Brendan Behan ar Inis Oírr – an t-údar, an foilsitheoir, an sagart agus an leabhar nár scríobhadh

Léargas eile ar shaol agus ar shaothar Behan i leabhar nua faoi stair Sáirséal agus Dill

Brendan Behan ar Inis Oírr – an t-údar, an foilsitheoir, an sagart agus an leabhar nár scríobhadh

MTE4MDAzNDEwNDUwNDE3MTY2

Tugann leabhar nua faoi stair na bhfoilsitheoirí Sáirséal agus Dill léargas eile dúinn ar shaoil agus ar shaothair cuid de mhórscríbhneoirí Éireannacha na linne seo, ina measc Breandan Behan.

I measc na scéalta is suimiúla, is greannmhaire agus is truamhéalaí i Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéál Foilsitheora, tá an cuntas ann ar an dtréimhse a thug an Beachánach ar Inis Oírr, mar a raibh sé in ainm is a bheith ag foghlaim Gaeilge agus ag scríobh an leabhair a foilsíodh ina dhiaidh sin mar The Borstal Boy.

I mí Aibreáin 1953 fuair Sáirséal agus Dill litir ó Behan ag lorg íocaíocht sheachtainiúil chun seal a chaitheamh sa Ghaeltacht ag scríobh ‘faisnéis phearsúntúil’ faoin dtréimhse a chaith sé i mBorstal Hollesley Bay i Sasana.

In ainneoin go raibh cáil an druncéara ar Behan faoin dtráth seo, shocraigh  Seán Ó hÉigeartaigh, a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta ceannródaíoch lena bhean Bríghid, dul sa tseans agus £4 sa tseachtain a thabhairt do Behan chun dul go hInis Oírr.

D’aithin Ó hÉigeartaigh go raibh féith na litríochta “go fíor” i mBehan, ach ní fada go raibh sé in amhras faoi an raibh beart de réir a bhriathair á dhéanamh ag an mBeachánach ar Inis Oírr.

Scríobh Máirtín Ó Cadhain litir chuig Ó hÉigeartaigh ar an 27 Meitheamh ag tabhairt foláirimh dó nach chun leas a ghnó a bheadh sé dá rachadh an scéal amach go raibh airgead á thabhairt aige do Behan dul go hÁrainn “lena pietas ar fad a mhaslú”.

“Tá seaneolas agam ar Behan agus ní fhoghlaimeoidh sé níos mó Gaeilge ná mar atá aige,” a scríobh an Cadhnach.

Seachtain ina dhiaidh sin, scríobh an foilsitheoir chuig Behan féin ag rá gur bheag seans go bhfaigheadh sé breis maoinithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun fanacht sa Ghaeltacht dá dtuigfí gur ag “síorthaisteal” agus “ag milleadh pietas Árann” a bhí sé.

“Samointigh gur Árann na Naomh atá agat!” a dúirt an foilsitheoir.

Mar fhreagra air sin, dúirt Behan gur thaithin an t-oileán agus muintir an oileáin leis agus go raibh ag éirí go maith leis. “Cuir chugam airgead,” a scríobh sé ar an 8 Iúil 1953.

Faoin am seo, bhí scéalta cloiste ag Ó hÉigeartaigh go raibh níos mó ama tugtha ag Behan ag ól ar Inis Mór agus ar an mórthír ná mar a bhí caite aige i mbun foghlama agus scríbhneoireachta ar Inis Oírr féin.

???????????????????????????????
Seán Ó hÉigeartaigh, foilsitheoir foighneach

Bheartaigh an foilsitheoir scríobh chuig an Athair Tadhg Ó Móráin ar Inis Oírr féachaint arbh fhíor do na ráflaí a bhí cloiste aige go raibh an scríbhneoir i dtrioblóid leis na Gardaí toisc é a bheith ar meisce agus “ag tógáil clampair i gcoitinne”.

Níor mhaith leis, a dúirt an foilsitheoir, go mbeadh Behan “ag tabhairt scannail do nó ag cur isteach ar bhealach ar bith eile ar mhuintir na Gaeltachta, nach bhfuil, is cinnte, i dtaithí fir fhiáine mar é”.

Ar an 3 Meán Fómhair scríobh an tAthair Ó Móráin chuig Ó hÉigeartaigh ag cur in iúl dó gur “beag am” a bhí caite ag Behan ar na hoileáin.

Ní raibh aon locht ar an sagart “ar an gcaoi ar iompair” an scríbhneoir é féin fad is a bhí sé ar Inis Oírr, ach bhí sé ar meisce an “chuid is mó den am” a chaith sé in Árainn Mhóir.

Ba ina dhiadh sin a fuair an foilsitheoir litir eile ó Behan ag rá leis go raibh “argóint” aige le Garda Síochána i Ros a’ Mhíl ach nár “nua scéal é sin” aige.

“Cloisfidh tú scéalta mar gheall orm-sa go dtí go mbeidh mé marbh agus i bhfad ina dhiaidh sin (tá súil agam),” a scríobh Behan.

Ach bhí ag Ó hÉigeartaigh bailithe de gheallúintí Behan faoin dtráth seo agus scríobh sé chuig an Athair Ó Móráin ar an 9 Meán Fómhair go ndealródh sé “nárbh fhiú a chur ar a chumas [Behan] fanacht níos faide sa Ghaeltacht”.

Bhí deireadh na foighne caite ag fear Sáirséal agus Dill agus ar an 11 Meán Fómhair chuir sé litir chuig Behan ag rá nárbh aon mhaith “coicíos ragairne, agus ansin imeacht leat ar feadh trí seachtaine, agus ansin filleadh ar feadh seachtain nó dhó eile…”

Ba léir go raibh an foilsitheoir cráite ag iompar an scríbhneora.

“An bhfuil, i ndáiríre, feabhas ar bith ar do chuid Gaeilge de bharr do shamhraidh? An bhfuil nótaí ar bith tógtha agat, staidéar ar bith déanta, nó fiú cuid ar bith den leabhar scríofa agat?… Ní hé go bhfuil aon locht agamsa ar an ragairne – beatha duine a thoil, agus má sholáthraíonn tú litríochta domsa, is cuma liom conas a chaitheann tú do shaol. Ach airgead na Comhdhála is ar mhaithe le Gaeilge atá sé le caitheamh agus is deacair liom anois dul i mbannaí ort…”

Mar fhreagra ar an méid sin, dhein Behan a fhaoistin i litir mhacánta uaidh ar an 17 Meán Fómhair:

“Mar gheall ormsa bheith ag ól. Olaim an iomarca uaireanta. Tá an ceart agat. Is mó an namhad an t-ól d’aon gheallúint litríochta ná rud ar bith… Admhaím go raibheas ag ól. Admhaím freisin ná rinne mé nótaí ar bith… Ach ceapaim ina dhiaidh sin is uilig go bhfuilim ag foghlaim focal beag Ghaeilge, go bhfuilim ag gabháil isteach ar bhealach an deise seo, a bheas mar uirlis litríochta agam, uair éicint, le cabhair duine ar bith, Comhdháil ar bith, nó gan í.”

Faoi dheireadh na bliana 1953, bhí £107 tugtha ag Sáirseál agus Dill do Behan agus bhí sagart paróiste Inis Oírr ag tuairisciú “go raibh sé ag dul ar aghaidh go maith agus ag fanacht ciúin socair”.

Faoi earrach na bliana 1954, ní raibh aon radharc fós ar an leabhar a gheall Behan cé go raibh aistí á bhfoilsiú i mBéarla aige ar an nuachtán People faoin ábhar céanna.

Scríobh an foilsitheoir chuige ar an 24 Márta 1954 ag cur i gcuimhne dó an socrú a bhí déanta leis agus an t-airgead a bhí tugtha dó: “…ach ar son Dé scríobh leabhar na Gaeilge agus ná loitear é ar son aon cheirt Shasanach”.

Is i mBéarla mar The Borstal Boy a foilsíodh saothar Behan sa deireadh i 1958.

In ainneoin gur loic sé orthu, lean an cairdeas idir Behan agus muintir Uí Éigeartaigh agus blianta ina dhiaidh sin dúirt sé le Bríghid go raibh scríbhinn uaidh ag dul do Sháirséal agus Dill mar chúiteamh ar an dtréimhse a chaith sé sa Ghaeltacht.

“Faraor,” mar a deir údair Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora, “chuaigh na fiacha sin san uaigh leis”.

– Tá Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht) le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt le seoladh Dé hAoine, an 23 Eanáir, ag 6.00 i.n. san Odessa Club (Events Room), Cúirt an Dáma, BÁC 2.

Fág freagra ar 'Brendan Behan ar Inis Oírr – an t-údar, an foilsitheoir, an sagart agus an leabhar nár scríobhadh'