IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

SCLÉIP
Scléip Gael Linn 2015

Cúige Laighean


COMÓRTAS: ‘Scléip Gael Linn 2015’, Dé Sathairn 24 Eanáir, 11rn-5.30in, Amharclann Clasach, Fionnradharc, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Tiocfaidh buaiteoirí na mbabhtaí réigiúnacha le chéile do chraobhchomórtas Scléip, comórtas tallainne náisiúnta dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Mar is dual do Scléip, beidh tallann iontach ar stáitse, agus taispeántais den scoth le feiceáil idir aisteoirí, amhránaithe, cheoltóirí agus rinceoirí óga ó Dhún na nGall go dtí an Daingean. Chomh maith le buaiteoirí sna rannóga uile ó ‘Sceitse’, ‘Rince Cruthaitheach’ go ‘Ceol Comhaimseartha’ bronnfar ‘Gradam Scléip’ ar an duine nó ar an ngrúpa is mó a rachaidh i bhfeidhm ar na moltóirí. Tuilleadh eolais: (www.clasac.ie)

FÉILE CEOIL TRAIDISIÚNTA: ‘Temple Bar Trad Fest’, 27 Eanáir – 1 Feabhra, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Dé Máirt seo chugainn a chuirtear tús le sé lá d’imeachtaí ceoil, idir cheolchoirmeacha, cheardlanna, chainteanna agus seisiúin cheoil, a dhéanfaidh ceiliúradh ar 10 mbliana na féile. I measc na gceoltóirí a bheith i mbun ceoil,  Dé Céadaoin agus Déardaoin seo chugainn, tá Paddy Casey, The Sweeney’s Men, Mundy, Eleanor McEvoy chomh maith le seisiúin cheoil ar fud Bhaile an Teampaill. Tá gach eolas ar fáil faoin na seisiúin cheoil agus faoi imeachtaí na féile ar fáil anseo.

Conair Sheisiúin: https://www.templebartrad.com/event/tradfest-music-trail/

Imeachtaí: https://www.templebartrad.com/events/

CEOLCHOIRM: ‘Hot House Flowers’, Dé Céadaoin 28 Eanáir, 8in, Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath. Láthair ghalánta do cheol na mbláthanna. Bí ag súil le meascán de raic ceol, ceol gaspal agus soul. Imeacht de chuid Trad Fest Bharra an Teampaill atá ann. Cead isteach: €35.99 Tuilleadh eolais: https://www.templebartrad.com/artist/hot-house-flowers/

Bailiúchan Grianghraif Thír Chonaill

TAISPEÁNTAS: ‘Bailiúchán Grianghraif Thír Chonaill’, á thaispeáint go dtí an 11 Feabhra, Gallery of Photography, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Taispeántas dírithe ar Mhairéad Ní Mhaonaigh, príomhamhránaí agus fidléir le hAltan, ina dtugtar léargas ar shaol an cheoil in iarthuaisceart Dhún na nGall. Imeacht de chuid d’Fhéile Trad Fest Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath atá ann. Tuilleadh eolais: https://www.galleryofphotography.ie/mairead-ni-mhaonaigh-donegal-photo-album/

CEOLCHOIRM: ‘Debarra’, Dé Céadaoin 28 Eanáir, 8.00in, Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath. Seo an tríú glúin de mhuintir de Barra atá ag baint cáil amach mar cheoltóirí. Tarraingíonn an triúr deartháireacha ó stór mór amhrán agus tiúineanna, idir sheancheol na gcruitirí agus cheol nuachumtha. Cead Isteach: €20 https://www.templebartrad.com/artist/debarra/

SEISIÚN SA GHAILEARAÍ: ‘Celebrating Tradition’ agus seisiún ceoil, Dé Céadaoin 28 Eanáir, 6.30in-8.00in, Gailearaí ‘Graphic Studio’, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Taispeántas fuaime agus físiúla bunaithe ar oidhreacht agus ar fhéiniúlacht na nGael. Comhfhiontar atá san imeacht seo idir an ceoltóir Nick Roth, an t-ealaíontóir fuaime Keith Lindsay agus an t-ealaíontóir aitheanta Ruth O’Donnell, a bhfuil a saothair a dtaispeáint sa ghailearaí go dtí an 1 Feabhra. Is mar chuid de chlár fhéile Trad Fest Bharra an Teampaill í an imeacht seo. https://www.templebartrad.com/event/celebrating-tradition/

FÉILE OLLSCOILE: ‘Éigse na Tríonóide’, 26-31 Eanáir, Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an-chuid ar siúl trí Ghaeilge in Ollscoil na Tríonóide ar an tseachtain seo chugainn, idir bhricfeasta, chainteanna agus shiamsa – agus gach ceann acu saor in aisce! Is mar chuid d’Éigse na Tríonóide atá na himeachtaí á reáchtáil ag Cumann Gaelach na Tríonóide i gcomhpháirt le hAontas na Mac Léinn. Seol ríomhphost chuig eolas@cumann.ie nó cuardaigh ‘Éigse na Tríonóide’ ar Facebook.

SEOLADH LEABHAIR: ‘Lán Dóchais ‘s Grá’, le Máirtín G.Ó Maicín, Déardaoin 29 Eanáir, 7in, An Siopa Leabhair, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Déanfaidh Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge, Julianne de Spáinn, leabhar nua de chuid Coiscéim a sheoladh. Is éard atá sa leabhar ná rogha as colún Mháirtín ‘Beo go Deo’, a foilsíodh sa Connacht Telegraph. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘An Siopa Leabhair’ ar Facebook.

SEOLADH LEABHAIR: ‘Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora’ le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, Dé hAoine 23 Eanáir, 6.00in, Odessa Club (Events Room), Cúirt an Dáma, Baile Átha Cliath. Seolfaidh an tOllamh Cathal Ó Háinle an leabhar nua, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, a thugann léargas eile ar shaol agus ar shaothar Behan. Léigh a thuilleadh: https://tuairisc.ie/breandan-behan-ar-inis-oirr-an-t-udar-an-foilsitheoir-an-sagart-agus-an-leabhar-nar-scriobhadh/

DRÁMA: ‘The End’ le Samuel Beckett, á léiriú ag Mouth on Fire, Dé Luain 26- Dé Sathairn 31 Eanáir, 7.30in, The New Theatre, Baile Atha Cliath. Seó aonair le Marcus Lamb, a ghlac páirt Des O’Malley sa tsraithdhráma ‘Charlie’ a craoladh ar RTÉ le gaird. Dráma duairc dorcha faoi fhear a bhíonn ag siúl na sráideanna a bhainfeas idir dheor agus gháire as duine. (Réamhthaispeántas Dé Luain 26 Eanáir) Cead Isteach: €15 /€12 /€10 Tuilleadh eolais: https://www.thenewtheatre.com/

IMEACHT D’FHOGHLAIMEOIRÍ: ‘Blaiseadh den Ghaeilge’, Dé Sathairn, 24 Eanáir, 12.00- 1.00in, Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath. Déanfar do cumas sa Ghaeilge a mheas sula mbeidh deis freastal ar rang Gaeilge fiche nóiméad, rud a thabharfaidh léargas ar an stíl mhúinteoireachta a bhíonn in úsáid ag Gaelchultúr. Imeacht saor in aisce atá ann. Tuilleadh eolais: https://gaelchultur.com/ga/nuacht.aspx

Idir dhá cheann na hImní

SEÓ AONAIR agus Ceol: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna agus amhránaithe Thír Chonaill, Dé hAoine 23 Eanáir, ag a 7.30, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste a scríobh An Druma Mór, An Grá agus an Ghruaim, Mo Bhealach Féin agus go leor eile.  Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Leanfar le hoíche cheoil le hamhránaithe aitheanta ó Thír Chonaill, ina measc, Máire Ní Choilm, Maria McCool, Brian Danny Minnie agus fonnadóirí eile. Ócáid bhríomhar thaitneamhach a bheas ann le ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas cultúrtha agus liteartha Thír Chonaill. Cead isteach: €10.00

Ceolchoirm: ‘Toner Quinn’ Déardaoin 29 Eanáir, sa Little Museum of Dublin, i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Don cheolchoirm aonair seo, cuirfidh Toner Quinn, ar sarfhidléir é, stór leathan d’fhoinn thraidisiúnta i láthair, chomh maith le blaiseadh dá shaothair nua-chumtha. Ceolchoirm a chuirfear ar siúl sa músaem beag faoi theideal ‘Santa Rita’. Bí cinnte a bheith in am don fháiltiú fíona ag a 7in. Tosaíonn an ceolchoirm ag a 8in. Cead isteach: €15.00 Tuilleadh eolais: https://ergodos.ie/the-santa-rita-concerts/

Grainne-Holland-2CEOLCHOIRM: ‘Bewley’s @ 6’ le Gráinne Holland, Micky McCluskey agus Brendan Mulholland, Dé Máirt, 27 Eanáir ag a 6.00in, Amharclann Caife Bewley’s, Sráid Grafton, Baile Átha Cliath. Cuirfear tús breá le séasúr nua de cheolchoirmeacha tráthnónta ar ardán Bewleys an tseachtain seo leis an amhránaí álainn ó Bhéal Feirste, Gráinne Holland. Meascán d’amhráin Ghaeilge le Gráinne agus tiúineanna leis an fhliúiteadóir aitheanta Breandan Mulholland, agus tionlacan ó Micky McCluskey. Tá na ceolchoirmeacha rathúla seo á reáchtáil go míosúil ag Gael Linn ó 2008. Cead isteach: €15 Tuilleadh eolais: 087/2547574/niamh@gael-linn.ie

TAISPEÁNTAS: ‘Lár Tíre’, taispeántas Ilmheánach leis an ealaíontóir Pamela de Brí, 9 Eanáir – 24 Bealtaine, 2015, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, chaith Ann Mustoe a post múinteoireachta san aer agus thug sí faoi thuras timpeall na cruinne ar rothar. Seo an tríú taispeántas den tionscadal ‘Lár Tíre’, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, spreagtha ag Ann Mustoe, a thug í ar bhealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR) mar a bhí. Is taispeántas dátheangach, ilmheánach de ghriangraif, de leabhair nótaí, léarscáileanna, ghearrthóga fuaime, dhealbhóireacht agus fhíseán é Midland – Lár Tíre. Tuilleadh eolais:www.cucuart.com           


Cúige Uladh


SEOLADH LEABHAIR: ‘Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora’ le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, Dé Sathairn 24 Eanáir, Dánlann Dillon, An Chultúrlann Mac Adam Ó Fiach. Seolfar leabhar nua le Cló Iar-Chonnacht a thugann léargas eile ar shaol agus ar shaothar Behan.

Léigh a thuilleadh faoin leabhar:

https://tuairisc.ie/breandan-behan-ar-inis-oirr-an-t-udar-an-foilsitheoir-an-sagart-agus-an-leabhar-nar-scriobhadh/

CEARDLANN SEÁN NÓS: ‘Ceardlann amhránaíochta’ le Dominic Mac Giolla Bhríde, gach Aoine, 6-7in, Páirc na Mara in Áth na Long, Co. an Dúin. Beidh an ceoltóir clúiteach as Gaoth Dobhair, Doiminic Mac Giolla Bhríde ag cur ranganna ar fáil go seachtainiúil i gCo. an Dúin.  Beidh seisiún cóir i nDún Éigse, Caisleán Uidhilín ar siúl idir 7.30-9.00in as seo amach gach Aoine.  Tá tuilleadh eolais ar fail ó Sara Ní Chuireáin arboircheiochtar@gmail.com nó ar +4475 0042 8600.

SIÚLÓID TREORAITHE: ‘Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín’ ag déanamh siúlóide thar ar Bhaile an Locha, Dé Sathairn, an 24 Eanáir, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.


Cúige Mumhan


The Vespertine Quintet

CEOLCHOIRM: ‘The Vespertine Quintet le Liam ó Maonlaí’, Dé Luain 26 Eanáir, Coughlan’s Live, Corcaigh. Ceolchoirm atá á chur i láthair mar shraith d’oícheanta ceoil faoi théama ‘Oíche Geimhridh’ a mbíonn an Vespertine Quintet i dteannta ceoltóirí eile, ar an Luan deireanach den mhí. Cúigréad de cheoltóirí as iarthar Chorcaí atá ag tarraingt lucht féachana dílis chuig a gceolchoirmeacha míosúla.  Liam Ó Maonlaí a bheas mar aoi-cheoltóir an ghrúpa an uair seo. Tuilleadh eolais: https://entertainment.ticketsolve.com/venues/126558561/shows

CEOLCHOIRM: ‘Buille’, Dé Máirt 27 Eanáir, Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí. Ceolchoirm leis na deartháireacha Niall Vallely, Caoimhín Vallely in éineacht le Brian Morrissey, Ed Boyd agus Kenneth Edge. Déanfar an ceolchoirm seo a thaifeadadh dá albam úr a bheas á sheoladh san earrach. Tuilleadh eolais: https://www.vallelymusic.com/buille.htm


Cúige Chonnacht


Boicíní

DRÁMA: ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’, á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil, Dé Sathairn 25 Eanáir, 8.00in, Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh. Leagan Gaeilge le Mícheál Ó Conghaile den dráma ‘The Kings of Kilburn High Road’ atá sa léiriú seo, atá ar ais sa Taibhdhearc de bharr éilimh ó phobail an iarthair. Léargas ar scéal na deoraíochta a dhíríonn ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí. Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiaidh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag chuile dhuine acu idir an dá linn. De bhua an ghrinn agus na tragóide, tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol daoine a thug aghaidh ar an mbád bán. Cead isteach: £12/£10 Tuilleadh eolais: https://antaibhdhearc.com/shows/boicini-bhothar-kilburn/ Léirmheas ar fáil: https://tuairisc.ie/boicini-bhothar-kilburn/)

OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le DJ Will Softley agus Disconaut’, Dé hAoine 23 Eanáir, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de na hoícheanta is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bí ag súil le buillí domhanda agus func fáistineach agus urlár lán daoine i mbun damhsa. Tuilleadh eolais. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.

SEISIÚN: ‘Simon Delaney agus George Grasso ’, Dé Sathairn 24 Eanáir, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Seisiún ceoil breá, tine mhór agus atmaisféar den scoth le Simon Delaney (amhránaí) agus George Grasso (féadóg mhór). Béar oscailte ar a 8.30in. Seisiún ar siúl ón 9.30in. Tuilleadh eolais. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.

IMEACHT D’FHOGHLAIMEOIRÍ: ‘Oíche na bhFoghlaimeoirí’, Dé Céadaoin 28 Eanáir, 8in, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá an-tóir ar an oíche shóisialta seo atá á reáchtáil sa bhéar in Áras na nGael, ina dtagann idir óg agus aosta le chéile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh chuile sheachtain. Beidh tine ar caorthainn, tae go leor agus deochanna ón bheár. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.


Timpeall na Tíre


Maura O’Connell agus Karan Casey, ar chamchuairt timpeall na tíre.

Aithnítear iad seo ar an chuid is fearr d’amhránaithe na tíre; chan Maura O’Connell le Dé Danann agus The Chieftans agus bhí Karen Casey ina príomhamhránaí ar Solas sna 90í. Tá siad tagtha le chéile chun sraith ceolchoirmeacha a chur ar siúl, ó cheann ceann na tíre, in éineacht le Martin Tourish, a sheinn le Altan, agus an giotáraí aitheanta Ed Boyd. Meascán de cheol traidisiúnta agus ceol tuaithe Mheiriceá a bheidh le chloisteáil. Deis den scoth na sáramhránaithe seo a fheiceáil ar aon ardán amháin. Tuilleadh eolais: https://www.musicnetwork.ie/

Dé hAoine, 23 Eanáir – Ionad Ealaíona Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara.
Dé Sathairn, 24 Eanáir, Ionad Ealaíona Ros Comáin
Dé Domhnaigh, 25 Eanáir, An Clochán, Gaillimh

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar cnag.ie.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'