċladaiġ,’ Amharclann na Cathrach, Gaillimh, Déardaoin 9 Iúil, 2.15 i.n. Leanann an scannán faisnéise seo le Tony Walsh scata bádóirí agus iad ag obair ar Croí an Ċladaiġ, an chéad bhád a tógadh i gcathair na Gaillimhe sna 1920idí.

Idir mí Eanáir 2011 agus mí an Mheithimh 2012 a tógadh Croí an Ċladaiġ agus léiríonn an scannán na modhanna a d’úsáid na bádóirí chun í a thógáil, chomh maith le háilleacht chuan na Gaillimhe agus an traidisiún na bádóireachta sa cheantar.

OSCAILT OIFIGIÚIL: ‘Taispeántas Iúil’ le Dara McGee, Áras Éanna, Inis Oírr, Dé hAoine 3 Iúil, 8.30 i.n.. Osclóidh an t-iriseoir Harry McGee taispeántas nua ealaíne lena dheartháir Dara, in Áras Éanna anocht. Is dearthóir seiteanna a bhfuil duaiseanna buaite aige é Dara ach tá aithne air mar ealaíontóir, mar mhaisitheoir agus mar chartúnaí chomh maith.

Seo é an tríú taispeántas aonair aige agus tá a shaothar uile bunaithe ar cheantair chois trá agus ar na daoine a chónaíonn iontu i ndeisceart Chonamara.


Cúige Uladh

TAISPEÁNTAS: ‘Na Cuimhní Luatha’ le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Tá saothar na n-ealaíontóirí seo fréamhaithe ina gcuimhní ar a saol féin. Tóraíocht na cuimhne agus na mblianta luatha atá sa taispeántas atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Ghrianghrafadóireachta Bhéal Feirste. Tá an taispeántas seo ar siúl le linn an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo. [https://www.culturlann.ie/event/na-cuimhni-luatha/]

TEACHT LE CHÉILE: Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, Óstán Loch Altan, Gort an Choirce, Déardaoin 2 Iúil – Dé Domhnaigh 5 Iúil. Dé hAoine 3 Iúil, 8 i.n., déanfar scrúdú ar na dúshláin agus ar na riachtanais a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Beidh painéal aoi-chainteoirí ag labhairt ag seimineár ar an téama seo.

Dé Sathairn, 8i.n., osclóidh Noel Ó Gallchóir a sheó aonair ‘Idir Dhá Cheann na hImní,’ seó atá bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna agus a bheidh á léiriú mar chuid den Tionól.

LÉIRIÚ DÁTHEANGHACH: ‘Aisling Ghéar ar na báid mhóra,’ Clarendon Quay, Déardaoin 2 Iúil – Dé Sathairn 4 Iúil, 1 i.n. – 5 i.n. agus Dé Domhnaigh 5 Iúil, 10 r.n. – 1.30 i.n. Mar chuid d’Fhéile na Long Ard atá ar siúl sa chathair, léireoidh Aisling Ghéar seó sceitse dátheangach, ‘Tall Titanic Tales’. Marty Mafuire, Diona Doherty agus Paddy McDonnell a léireoidh an seó spraíúil seo, lán de charachtair scléipeacha.


Cúige Mumhan

Willie-Clancy-Press

FÉILE: Scoil Samhraidh Willie Clancy, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, Dé Sathairn 4 Iúil – Dé Domhnaigh 12 Iúil. Cuirfear tús leis an gceiliúradh bliantúil ar shaol an phíobaire Willie Clancy an Satharn beag seo i Sráid na Cathrach. Beidh seachtain de ranganna ceoil, léachtaí agus céilithe ann agus na céadta ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí ag déanamh ar an bhaile don ócáid.

Tá an clár iomlán don tseachtain le feiceáil anseo.


Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Seo é an chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do chainteoirí de gach leibhéal, is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge ag +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'