Iarrtha ar an Rúis éirí as an marú ‘mire’ tar éis a hionsaí ollmhór ar Chív

Maraíodh ar a laghad 18, ceathrar páistí ina measc agus gortaíodh na scórtha eile sa mbuamáil, a deir údaráis na hÚcráine

Iarrtha ar an Rúis éirí as an marú ‘mire’ tar éis a hionsaí ollmhór ar Chív

Tá fios curtha ag an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar thaidhleoirí sinsearacha de chuid na Rúise tar éis ionsaí ollmhór a bheith déanta ar Chív, príomhchathair na hÚcráine, ionsaí inar maraíodh 18 duine.

Maraíodh ar a laghad 18, ceathrar páistí ina measc agus gortaíodh na scórtha eile sa mbuamáil, a deir údaráis na hÚcráine. Scriosadh foirgneamh cónaithe cúig stór agus rinneadh damáiste do mhisean an AE agus Chomhairle na Breataine atá in aice láimhe. Gheall Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go gcoinneofaí “an brú is mó” ar an Rúis.
Dúirt Von der Leyen gur léiriú a bhí san ionsaí i gCív “nach mbeadh aon stopadh ar sceimhlitheoireacht na Rúise ar an Úcráin agus sibhialtaigh, fir, mná agus leanaí á marú acu, fiú amháin ag díriú ar an Aontas Eorpach”.
Maíonn an Rúis go bhfuil “suim fós” aici sa taidhleoireacht ach go leanfadh sí leis na hionsaithe ar an Úcráin.
Dúirt urlabhraí de chuid Oifig Gnóthaí Eachtracha na Breataine gur “ionsaithe náireacha” a bhí in ionsaithe na Rúise ar Chív i rith na hoíche. Dúradh sa ráiteas freisin go raibh an Oifig Gnóthaí Eachtracha tar éis “a chur in iúl go soiléir” d’ambasadóir na Rúise nach ndéanfadh a leithéid d’ionsaí ach “tacaíocht na Ríochta Aontaithe agus thíortha an iarthair don Úcráin a neartú”.
“Ní mór don Rúis éirí as an scrios agus an marú mire seo láithreach bonn,” a dúradh sa ráiteas.
Tharla ionsaithe na hoíche aréir tar éis feachtas taidhleoireachta faoi cheannas na Stát Aontaithe a bhí ag iarraidh teacht ar bhealach le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer go raibh Vladimir Putin na Rúise “ag scrios aon dóchas a bhí ann go ndéanfaí síocháin”.
Dúirt Ceannasaí Gnóthaí Eachtracha an AE, Kaja Kallas, go ndearna an Rúis cinneadh d’aon turas “an cogadh a ghéarú agus ceap magaidh a dhéanamh de na hiarrachtaí síochána”.
D’iarr Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, go gcuirfí “smachtbhannaí diana nua” ar an Rúis agus dúirt gur roghnaigh an Rúis “balaistíocht seachas bord na hidirbheartaíochta”.
D’áitigh fórsaí na hÚcráine gur scaoil fórsaí na Rúise beagnach 600 drón agus breis is 30 diúracán balaistíochta agus cúrsála i rith na hoíche, an t-ionsaí is mó ar an bpríomhchathair le mí.
Dhá bhliain d’aois a bhí duine de na leanaí a maraíodh aréir, agus 14 agus 17 a bhí beirt déagóirí, a deir na húdaráis agus dúradar gur gortaíodh roinnt leanaí eile san ionsaí.

Fág freagra ar 'Iarrtha ar an Rúis éirí as an marú ‘mire’ tar éis a hionsaí ollmhór ar Chív'